Báireoirí Chois Fharraige ag tabhairt aghaidh ar Chraobh na hÉireann tar éis bua stairiúil

Ba in aghaidh Shaighleáin i bPáirc Kenny, Baile Átha an Rí, a bhí Cumann Micheál Breathnach i gcluiche ceannais Sóisear 1 an chontae

Báireoirí Chois Fharraige ag tabhairt aghaidh ar Chraobh na hÉireann tar éis bua stairiúil

Foireann Shóisir Iomána Chumann Micheál Breathnach a bhuail Saighleán i gCluiche Ceannais an Chontae: Ar chúl ó chlé: Éinne Ó Conghaile, Séamus Ó Fátharta, Gearóid Ó Conghaile, Máirtín Ó Neachtain, Marc Ó Duibhir, Pádraic Mac Giolla Bhríde, Breandán Ó Conghaile, Jack Mac Giolla Bhríde, Cian Mac Giolla Bhríde, Kevin Óg Ó Conghaile, Oisín Ó Ceallaigh, Rónán Ó Maoláin, Ruadháin Ó Béarra. Chun tosaigh ó chlé: , Dinny Ó hÉallaithe, Macdara Ó Béarra, Ruairí Óg Ó Béarra, Cárthach Breathnach, Fionntán Ó Tuathail, Maidhc Ó Conghaile, Seán Chóil Ó Finneadha, Cian Griallais, Antaine Ó Finneadha, Fiach Ó Béarra, Adrian Ó Tuathail (Capt).

Bhí tinte cnámh lasta ar thaobh bhóthar Chois Fharraige tráthnóna Dé Sathairn seo caite le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua stairiúil iománaithe Chumann Micheál Breathnach i gComórtas Sóisear a hAon na Gaillimhe.  Ba in aghaidh Saighleán i bPáirc Kenny, Baile Átha an Rí, a bhí fir na Gaeltachta i gcluiche ceannais an chomórtais. 

Ag leatham bhí iománaithe Chois Fharraige sé chúilín chun deiridh, agus gan ach cúig chúilín acu ar chlár na scór in aghaidh an 11 cúilín a bhí Saighleán. Go gairid tar éis an bhrisidh thosaigh na Breathnaigh ar an mbearna a laghdú le dhá chúilín ag Adrian Ó Tuathail agus ceann ag Maidhc Ó Conghaile, taobh istigh de dheich nóiméad.  Gan ach trí chúilín anois idir na foirne, choinnigh fir Chois Fharraige an brú ar Shaighleán agus, gan ach cúig nóiméad le dul, ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne agus cé go raibh na Breathnaigh ag fáil an cheann is fearr ar a gcéilí comhraic ní raibh an beart déanta fós acu. 

Agus an toradh idir dhá cheann na meá chuaigh Saighleán ar an ionsaí ach rug Fiach Ó Béarra, duine de leathchúlaithe na mBreathnach, ar an sliotar agus tar éis dó ruathar 60 nó 70 slat a dhéanamh scóráil sé cúilín gleoite ó thart ar 45 slat amach. Ina dhiaidh sin chuir Breandán Ó Conghaile a fhoireann chun cinn nuair a chiceáil sé an liathróid thar an trasnán ó 20 slat amach, tar éis dá chamán a bheith tógtha uaidh.

D’éirigh le Saighleán dul chun cinn arís agus gan ach nóiméad amháin fágtha.  Ach níor chaill foireann Chois Fharraige a misneach ná baol air. Ón bpoc amach fuair Adrian Ó Tuathail an sliotar i lár na páirce agus sheol sé pas gleoite isteach go dtínDinny Ó hÉallaithe sa gcoirnéal. Bhí Ó hÉallaithe tagtha isteach mar fhear ionaid nóiméad roimhe sin agus cé go raibh an uillinn géar chuir sé an liathróid thar an trasnán leis an gcluiche a chothromú arís agus gan ach nóiméad fágtha.

Bhí an chuma ar an scéal anois gur comhscór a bheadh ann ach sa 60ú nóiméad, chuir lántosach na mBreathnach, Breandán Ó Conghaile, a fhoireann chun cinn agus is gearr ina dhiaidh sin go raibh áit bainte amach sa stair ag fir Chois Fharraige agus Craobh Shóisear a hAon an Chontae buaite ag Cumann Micheál Breathnach den chéad uair ariamh.

Ba laoch gach duine ar fhoireann na mBreathnach agus cluiche crua spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a raibh scil agus díocas ag baint lena gcuid imeartha. Sa dara leath fuair an Captaen Adrian Ó Tuathail agus a chomhghleacaí i lár na páirce, Cian Griallais, an ceann is fearr ar Shaighleán. B’in a rinne an difríocht. Sa gcomórtas céanna anuraidh bhuail Saighleán báireoirí Chois Fharraige sa gcluiche ceannais. I mbliana tá an corn tugtha siar thar Abhainn na Coiribe agus thar Abhainn an Spidéil den chéad uair riamh. Fágann an bua go mbeidh Cumann Micheál Breathnach san iomaíocht i gCraobh Shóisir Chlubanna na hÉireann.

unnamed
Lucht bainistíochta fhoireann iománaíochta Micheál Breathnach tar éis a mbua stairiúil in aghaidh Shaighleáin i gCluiche Ceannais  an Chontae (Sóisir a hAon): ar chlé Antoine Mhaidhc Ó Conghaile agus ar dheis Ruaidhrí Ó Béarra.

Fág freagra ar 'Báireoirí Chois Fharraige ag tabhairt aghaidh ar Chraobh na hÉireann tar éis bua stairiúil'