Baol príosúin do 50 gníomhaí Breatnaise nach bhfuil sásta ceadúnas teilifíse a íoc

Tá feachtas ar bun ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg le go mbeadh níos mó Breatnaise ar sheirbhísí náisiúnta teilifíse na Breataine Bige

Baol príosúin do 50 gníomhaí Breatnaise nach bhfuil sásta ceadúnas teilifíse a íoc

D’fhéadfadh go gcuirfí suas le leathchéad gníomhaí teanga sa Bhreatain Bheag chun príosúin toisc nár íoc siad as a gceadúnas teilifíse mar chuid d’fheachtas atá ar bun ag an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg.

Tá an eagraíocht ag iarraidh an smacht atá ag Westminster ar chainéil na Breataine Bige a bhriseadh agus an chumhacht sin a thabhairt do Cynulliad Cenedlaethol Cymru, tionól na Breataine Bige in Caerdydd. Tá lucht an fheachtais ag éileamh chomh maith go gcraolfaí níos mó ábhar Breatnaise.

Tá sé curtha i leith an BBC ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg go gcaitheann an craoltóir náisiúnta leis an mBreatain Bheag mar a bheadh cúige de chuid Shasana seachas náisiún.

Tá costas £147 (€171) ar cheadúnas teilifíse sa Bhreatain Bheag. Tá diúltaithe ag tuairim is 50 ball de Cymdeithas yr Iaith Gymraeg an táille sin a íoc mar chuid den fheachtas, cathaoirleach na heagraíochta, Heledd Gwyndaf ina measc.

Dúirt Gwyndaf go bhfuil baill a heagraíochta “bréan de na meáin chumarsáide a dhéanann neamhaird ar an mBreatnais agus ar dhaonlathas na Breataine Bige”. Dúirt sí gur ardú croí a bhí ann go bhfuil cainteoirí Breatnaise ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirt san fheachtas.

Is í Roinn an Chultúir, na Meán, agus an Spóirt i Westminster atá i gceannas ar S4C agus BBC Cymru i láthair na huaire. D’fhógair an Roinn sin anuraidh go ndéanfaí an maoiniú a chuirtear ar fáil do S4C a chosaint.

Mar sin féin, tá Cymdeithas yr Iaith Gymraeg ag iarraidh go n-aistreofaí an chumhacht sin ó Londain go Caerdydd le go mbeifear in ann an tseirbhís Bhreatnaise a chuireann S4C ar fáil a leathnú agus le go mbeadh Údarás S4C, in ionad OfCom, mar Údarás Craolacháin sa Bhreatain Bheag.

“Idir an easpa Breatnaise ar an raidió tráchtála, ar an teilifís áitiúil, na ciorruithe móra ar S4C agus a laghad ábhar Breatnaise atá sna meáin, is léir nach ar leas mhuintir na Breataine Bige atá na meáin chumarsáide á rith ag Londain.

“Teastaíonn uainn gurbh iad muintir na Breataine Bige a dhéanfadh na cinntí a bhaineann leis na meáin sa Bhreatain Bheag. Is mithid an  chraoltóireacht a chineachadh,” a dúirt Gwyndaf.

Mhaígh Heledd Gwyndaf freisin go bhfuil “easnamh ó thaobh an daonlathais” ann sa Bhreatain Bheag mar go mbíonn na craoltóirí náisiúnta ag tuairisciú ar chinntí a mbíonn tionchar acu ar Shasana agus ar Shasana amháin, dar léi.

Thug rialtas Westminster le fios níos luaithe i mbliana go mbeadh díospóireacht ann faoin gceist seo mar chuid den athbhreithniú atá le déanamh ar S4C níos deireanaí i mbliana.

Tá tacaíocht tugtha ag na páirtithe polaitíochta Plaid Cymru agus na Liberal Democrats don rún go mbeadh parlaimint na Breataine Bige i gceannas ar na craoltóirí Breatnacha.

Fág freagra ar 'Baol príosúin do 50 gníomhaí Breatnaise nach bhfuil sásta ceadúnas teilifíse a íoc'