Ballraíocht ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta oscailte don phobal den chéad uair

Roimhe seo d’ainmnítí baill Chomhairle RnaG ach anois tá cuireadh poiblí á thabhairt ag an stáisiún do dhaoine cur isteach ar bhallraíocht ar an gComhairle

Ballraíocht ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta oscailte don phobal den chéad uair

Tá athrú déanta ar an mbealach a gceaptar baill ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireadh poiblí á thabhairt ag an stáisiún do dhaoine cur isteach ar bhallraíocht ar an gComhairle.

Roimhe seo is amhlaidh a d’ainmnítí baill na Comhairle.

Tá deireadh curtha leis an gcóras ainmniúcháin sin tráth a bhfuil Comhairle nua le ceapadh ag an gcraoltóir Gaeilge.

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin inniu go raibh an próiseas ceapacháin athraithe chun go mbeadh tuairimí an phobail san áireamh agus todhchaí na seirbhíse á plé ag an gComhairle nua.

“Tuigimid go bhfuil an-spéis ag an phobal in obair RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus go bhfuil tuairimí láidre acu ina leith, mar sin shocraigh muid an deis a thabhairt dóibh a bheith páirteach i dtodhchaí na seirbhíse trí bhallraíocht ar an Chomhairle.

“Tá ról tábhachtach ag an Chomhairle, agus beidh muid in ann tarraingt ar thaithí agus ar shaineolas na mball agus muid ag forbairt na seirbhíse sna trí bliana seo romhainn,”  a dúirt Edel Ní Chuireáin.

Is féidir le haon duine a bhfuil spéis aige bheith ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta foirm Léirithe Suime a fháil ar shuíomh idirlín an stáisiúin, í a líonadh agus a chur ar aghaidh roimh an 30 Meán Fómhair.

Déanann Comhairle RnaG ionadaíocht ar lucht éisteachta na seirbhíse agus cuireann sí comhairle ar bhainistíocht an stáisiúin i dtaobh na seirbhíse.

Fág freagra ar 'Ballraíocht ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta oscailte don phobal den chéad uair'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is féidir le haon duine a bhfuil spéis aige…

    Nár cheart ‘aige/aici’ bheith scríofa anseo? Níl ‘fhios agam cá mhéad bean atá ar an chomhairle faoi láthair ach is cinnte go mba cheart cothromaíocht idir fhir is mhná bheith ar leithéid de chomhairlí.

    Agus cá mhéad duine a bhíonn ar an chomhairle seo de ghnáth? An mbíonn an liosta foilsithe go poiblí áit ar bith agus an mbeidh deis ag an gnáth phobal teagmháil a dhéanamh leo lena gcuid tuairimí a nochtú ó thaobh na seirbhíse poiblí seo?