Báire nó báide? Cúilín nó Pointe? Báireoir nó Buachaill Báire? Caid, nó Halley?

I gCorca Dhuibhne is ionann ‘báire’ agus an scór a fhágann an brat glas a bheith in airde ag an maor ach is ceann é an ‘báire’ céanna gur iomaí sin brí atá leis

Báire nó báide? Cúilín nó Pointe? Báireoir nó Buachaill Báire? Caid, nó Halley?

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá sé dornán de bhlianta anois ó ghlaoigh Joe Connolly orm gur mhínigh sé dom go raibh sé fhéin agus cúpla duine eile a chaith geansaí na Gaillimhe ag cuimhneamh cumann a bhunú a thabharfadh deis d’iar-iománaithe an chontae a theacht le chéile cúpla uair sa mbliain agus, dá mb’fhéidir, beagán cúnaimh a thabhairt dóibh siúd a bheadh i ngátar.

Bail ó Dhia ar Joe, ba ainm Gaeilge a bhí ina chloigeann don chumann nua. ‘Báireoirí na Gaillimhe’ an ceann ab ansa leis agus d’iarr sé mo thuairim. D’fhreagair mé nach raibh aon locht agam air, ach i bhfianaise na haithne a bhí agam air fhéin agus ar chuid mhaith díobh siúd a d’imir in éineacht leis, go mb’fheiliúnaí go mór ‘Buachaillí Báire na Gaillimhe’ a bhaisteadh orthu!

Is maith a bhí a fhios ag an gConghaileach go raibh mianach a cheirde sa teideal a bhí ag an mbuachaill siopa agus freisin ag an mbuachaill aimsire agus é foghlamtha óna athair, Pat, agus óna mháthair, Mary, aige go mba iomaí ‘buachaill báire’ nár rug ar chamán riamh ina shaol. Bhí barúil mhaith freisin aige go raibh banlámh de mo theanga i mo phluc agamsa ag freagairt agus d’eitigh Joe mo chomhairle dá bharr. Tá ‘Báireoirí na Gaillimhe’ ag dul ó neart go neart ó shin.

Ní haon saineolaí focal mé ach is ceann é an ‘báire’ céanna gur iomaí sin brí atá leis de réir mar a fheicim.

I gCorca Dhuibhne, mar is léir ó na píosa breátha a scríobhann Dara Ó Cinnéide ar an suíomh seo, is ionann ‘báide’ agus an scór a fhágann an brat glas in airde ag an maor. Agus é ag scríobh faoi éirí as a chomrádaí Colm Cooper cúpla seachtain ó shin, dúirt Dara “ Ba shop in áit na scuaibe aige an pointe i gcónaí. Báidí a bhíodh uaidh an neomat a bheadh an chaid ina sheilbh agus ní ghéillfeadh sé don bpointe nó go gcaithfeadh sé géilleadh nach raibh aon ní eile i ndán don ngluaiseacht.”

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon chaint ag an gCinnéideach ar chúil ná ar chúilíní, ach ar an ‘mbáide’ agus ar an ‘bpointe’.

Deir sé féin agus Prionsa na dTráchtairí, Micheál Ó Sé liom go mba é an ‘báide’ a bhí riamh i gceantar dúchais na beirte, cé go mb’fhéidir nuair a bheadh an scríobh á dhéanamh gur í an litir ‘r’ a chuirfí síos, ach gurbh é i gcónaí an ‘d’ a deirtí.

Dá bharr sin is é an báireoir an té a dhéanann a dhícheall a chinntiú nach scóráiltear aon bháire agus deir Micheál freisin nár chuala sé féin aon chaint riamh ar ‘chúl’ ina cheantar fhéin ach aon uair amháin – fadó riamh nuair a d’airigh sé fear ag rá go raibh an chaid ‘buailte cúl’. Is é a bhí i gceist aige í a bheith curtha amú, nó ar fóraoil.

In Eachréidh na Gaillimhe, ba é fear an chamáin an báireoir agus ar ndóigh ós rud é gur sine go mór mar chluiche an iománaíocht ná an pheil, is é is dócha go raibh an focal sin á úsáid i bhfad sular tosaíodh ag ciceáil lamhnán nó caid na muice, rud nár tharla i gcuid mhaith den tír seo go dtí lár nó fiú deireadh an 19ú céad. Bhí cluiche na hiomána forbartha le 300 bliain roimhe sin.

Lúb, ar dhéanamh na n-easnacha a bhíonn i bpolatholláin phlaisteacha an lae inniu, a bhí i sprioc scórála na linne sin, san áit a bhfuil postaí an lae inniu, agus ba é sin an báire. Thagadh an scór agus an bua nuair a thiomáintí an sliotar amach tríd agus féach gurbh é a bhí sa gcaint gur ‘amach’ a chuirtí an báire agus nach ‘isteach’, mar a tharlaíonn inniu.

An uair sin thugadh báire deireadh an chomhraic leis agus, níos minice ná a chéile, deireadh an lae freisin mar nach raibh an ‘cluiche’ tagtha ar an saol go fóill.

Bhí scaití ceart go leor ann nuair a thosaítí ar an ‘dara báire’, ach ba choimhlint eile aisti fhéin a bhí inti sin. Go hannamh, agus báire an taobh faighte ag na foirne, d’imreofaí an tríú ceann – ‘báire na fola’.

Le teacht na peile, is cosúil gur coinníodh an téarma, i ndeisceart na tíre ar chuma ar bith.

Scéal do lá eile agus ceann nach bhfuil agamsa is ea cé as a bhfuair an chuid eile againn an cúl agus an cúilín.

Níl aon bharúil ach an oiread agam cé as a dtáinig an liathróid chucu siúd nach í an chaid a chleachtann siad.

Bhí mé ag ceapadh go mba focal nua go maith a bhí ann sa gcuid sin den Ghaeltacht inar tógadh mé féin, nó go bhfuair mé amach go raibh sé á úsáid i gceantar Charna go hard os cionn céad go leith bliain ó shin.

Tá daoine fós i gConamara a thabharfadh ‘halley’ ar liathróid agus ba focal a bhí ann a bhí go mór sa gcaint agus mé féin ag éirí aníos – chuile sheans gur de bharr na bpinniúr liathróide láimhe nó na ‘ball alleys’ a bhí anseo agus ansiúd sa gceantar a tháinig an focal, tráth arbh éasca iad a thógáil ná a dhul ag plé le páirceanna imeartha.