Banc na hÉireann ag diúltú tuilleadh sonraí a thabhairt faoi úsáid na Gaeilge ar ATManna

Thug urlabhraí de chuid an bhainc le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon rud le cur acu le ráiteas a rinneadh níos túisce an tseachtain seo

Banc na hÉireann ag diúltú tuilleadh sonraí a thabhairt faoi úsáid na Gaeilge ar ATManna

Níl Banc na hÉireann sásta tuilleadh eolais a thabhairt faoi úsáid na Gaeilge ar a ATManna. Níl rogha Ghaeilge á cur ar fáil ar ATManna nua de chuid an bhainc le tamall de bhlianta anuas — cinneadh atá cáinte go láidir ag eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí araon.

Thug Banc na hÉireann le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo nach bhfuil sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil le seacht mbliana anuas. Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.

Agus ceisteanna ó Tuairisc.ie á bhfreagairt anuraidh acu faoin gcinneadh, thug an banc le fios go roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta ar a ATManna. Dúradh linn i mí Dheireadh Fómhair seo caite, freisin, nár choinnigh Banc na hÉireann “súil ghéar” roimhe sin ar líon na ndaoine a roghnaíodh an Ghaeilge ar a ATManna agus ba mar thoradh ar cheist ó Tuairisc.ie a aimsíodh an figiúr “níos lú ná 1%”.

I ráiteas ón mBanc an tseachtain seo, tugadh le fios go raibh an t-éileamh ar an tseirbhís i nGaeilge ag titim le tamall fada.

“For some considerable period of time now demand for transactions through Irish on our ATM fleet has been falling steadily, with fewer than 1% of ATM transactions now completed in Irish.

“Given this continuing pattern of low and falling demand, where ATMs are replaced  with newer devices it is no longer viable to continue to provide an Irish language option on the newer ATM machines,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie.

D’iarr Tuairisc.ie ar Bhanc na hÉireann tuilleadh eolais a thabhairt faoi na staitisticí sin, ach dhiúltaigh an Banc aon eolas breise a thabhairt maidir leis an ráiteas is déanaí uathu.

Ní raibh an Banc sásta a rá cé mhéad idirbheart a dhéantar ag ATManna an bhainc, cén titim a bhí i gceist i líon n-idirbheart Gaeilge, cé mhéad idirbheart a bhítí a dhéanamh i nGaeilge sular tháinig an laghdú “leanúnach” ar an éileamh ar an tseirbhís i nGaeilge.

Dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie nach raibh aon rud le cur leis an ráiteas a rinne an banc níos túisce an tseachtain seo.

Idir an dá linn, tá cruinniú á lorg ag an bhFeisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada le Banc na hÉireann maidir le soláthar seirbhíse Gaeilge i gcraobhacha an bhainc, ar líne agus sna ATManna.

“Tá dualgas ar Bhanc na hÉireann freastal ar a chustaiméirí, agus táimse den tuairim gur cheart dóibh freastal orthu siúd a theastaíonn uathu a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá dualgas ar sheirbhísí stáit agus comhlachtaí poiblí freastal ar chainteoirí Gaeilge agus sílim gur cheart é seo a mhéadú go dtí móreagraíochtaí náisiúnta a bhíonn ag freastal ar cuid mhór den phobal.

“Tá na bainc sásta glacadh le cabhair an stáit agus le cúnamh ón gciste poiblí nuair atá siad i gcruachás. Ba chóir go mbeadh siad sásta freastal ar a ndualgais phoiblí mar sin. Beidh mé ag iarraidh ar ardbhainistíocht Bhanc na hÉireann a cinneadh maidir le Gaeilge ar a meaisíní bainc a fhreaschur, agus seirbhísí breise sa teanga a chur ar fail céim ar chéim,” a dúirt Ní Riada.

Fág freagra ar 'Banc na hÉireann ag diúltú tuilleadh sonraí a thabhairt faoi úsáid na Gaeilge ar ATManna'

  • Aililiú!

    Ba cheart do gach banc Éireannach an tseirbhís seo a chur ar fáil, agus ní hamháin Banc na hÉireann. Fuair siad uile lámh tharrthála ón Stát Éireannach i.e. ón chainíocóir, nuair a bhí siad i gcruachás. Quid pro quo! Cabhair airgeadais phoiblí ar son dílseacht (bheag éigin!) don náisiún.

  • AnRógaire

    Is é an scanall nach bhfuil seirbhís iomlán ar fáil ó gach institiúd airgeadais sa dá theanga oifigiúil. D’fhéadfadh an rialtas a leithéid a chinntiú le reachtaíocht más gá. Dar ndóigh níl aon rialtas chomh dáiríre sin faoin ngaeilge is cuma FF FG nó LO.