Bánú na tuaithe i gCorca Dhuibhne – ualach tithe, ach easpa teaghlach

Mura féidir le daoine maireachtaint go buan i bpobal, ní bheidh san áit ach baile bréige ar nós 'Kirrary' 'Ryan's Daughter' fadó

dun-chaoin-chiarrai-_93742

D’fhógair an Ghníomhaíocht Tithíochta an tseachtain seo go bhfuil 11,500 tigh gan chónaí i gCo. Chiarraí, cothrom le 17% de stoc tithíochta an chontae. Tá an figiúr san olc a dhóthain, tráth go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír agus pobal gan díon ná dídean, ach níl sa bhfigiúr úd ach cuid den scéal; níl tithe samhraidh san áireamh san in aon chor. Tá paistí de Chontae Chiarraí, limistéir mhóra Ghaeltachta ina measc, ina bhfuil tuairim agus dhá thrian de na tithe ar fad folamh ar feadh tréimhse fhada den mbliain.

Ní haon scéal nua é seo gan dabht. Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil iarthar na tíre ach go háirithe, ó Inis Eoghain go Cionn tSáile, breac le tithe samhraidh, nó ‘tithe fáinleoga’ mar a thugtar orthu ós rud é nach mbíonn éinne neadaithe iontu ach ar feadh cúpla seachtain i rith an tsamhraidh. Is mó buntáiste a bhain muintir na háite as na tithe seo tamall; b’iad a dhíol na suímh, b’iad a thóg iad, agus anois is iad a bhíonn ag tabhairt aire dóibh agus á gcothabháil istigh agus amuigh. Tagann daoine breátha inár measc gach samhradh agus cuirid go mór le hanam agus le beocht na bpobal.

Ach tá fadhb á nochtadh féin anso i gCorca Dhuibhne le bliain nó dhó anuas, in ainneoin na dtithe folmha ar fad, fadhb atá ag cur geilleagar agus sochaí na háite i mbaol – easpa tithe ar chíos réasúnta fadtéarmach. Istigh i mbaile an Daingin féin is measa atá cúrsaí, cé gur tháinig méadú ollmhór ar líon na n-áitreabh i rith ré an tíogair cheiltigh (RIP). D’fhás eastáit tithíochta nua aníos timpeall an bhaile fé mar a fhásfadh scata púca peill tar éis oíche báistí. Dá sheasfá ar Chnoc a’ Chairn os cionn an bhaile thaibhseofaí dhuit gur mhéadaigh achar an bhaile fé dhó ó thús na 1990í.

Ba dhóigh leat go mbeadh tarrac ar leapacha ar fáil dóibh siúd atá ag obair sa bhaile, ar bhonn séasúrach nó go lánaimseartha. Ní hamhlaidh atá, áfaigh; tá ag dul do scata oibrithe aon áit a fháil lena hataí a gcrochadh, agus táid i dtaobh le cúitseanna a gcarad nó brúnna turasóireachta chun néal codlata a dhéanamh. Tá scéalta cloiste againn faoi chefeanna atá ag éirí as a gcuid oibre cheal lóistín, oibrithe i monarchana éisc atá ag taisteal chun na hoibre ó Thrá Lí gach maidin toisc nach bhfuil aon áit dóibh sa Daingean, agus lánúnacha óga áitiúla atá ad’iarraidh bogadh abhaile ós na cathracha ach nach féidir leo aon tithe a fháil ar cíos.

Ach tá tithe ar fáil ar cíos sa bhaile feadh an ama. Sé sin, má tá idir €600 agus €3000 sa tseachtain agat, agus mura bhfuil tigh uait ach ar feadh seachtaine nó dhó. Má fhéachann tú ar shuíomh www.daft.ie, mar shampla, ní bhfaighidh tú aon tigh ar cíos in aon chor i mbaile an Daingin, ach tá 176 ‘tigh saoire’ ar fáil. Tá na tiarnaí talún in ann airgead mór a fháil ó thurasóirí ar feadh an tsamhraidh, agus gan aon fhonn orthu a dtithe a ligint go fadtéarmach. Sin nádúr an tiarna talún – an sochar is mó a fháil ar a chuid infheistíochta – ach fágann sé sin iad siúd gur mian leo obair agus maireachtaint san áit, agus páirt iomlán a ghlacadh i bpobal na háite, in áit na leathphingine.

Mura féidir le daoine maireachtaint go buan i bpobal, ní bheidh san áit ach baile bréige ar nós ‘Kirrary’ Ryan’s Daughter fadó. Mura bhfuil daoine in ann maireachtaint san áit, cé a dhéanfaidh friotháilt ar na turasóirí atá mar bhonn ag an ngeilleagar áitiúil?

