Bainisteoirí nua ag an Údarás don iarthar agus don deisceart agus athstruchtúrú foirne déanta

Inné a tháinig an t-athstruchtúrú i bhfeidhm go hoifigiúil in Údarás na Gaeltachta agus cúraimí nua leagtha ar go leor de bhaill foirne na heagraíochta fiontraíochta

Bainisteoirí nua ag an Údarás don iarthar agus don deisceart agus athstruchtúrú foirne déanta

Tá athstruchtúrú déanta ar chóras bainistíochta Údarás na Gaeltachta agus cúraimí nua á leagan ar go leor de bhaill foirne na heagraíochta fiontraíochta.

Inné a tháinig an an chéad chuid den athstruchtúrú i bhfeidhm go hoifigiúil.

Fágann na hathruithe nua go bhfuil Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha nua san eagraíocht agus Bainisteoir Réigiúin nua sa deisceart agus san iarthar.

Gearóid Breathnach atá ceaptha ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Máire Ní Chuinneagáin atá tagtha ina áit siúd mar Bhainisteoir Airgeadais.

Tá Dónal Ó Liatháin anois ina Bhainisteoir Réigiún na Mumhan agus tá cúram na pleanála straitéise agus polasaí don eagraíocht ar fad leagtha ar an té a bhíodh sa phost sin, Éamonn Ó Neachtain atá anois ina Bhainisteoir Taighde agus Forbartha Earnála.

Is é Pádraig Ó Conghaile atá ceaptha ina Bhainisteoir Réigiún Chonnacht/Laighean  agus é ag teacht i gcomharbacht sa ról sin, ar a dheartháir, Tadhg Ó Conghaile, a ceapadh ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga san eagraíocht le déanaí.

Tá Siubhán Nic Grianna, atá Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta,  le bheith ina Bainisteoir Pleanála Teanga. Is ar Sonya Nic Lochlainn a thitfidh cúram na cumarsáide feasta agus í le ceapadh ina Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha. Breandán Breathnach atá ceaptha ina Bhainisteoir Maoine agus Innealtóireachta agus is í Sinéad Ní Fhatharta an Bainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta nua.

Tá an t-athstuchtúrú curtha i bhfeidhm de thoradh thuarascáil neamhspleách faoi struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta, tuarascáil atá ina cnámh spairne idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn na heagraíochta fiontraíochta.

I meamram ceardchumainn a cuireadh faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta i mí an Mheithimh, maíodh go raibh sé aontaithe ag ardbhainistíocht an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta go gcuirfí moltaí na tuarascála sin i bhfeidhm “láithreach”, cur chuige, dar le lucht an cheardchumainn, nach raibh “ag luí leis na moltaí sin ná le spiorad na tuairisce”.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.

Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí, Fiontraíocht agus Fostaíocht, Pleanáil Teanga, Forbairt Pobail, agus Rialachas Corparáideach.

Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a chuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.

Fág freagra ar 'Bainisteoirí nua ag an Údarás don iarthar agus don deisceart agus athstruchtúrú foirne déanta'