Barr smaise…le Bernie Ní Fhlatharta

Is í Bernie Ní Fhlatharta, iriseoir aitheanta a chuaigh ar scor ón gConnacht Tribune le gairid a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Bernie Ní Fhlatharta

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

dána, difriúil ach trína chéile go minic, leis an oiread stíleanna measctha.

Na pearsain aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Gok Wan, Máire Geoghegan-Quinn agus Oprah Winfrey.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Mo fhear céile! Ach i ndáiríre, péire bróga dubha le sparkles le caitheamh ag cóisir atá an-chompordach ach nach bhfuil faiseanta níos mó.

Penneys, Brown Thomas nó…

…siopaí beaga nó boutiques mar gur maith liom tacaíocht a thabhairt do dhaoine in áit comhlachtaí móra.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…uaireadóir le Michael Kors no gúna le Diane Von Furstenberg.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Béaldath, cumhrán agus uachtar den ainm ‘Elizabeth Arden Eight Hour Cream’.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

an áit a phiocadh agus mo bhealach féin a íoc!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…gúna!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is brea liom Vogue nó Marie Claire a fheiceáil le bheith ag breathnú ar na pictúir iontacha.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

An tseachtain seo caite, ag coisír nuair a d’éirigh mé as an obair mar iriseoir don Connacht Tribune – barr le patrún paisley a bhí go hálainn orm sa siopa ach a bhreathnaigh uafásach sna pictiúir!

Fág freagra ar 'Barr smaise…le Bernie Ní Fhlatharta'