Ball de Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag curtha ar fionraí mar gheall ar aighneas teanga

Cuireadh Michaela Beddows ar fionraí i ndiaidh líomhaintí go raibh teachtaireachtaí ó ghrúpaí den eite dheis antoisceach á roinnt ag baill de pháirtí an Lucht Oibre

Ball de Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag curtha ar fionraí mar gheall ar aighneas teanga

Cuireadh ball de Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag ar fionraí mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí teanga sa tír sin.

Baineann an t-aighneas le vóta i gComhairle Sir Gaerfyrddin, in iardheisceart na tíre, ar son scoil lán-Bhreatnaise a dhéanamh de Ysgol Llangennech, gar do Llanelli.

An mhí seo caite, vótáil 38 comhairleoir ar son moladh go gcuirfí deireadh leis an sruth Béarla sa scoil agus vótáil 20 comhairleoir i gcoinne an rúin.

Tá iarracht ar bun sa cheantar faoi láthair dul i ngleic leis an titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí Breatnaise ann, de réir fhigiúirí an daonáirimh is déanaí.

Bhí Michaela Beddows, ball de Pháirtí an Lucht Oibre, gníomhach san fheachtas in aghaidh an athraithe. Cuireadh ar fionraí ón bpáirtí í fad atá fiosrúchán ar bun maidir le líomhaintí go raibh baill áirithe sa pháirtí i mbun feachtasaíochta in éineacht le UKIP.

Chuir Jonathon Edwards, ón bpáirtí náisiúnach Plaid Cymru, i leith roinnt ball de Pháirtí an Lucht Oibre go raibh ábhar á roinnt acu ar na meáin shóisialta a bhain leis an eite dheis antoisceach, agus d’éiligh go ndéanfaí fiosrúchán faoi. Mhaígh Edwards go raibh níos mó ná duine amháin i gceist.

Tuigtear gur íomhánna a d’fhoilsigh an English Defence League, an Tea Party i Meiriceá agus grúpaí antoisceacha eile den eite dheis atá i gceist.

Thug Michaela Beddows le fios don BBC, áfach, nach raibh sí ina ball de pháirtí an Lucht Oibre ar chor ar bith. Dúirt urlabhraí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, áfach, nár chuir Beddows in iúl dóibh go raibh sí ag éirí as sular cuireadh ar fionraí í.

“Tá Páirtí an Lucht Oibre ar an eolas faoi ghearáin faoi Michaela Beddows. Tá [sí] ar fionraí ó Pháirtí an Lucht Oibre i láthair na huaire, fad is atá fiosrúchán ar bun,” a dúirt an t-urlabhraí.