Ball tofa de chuid an DUP i measc na ngiolcairí Gaeilge i Stormont

Tá a áit bainte amach ag polaiteoir aontachtach amháin ar liosta na mball tionóil a bhfuil giolc Gaeilge curtha amach ar Twitter acu. An t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir an giolcaire Gaeilge is bisiúla…

Ball tofa de chuid an DUP i measc na ngiolcairí Gaeilge i Stormont

Tá Maurice Bradley, ball tofa de chuid an DUP do Dhoire Thoir, áirithe i measc na ngiolcairí Gaeilge a toghadh go Stormont níos luaithe i mbliana, de réir taighde de chuid Tuairisc.ie ar shonraí a sholáthair an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis i Missouri.

Tá áit bainte amach ag an bpolaiteoir aontachtach, an t-aon duine ó pháirtí aontachtach a bhfuil giolc i nGaeilge seolta aige, ar liosta na ndaoine is mó a bhíonn ag cur giolcacha Gaeilge amach de bharr athghiolcadh a rinne sé ar 12 giolc de chuid Chiaráin Uí Choigligh, duine de lucht tacaíochta an DUP a bhfuil Gaeilge aige.

San fhichiú áit ar an liosta giolcairí Gaeilge atá fear an DUP. 31 duine ar fad atá ar an liosta de bhaill thionóil a bhfuil ar a laghad giolc amháin i nGaeilge curtha amach acu.

Tá ar a laghad giolc amháin Gaeilge seolta ag gach ball tofa de chuid Shinn Féin a bhfuil cuntas Twitter acu seachas duine amháin. Is é Pat Sheehan an t-aon bhall tofa de chuid an pháirtí ó thuaidh nár sheol giolc i nGaeilge.

Is é Máirtín Ó Muilleoir, an t-iar-aire airgeadais, atá ar thús cadhnaíochta maidir le giolcaireacht i nGaeilge i measc na bpolaiteoirí ó thuaidh agus 8% dá chuid giolcacha i nGaeilge.

Tá ochtar dá chomhghleacaithe i Sinn Féin i measc an deichniúr is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge. Is é Patsy McGlone ón SDLP an t-aon duine den deichniúr sin nach bhfuil i bpáirtí Sinn Féin.

Ar an liosta freisin tá an t-iar-aire Cultúir Carál Ní Chuilín, a sheol an clár ‘Líofa’ le daoine a spreagadh an Ghaeilge a fhoghlaim ó thuaidh agus a chuir moltaí chun cinn maidir le reachtaíocht teanga don Ghaeilge sa Tuaisceart.

Tá Michelle Gildernew, a thug ainm Gaeilge ar an long Banríon Uladh agus a bhíodh ina hAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, ar an liosta. D’athraigh a comharba, Michelle McIlveen ón DUP, nach mbíonn ag giolcaireacht i nGaeilge, an t-ainm go Queen of Ulster anuraidh.

Ceathrar den chúigear cainteoirí líofa Gaeilge atá ag Sinn Féin atá ar bharr an liosta: Ó Muilleoir agus Ní Chuilín, Declan Kearney agus Barry McElduff. Ní úsáideann an cúigiú duine, Seán Ó Loingsigh, an oiread sin Gaeilge ar Twitter.

Is iad Cathal Boylan, Ian Milne, Pat Sheehan, agus Caoimhe Archibald an ceathrar eile atá ar an liosta.

Tá cuntas Twitter ag 11 MLA de chuid an SDLP agus tá giolcacha Gaeilge seolta ag ceathrar acu sin, Pat Catney, Sinéad Bradley agus Nichola Mallon. Níl aon ghiolc i nGaeilge seolta ag Colum Eastwood, ceannaire an pháirtí.

Ceithre ghiolc Gaeilge atá seolta ag Paula Bradshaw ó pháirtí an Alliance, sin 0.1% dá 6,174 giolc.

Tá cuntas Twitter ag an t-aon chomhalta amháin de chuid an PBP ar éirigh leis i dtoghchán na bliana seo, Gerry Carroll, agus tá 14 giolc Gaeilge curtha amach aige sin, 0.7% dá chuid giolcacha.

Mar a bheifí ag súil leis, níl aon ghiolc Gaeilge curtha amach ag baill na bpáirtithe aontachtacha — an DUP (seachas Maurice Bradley), an TUV, ná an UUP. Níl aon ghiolc Gaeilge curtha amach ach an oiread ag baill tofa an Chomhaontais Ghlais.

Fág freagra ar 'Ball tofa de chuid an DUP i measc na ngiolcairí Gaeilge i Stormont'

  • Seán Mag Leannáin

    Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach agus is maith an t-iascaire é an fear (an tOllamh Kevin Scannell) a thug an gliomach seo i dtír.