Baol na sceimhlitheoireachta ina chúis imní ag Euro 2016 ach foireann na hÉireann ag ullmhú i Versailles

Póilíní as tíortha éagsúla a bhfuil saintaithí acu ar a bheith ag plé le sceimhlitheoireacht, póilíní Éireannacha ina measc, sa Fhrainc le páirt a ghlacadh san oibríocht i gcoinne ionsaithe ansin

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch in Éirinn le luath-theacht an tsamhraidh, bhí tuilte móra tubaisteacha sa Fhrainc mar gheall ar an bhfearthainn throm. Tá an drochaimsir ag cur leis an mbrú a bhaineann leis na hullmhúcháin do Euro 2016, ach is measa an scéal arís mar gheall ar stailceanna an lucht oibre.

Ar maidin, bhí málaí bruscair ag carnadh ar an tsráid taobh amuigh de m’árasán féin. Tá francaigh le feiceáil go rialta anois i gcuid de na arrondissements sa chathair agus tá lucht bailithe an bhruscair go fóill ar stailc agus tús á chur leis an gcomórtas mór Euro amárach.

Inniu féin ghairm ceann de na ceardchumainn mhóra náisiúnta, CGT (Confédération Générale du Travail) stailc iompair eile de chuid SNCF, an comhlacht náisiúnta iarnróid.

Sa mhullach ar na deacrachtaí sin, tá baol na sceimhlitheoireachta ann go seasta anois sa Fhrainc. Tá bagairt ar leith ar an gcomórtas seo go háirithe. Tá François Holland agus a rialtas siúd ar a seacht ndícheall ag iarraidh a chur ina luí ar mhuintir na Fraince, agus ar mhuintir na hEorpa trí chéile, gur féile mhór shultmhar spraíúil Eorpach a bheidh in Euro 2016.

Bhí cluiche mór ann an mhí seo caite idir Olympique de Marseille agus Paris Saint Germain a bhí mar thriail ó thaobh cúrsaí slándála de. Ábhar mór míshuaimhis é gur éirigh le cuid den lucht féachana pléascóga tine a thabhairt isteach sa staid leo.

Bíonn tuairiscí ar na cláir nuachta náisiúnta gach tráthnóna faoin scéal is déanaí maidir leis na mór-oibríochtaí slándála atá idir lámha chun dul i ngleic le laigí den chineál seo. Beidh vigipirate, staid éigeandála náisiúnta, i bhfeidhm i rith an chomórtais agus beidh fórsaí breise slándála fostaithe leis na staideanna, ionaid an lucht leanúna, limistéir phoiblí ina bhfuil na cluichí á dtaispeáint ar scáileáin mhóra agus áiteanna traenála a chosaint.

I bhfianaise na n-eachtraí a thit amach ag cluiche ceannais Chraobh na Fraince, tá sé tugtha le fios ag Michel Cadot, maor phóilíní Pháras, go bhfuil géarú agus feabhsú déanta i dtaca leis na bearta slándála i Parc des Princes agus sa Stade de France.

Tá na póilíní le sonrú ar na sráideanna, agus tá seiceálacha á ndéanamh go coitianta anois ar mhálaí i siopaí, i bpictiúrlanna agus ar an mbealach isteach i bpáirceanna.

Mar bharr ar an donas, ná déanaimis dearmad na bithiúnaigh a thaithíonn cluichí sacair in amanna, pé scéal é. Bhí an baol a bhaineann leo agus lena ngníomhartha gránna mar phríomhscéal Euro 2016 ar nuacht na hoíche aréir. Beidh póilíní as tíortha éagsúla a bhfuil saintaithí acu ar a bheith ag plé lena leithéid, póilíní Éireannacha ina measc, sa Fhrainc le páirt a ghlacadh san oibríocht i gcoinne na ndaoine trioblóideacha seo. Tá aird á díriú go speisialta ar an mbagairt a mhothaítear a bheith ann ag an gcluiche idir Sasana agus an Rúis Dé Sathairn.

Dá smaoineofá air, shílfeá go mbeadh Páras faoi smúid agus faoi ghruaim. Ach ní hamhlaidh atá. Bhí an ghrian ag taitneamh arís maidin inniu agus tá bús agus beogacht faoi mhuintir na cathrach de réir mar atá tús an chomórtais ag druidim linn nuair a rachaidh an Fhrainc chun páirce chun aghaidh a thabhairt ar an Rómáin.

Robbie Keane i mbun traenála inniu. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Robbie Keane i mbun traenála inniu. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Idir an dá linn, tá foireann Phoblacht na hÉireann in Versailles ag ullmhú don chluiche mór acu féin i gcoinne na Sualainne. Inniu ar 11rn, bhí sé d’ádh ar roinnt leantóirí agus ar bhuaiteoirí comórtas cúnamh a thabhairt ag an seisiún traenála oifigiúil poiblí a bhí ag an bhfoireann i staid Montbauron in Versailles.

Ina dhiaidh sin, bhí fáiltiú ag Ambasadóir na hÉireann do na himreoirí i bPálás Trianon, ócáid in áit na galántachta le misneach agus spreagadh a thabhairt don fhoireann.

Tá muintir Versailles ag cur spéis mhór ina n-aíonna speisialta agus iad ag fanacht sa chathair stairiúil. Tá ceachtanna ar chúrsaí a bhaineann le hÉirinn á dteagasc i gcuid de na scoileanna áitiúla, agus níos luaithe an tseachtain seo bhí léiriú ar an bpeil Ghaelach ag Gaeil Pháras CLG, i gcomhar le halla baile Versailles, do bhunadh na háite.

I mo theaghlach féin, is beag caint atá á déanamh faoi chúrsaí slándála agus stailceanna. Cé gurb as cathair Pháras do mo chuid pháistí, is tacadóirí de chuid fhoireann na hÉireann go smior iad. Bíonn siad ag malartú greamaitheoirí luachmhara d’imreoirí Francacha lena gcuid cairde ar scoil ar ghreamaitheoirí d’imreoirí Éireannacha, agus tá na bratacha agus na bráisléid réidh acu don Luan. Tá deacracht ar leith ag mo mhac Liam, áfach, le comórtas seo Euro 2016. Beidh sé ag iarraidh lán tacaíochta a thabhairt d’Éirinn, ach san am céanna an meas mór atá ina chroí istigh aige ar Zlatan, rí an tsacair (dar leis féin), a léiriú chomh maith. Má scórálann Zlatan cúl in aghaidh na hÉireann ar an lá mór, ní bheidh Liam bocht in ann an dá thrá a fhreastal! Is fada go mbeidh an Luan linn!

Fág freagra ar 'Baol na sceimhlitheoireachta ina chúis imní ag Euro 2016 ach foireann na hÉireann ag ullmhú i Versailles'

  • Fearn

    “ach foireann na hÉireann ag ullmhú i Versailles”

    An bhfuil dul amú orm, nó nach bhfuil dhá fhoireann ag Éirinn ann, idir Sé is Fiche Sé?