Ach ní ar na tiarnaí talún atá an locht ar fad. Tá sciar deas den stoc tithíochta ag na bainc (nach cuimhin libh iad siúd? Na créatúir bhochta de bhaincéirí a d’ardaíomar-ne amach as umar na haimléise?), scata tithe a thógadar ar láimh ó fhorbróirí tithíochta agus lucht gnó atá gan tráithnín anois (mar dhea). Ní maith leo siúd tionóntaí a bheith acu; má ghlacann siad tigh ar láimh ina bhfuil daoine ag maireachtaint agus ag íoc cíosa, tugaid an bóthar dóibh agus ná raibh maith acu. Tá sé seo le feiscint sa Daingean agus sna paróistí ar fad máguaird, agus buille eile a bhíonn ina leithéid do thodhchaí phobal an cheantair.

Tá ról ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) sa ghéarchéim seo chomh maith. Tá roinnt mhaith tithe acusan anso chomh maith, ach dála na mbanc ní bhíonn fonn orthu iad a ligean amach ar cíos, agus bíd folamh ar feadh tréimhsí fada nó go mbíonn úinéirí nua faighte acu dóibh. Chuaigh duine ar m’aithne chun cainte le NAMA le déanaí, d’fhonn roinnt tithe a thógaint ar cíos uathu agus iad a chur ar fáil ansan do dhaoine ar chíos réasúnta ó cheann ceann na bliana, ach dúradh go neamhbhalbh leis ‘nach bhfuil aon tsuim ag NAMA sa mhargadh cíosa’. Mar thoradh ar fhealsúnacht gnó mar sin, tá tithe breátha atá in úinéireacht áisíneacht Stáit ag luí folamh in áiteanna ina bhfuil géarchéim tithíochta.

Tá biaiste na turasóireachta fé lánseoil i gCorca Dhuibhne agus beidh go dtí deireadh an fhómhair. Gabhfaidh geall le milliún duine timpeall Chinn Sléibhe, más fíor an bholscaireacht, agus beidh iontas á dhéanamh acu den méid tithe atá sa cheantar. Ach b’fhiú dhóibh teacht timpeall mí Eanáir; solas ana-fhánach le feiscint os na tithe céanna, fo-dhuine anso is ansúd, ach ní mór é, agus i bhfad Éireann níos mó tithe ná daoine sa cheantar.

Bánú na tuaithe in 2016: Ualach tithe, ach easpa teaghlach.

  

Fág freagra ar 'Bánú na tuaithe i gCorca Dhuibhne – ualach tithe, ach easpa teaghlach'

  • Simon Ó Faoláin

    An cheart ar fad agat Daithí. Scata daoine do bhí ina gcónaí san eastáit laistíos dínn sa Daingean, díoladh na tithe go vulture fund éigin is thugadar bata agus bóthair dóibh súd a bhí iontu, daoine le clann leanaí cuid maith acu agus mo ghreidhin iad ach n’fheadar sa diabhal cár chuadar. D’fhoilsíos an dán seo fé bhánú Iarthar Dhuibhnigh sé bhliain ó shin agus is beag athrú a tháinig ar an scéal ó shin i leith, seachas é ag dul in olcas in aghaidh an lae.

    Thiar
    Do Dhómhnal

    An cúinne seo den mbaile fearainn
    Mar nach bhfuil na páirceanna néata, dronuilleogach
    Le clathacha comhthreomhara,
    Ach iad beag, neamhrialta, breac le bornóga,
    Ar nós cnuas de chealla ailse i bhfíochán sláintiúil,
    Nó a mhalairt iomlán de scéal.

    In airde, taispeánainn rian fiarlán an bhóithrín ghlais
    Sall is anall ar scáileán an chnoic
    Go bhfuil cuisle inti, croí ag bualadh fós,
    Nó tá dul amú orm.

    Ní chorraíonn bád ná coit sa chuan thíos,
    Bíodh ráthaíocht ann nó – níos minicí – faic.
    Ní hé an t-uisce amháin áta ina léinseach,
    Nó tá léinseach ina luí ar na’ haon ghné den mhír.

    B’fhéidir go bhféadfaí an rún seo a fhuascailt,
    An ortha a bhriseadh,
    dá mbeadh na focail chuí ann
    Agus fios ar ord ceart na n-uimhreacha,
    Cosúil leis na méarchláir chróime
    Ar chuaillí gheataí na dtithe folamha,

    Ach tá tost toll laistigh
    agus tost amuigh.