‘Barántas’ ar bith ó Roinn na Gaeltachta go mbeidh seirbhís aeir ag Oileáin Árann an mhí seo chugainn

Inniu an spriocdháta is déanaí do thairiscintí don tseirbhís aeir d’Oileáin Árann agus tiocfaidh deireadh leis an gconradh atá ag Aer Arann Islands an tseirbhís a chur ar fáil ag deireadh Mheán Fómhair

‘Barántas’ ar bith ó Roinn na Gaeltachta go mbeidh seirbhís aeir ag Oileáin Árann an mhí seo chugainn

Ní féidir le Roinn na Gaeltachta aon bharántas a thabhairt go leanfar leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann fad is atá an próiseas tairisceana don aersheirbhís fós ag dul ar aghaidh.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie inné den Roinn an bhféadfaí a leithéid de bharántas a thabhairt, dúradh gurb é an “sprioc” a bhí ag an Roinn nach mbeadh aon bhriseadh i soláthar na seirbhíse aeir agus go rabhthas ag “scrúdú na bhféidearthachtaí” maidir leis an “sprioc” sin a bhaint amach.

“Bhí sé i gcónaí, agus tá sé fós mar sprioc ag an Roinn go mbeidh seirbhís aeir ar fáil d’Oileáin Árann tar éis Mheán Fómhair 2016,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie.

Tiocfaidh deireadh leis an gconradh atá ag Aer Arann Islands an tseirbhís aeir a chur ar fáil ag deireadh Mheán Fómhair.

Ní fhéadfadh urlabhraí na Roinne a rá ach an oiread cé chomh fada is a thógfaidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le toradh an phróisis.

“Ní féidir a rá cén fhad a thógfaidh an próiseas measúnaithe ar na tairiscintí.  Tá gach próiseas éagsúil,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Amárach an spriocdháta is déanaí do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann, agus dúirt an t-urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie inné go raibh “an Roinn fós ag feidhmiú ar an tuiscint sin”.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg don chonradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus cuireadh siar seacht n-uaire an spriocdháta do thairiscintí ó shin.

Bhí moill ar an bpróiseas toisc nach raibh aon socrú déanta maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís.

Cé gur thángthas ar réiteach ar an gceist sin, cuireadh siar an spriocdháta do thairiscintí arís ag tús na míosa seo mar nach rabhthas sásta gur tugadh dóthain ama d’iarratasóirí scrúdú a dhéanamh ar an socrú a rinne Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine.

Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur chuir an tArd-Aighne comhairle ar Roinn na Gaeltachta gan fad eile a chur le conradh Aer Arann Islands. Lorg an Roinn comhairle an Ard-Aighne féachaint an bhféadfaí síneadh ama a chur le conradh Aer Arann Islands.

Tugadh fógra scoir d’fhoireann Aer Arann Islands le déanaí agus dúradh leo go dtiocfadh deireadh lena gcuid fostaíochta ach a dtiocfadh deireadh leis an gconradh don aersheirbhís ag deireadh na míosa.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iarAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Fág freagra ar '‘Barántas’ ar bith ó Roinn na Gaeltachta go mbeidh seirbhís aeir ag Oileáin Árann an mhí seo chugainn'