BARR SMAISE…le Áine Lally

Is í Áine Lally, iriseoir le Nuacht TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Aine Lally TG4

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Dubh, Simplí agus Banúil

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Tá stíl álainn ag na haisteoirí Jennifer Aniston, agus Blake Lively. Tá stíl fhaiseanta freisin ag baint le Hugh Jackman, Ryan Reynolds and George Clooney.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Tá gúnaí agam le tamall agus is dóigh nár mhaith liom iad a chaitheamh amach. Deirim i gcónaí gur mhaith liom iad a chaitheamh lá éigin arís… amach anseo!

Penneys, Brown Thomas nó….

Pennys níos minice ná BTs. Agus is breá liom Zara.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

An oiread gúnaí, seaicéad agus bróga agus a d’fhéadfainn – go dtí go mbeadh gach cent caite.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Triomadóir gruaige, mascára agus béaldath – dearg nó corcra.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

Braitheann sé ar an láthair agus ar an aimsir – seans go gcaithfinn jeans, seaicéad deas agus sálaí arda.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

Éadach a bheadh róbheag nó éadach a d’fhágfadh an duine sin míchompordach.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is maith liom Grazia, InStyle, Look, Elle, Glamour agus Vogue.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Tá roinnt mhaith botún faisin déanta agam, go háirithe ar an scáileán. An ceann is measa is cuimhneach liom, cóta dubh a raibh drochchuma air a chaitheamh os comhair ceamara. Nuair a chonaic an ceamaradóir a bhí ag obair liom ar an lá mé, níor stop sé ag magadh fúm… ar feadh an lae. Nílim ‘gabháil é a chaitheamh go deo arís!