Bainimis súp as an saol, fiú agus an tríú cogadh domhanda ag bagairt

An nóiméad a ligfimid do na drochscéalta ar fad ár n-anam a chloí déanfaimid scata coiníní asainn féin, ár lapaí beaga greamaithe den bhóthar ag ceannsoilse an oilc

Bainimis súp as an saol, fiú agus an tríú cogadh domhanda ag bagairt

Bhuail Cailleach an Uafáis cnag ar an doras arís ag an deireadh seachtaine, ag iarraidh tairngreachtaí faoi Donald Trump, faoin mBreatimeacht agus faoi dheireadh an domhain go ginearálta a bhabhtáil ar chupán tae.

Dúirt mé léi bóthar a bhualadh an geábh seo. Bhí mé gnóthach.

Bhí mo mhála droma á phacáil agam: flip fleapanna, uachtar gréine, bríste snámha. Bhí mé chun an deireadh seachtaine a chaitheamh cois trá, in áit gan cheangal wi-fi, i bhfad ó dhrochscéalta nuachta na linne seo.

Tráth na dtaoidí a bhí ar m’aigne, seachas sceimhlitheoireacht, faisisteachas agus séanadh athrú aeráide.

‘Tabharfaidh mé síob duit ar chúl mo scuaibe,’ a dúirt an Chailleach, iarracht amháin eile á déanamh aici mo dheireadh seachtaine a lot le drochnuacht. ‘Is féidir linn na pleananna atá ag Putin chun an domhan a chur faoi chois a phlé ar an mbealach!’

‘Ná bac,’ a dúirt mé léi. ‘Tógfaidh mé an bus.’

Agus mé ag rith ar thrá álainn thrópaiceach, rith sé liom go bhfuilimid faoi gheasa chomh mór sin ag drochscéalta na linne seo go bhfuil an baol ann go ndéanfaimid dearmad súp a bhaint as an saol. Is ea, tá amadán contúirteach sa Teach Bán, tá máistir puipéad contúirteach sa Chreimil, agus tá an Eoraip i lár baill agus i mbaol a scoilte.

Ach ní chiallaíonn sé sin nár cheart dúinn píosa craice a bheith againn ó am go chéile, éadaí nua a cheannach dúinn féin nuair a bhuaileann an fonn sin muid, dul ag rith ar an trá nó, go deimhin, titim i ngrá.

Caithfidh an gnáthshaol dul ar aghaidh, fiú agus an tríú cogadh domhanda ag bagairt.

Bíodh aird againn ar an nuacht, cinnte, agus bímis san airdeall ar fhás an fhaisisteachais inár dtimpeall.

Ach an nóiméad a ligfimid do na drochscéalta ar fad ár n-anam a chloí, déanfaimid scata coiníní asainn féin, ár lapaí beaga greamaithe den bhóthar ag ceannsoilse an oilc.

Is cinnte go dtiocfaidh an tuar faoi thairngreachtaí uile Chailleach an Uafáis má ghlacaimid leo mar faits accomplis.

Fág freagra ar 'Bainimis súp as an saol, fiú agus an tríú cogadh domhanda ag bagairt'

  • Fearn

    Go deas.