Banc sóisialta atá uainn in áit banc na sainte príobháidí

Ba chóir córas baincéireachta stáit a chruthú agus fiacha na mbanc lofa a fhágáil fúthu siúd a rinne infheistíocht iontu

Banc sóisialta atá uainn in áit banc na sainte príobháidí

Baineadh geit as bunaíocht an stáit seo nuair a léirigh tástáil struis na mbanc san Eoraip go bhfuil an dá phríomhbhanc s’againne, Banc na Éireann (BOI) agus Banc Aontas Éireann (AIB), ar na bainc is laige san Eoraip ar fad, agus gan an cumas iontu an fód a sheasamh dá mbeadh cúlú eacnamaíochta eile ann cosúil leis an gceann a bhí againn cheana.

Ábhar mór díomá é an scéal seo don rialtas a bhí ag súil go mbeadh siad in ann AIB a dhíol ar an margadh, tar éis don stát os cionn fiche billiún euro a chur isteach ann.

Rinne urlabhraithe na bunaíochta a ndícheall casadh a chur sa scéal, ag maíomh gur tástáil as an ngnáth a bhí ann, go raibh AIB díreach i ndiaidh suim mhór airgid a íoc ar ais leis an stát, agus mar sin.

Agus fiú má thug RTÉ suntas mór don scéal ina gcuid feasachán nuachta, ní raibh rian de ar leathanaigh tosaigh na bpríomhnuachtán, beag ná mór. An amhlaidh go rabhthas ag súil nach fíorscéal a bheadh ann dá ndúnfaidís a gcuid súl?

Mar sin, cá ndeachaigh an t-airgead ar fad a chuir an stát isteach sna bainc agus na bainc chomh lag seo?

Mar a tharlaíonn, tá a fhios againn.

Chuaigh an t-airgead díreach isteach i dtaiscí na mbanc Eorpach a thug airgead ar iasacht go místuama do na bainc s’againne. Tá os cionn 40 billiún íoctha ag an stát seo ar mhaithe le córas baincéireachta  na hEorpa a shábháil.

Sea, d’íoc muintir na hÉireann 42% den chostas a bhain le sábháil chóras baincéireachta na hEorpa; sin beagnach €9,000 an duine, i gcomparáid le níos lú na €200 an duine san Eoraip ar fad.

Baineann costas mór le tír bheag a bheith ag barr an ranga san Eoraip!

Tá a fhios againn gur ghlac muid fiacha ar an stát, nach raibh ag dul dúinn, toisc gur fheil sin don Eoraip.

Cén fáth mar sin nár lig muid do na bainc lofa seo dul go tóin poill? Deir na léachtóirí eacnamaíochta go bhfuil brabús de dhíth i ngeall ar an bpriacal go gcaillfí an infheistíocht. Sa gcás seo, ní raibh aon phriacal ann mar tháinig an stát i dtarrtháil ar na hinfheisteoirí.

Is é an leithscéal a bhí ag na polaiteoirí ná go bhfuil córas baincéireachta riachtanach don eacnamaíocht – rud atá fíor.

Ach ní fíor a rá go gcaithfidh an córas sin a bheith i lámha príobháideacha ná go gcaithfear na bainc a riaradh ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

D’fhéadfaí córas baincéireachta stáit a chruthú agus fiacha na mbanc lofa a fhágáil fúthu siúd a rinne infheistíocht iontu – de réir rialacha an rachmais, mar dhea.

Tá creatlach an mhúnla sin ar fáil i gcónaí: tá ionaid ghnó ag An Post ar fud na tíre, ionaid a thugann seirbhís thábhachtach shóisialta do phobail na tíre freisin, go háirithe faoin tuath.

Agus roinnt blianta ó shin  bhí Páirtí an Lucht Oibre ag moladh an tríú comhlacht baincéireachta a chruthú trí An Post, an banc tionscail agus an banc talmhaíochta – a bhí ar fad i lámha an stáit ag an am – a cheangal le chéile le dul i gcomórtas leis na bainc phríobháideacha.

Ach nuair a bhí rogha le déanamh idir pinsin do na ceannairí agus moladh prionsabálta a rachadh i gcoinne lucht an rachmais, roghnaigh na ceannairí na pinsin.

Mar sin, in ionad airgead a chur sna bainc, airgead a chuaigh díreach go dtí an Ghearmáin is tíortha Eorpacha eile, d’fhéadfaí an t-airgead sin a úsáid ar mhaithe le géarchéim na morgáistí nach féidir a aisíoc a mhaolú.

Bheadh na baincéirí Eorpacha ag gearán, ach ní bheadh daoine i mbaol a dtithe a chailliúint mar atá faoi láthair.

Ar ndóigh, tá an dochar déanta, is ní féidir na cinntí místuama sin a chealú anois. Ach ní gá leanúint ar aghaidh leis an bpolasaí atá bunaithe ar dheis a thabhairt do na bainc brabús a dhéanamh arís. D’fhéadfaí stop a chur leis an amaidí agus córas nua a chruthú a chuirfeadh airgead ar fáil do lucht gnó ar mhaithe le leas sóisialta mhuintir na hÉireann.

Is cóir, fiú ag an bpointe seo, diúltú do na fiacha atá ceangailte le tubaiste bhaincéireachta na hEorpa, agus fiú anois féin, d’fhéadfadh an stát banc nua a bhunú a chuirfeadh airgead ar fáil do riachtanais shóisialta is eacnamaíochta na tíre.

Fíorbhanc atá ag teastáil, banc nach mbeadh ag cailliúint airgid. Ach i gcomparáid leis na bainc mheargánta a d’fhág sa tubaiste muid, is fearrde i bhfad muid banc sóisialta ná banc na sainte príobháidí.

Fág freagra ar 'Banc sóisialta atá uainn in áit banc na sainte príobháidí'

  • x

    Alt sarmhaith. Cinnte b’fhearrde go mor sinn da dtarlodh a leitheid ach an dtarloidh? Is comharthai soirt iad na bainc ar status quo ata lofa o bhonn, gadaiocht dholamhach a deanamh acu gan einne ag cur chucu na uathu. Is bearradh caorach acu e ar ‘shaontoiri’ na hEireann, agus ta a fhios sin acu. Ni dheanfaidh duine ar bith beart fonta croga mar sin mar ba threill bhais e do choras an rachmais seo. Is cinnte dearfa na deanfaidh aos og na tire focaal faoi ach go hairithe.