Barr Smaise le… Eibhlín Ní Chonghaile

Is í Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Eibhlin-Ni-Chonghaile-Celt-Media-PressNa trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…comhaimseartha, compordach agus clasaiceach.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Olivia Palermo agus José Mourinho.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Cardigan le mo mháma (beannacht Dé lena hanam).

Penneys, Brown Thomas nó….

….aon siopa eile a bhfuil rudaí deasa ann!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…airde séiream agus uachtar cinn aghaidh ó Environ.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Uachtar cinn aghaidh Environ avst 5, uachtar súl Environ agus balsam béil Kiehl’s.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

Ní bheidh a leithéidí do choinne agam arís faraor!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…hoodie agus bróga reatha.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Image agus Vogue

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

A bheith ró-ghléasta ar Nuacht TG4 fadó nuair a thosaigh muid amach. Bhíodh muid réitithe mar a bheadh muid ag dul ar bhainis. Botún na hóige!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Eibhlín Ní Chonghaile'