Bainimis sásamh as Gleeson agus Kelly mar níl a sárú ann

Agus an-bhéim ar chórais imeartha bunaithe ar chosaint is annamh a fheictear imreoirí chomh maith le Tony Kelly agus Austin Gleeson

Bainimis sásamh as Gleeson agus Kelly mar níl a sárú ann

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá an bhliain iomána ag teacht go ceann scríbe agus bhí an aimsir ar fheabhas go dtí seo, rud a chuir go mór le caighdeán na scileanna ar pháirceanna na himeartha. Tá ardtaispeántais feicthe againn go rialta le mí anuas, chomh maith le haon rud a bheadh le feiceáil againn i lár an tsamhraidh. Cheapas go raibh an cluiche cúige idir Durlas agus Baile Gunnair ar ardchaighdeán ó thaobh scileanna de. Go deimhin, is beag botún in aon chor a rinneadh ó thaobh scileanna na hiomána. Minic go leor ní fheicimid cuid mhaith den draíocht a bhaineann leis an iománaíocht mar go mbíonn luas na himeartha chomh tapa na laethanta seo.

An deireadh seachtaine ar bronnadh imreoir na bliana ar an nDéiseach, Austin Gleeson, nach tráthúil mar a léirigh iar-imreoir na bliana, Tony Kelly dúinn, i gcoinne Dhurlais seachtain ó shin, go bhfuil sé fós ábalta sinn a chur faoi gheasa?

Cé go raibh Kelly ciúin go leor sa chéad leath den chluiche sin, bhí sé thar barr sa dara leath agus le linn am breise. In 2013, nuair a thug Contae an Chláir leo an craobh shinsir agus craobh faoi 21 na hÉireann, bhí Tony Kelly ina mháistir agus a mháistreacht bunaithe  ar a scil, a luas, agus a chlisteacht.

Trí bliana ó shin, a d’imir an Déiseach óg Austin Gleeson ag ia chéad chluiche craoibhe sinsir agus thaispeáin sé an lá céanna go raibh mianach speisialta ann. I ndiaidh ruathar aonair céad slat d’aimsigh sé cúl iontach a bhain stangadh asaninn i Staid Semple.

Tá sé fásta  ina réalta ceart ó shin agus ardtaispeántais á dtabhairt aige go rialta. Bhí ionadh orm nuair nach bhfuair sé gradam imreoir na bliana don chomórtas faoi fiche a haon cúpla seachtain ó shin mar cheapas go raibh sé ina fhear i measc na mbuachaillí sna cluichí ar fad a d’imir Port Láirge i mbliana. Ach cuireadh an méid sin ina cheart nuair a bronnadh imreoir óg agus sinsir na bliana air an tseachtain seo caite ag ócáid bronnta an GAA/GPA.  

Ní minic a fheicimid leithéidí Kelly agus Gleeson. Dar ndóigh, tá an-bhéim in iománaíocht an lae inniu ar chórais imeartha agus an chuid is mó díobh bunaithe ar chosaint, ar sheilbh na liathróide agus ar sheachadadh stuama na liathróide. Bíonn faitíos ar imreoirí imeacht ón bplean.

Rinne imreoir Luimnigh, Cian Lynch cúpla cleas iontach leis an liathróid an lár ar scóráil sé trí chúilín ina chéad chluiche craoibhe cúpla bliain ó shin, ach níl an dul chun cinn céanna déanta aige is atá déanta ag an mbeirt eile.

Chuireamar aithne ar  na Tiobradaigh John McGrath agus Ronan Maher an samhradh seo freisin. Thaispeáin siad sna cluichí sraithe go bhfuil ardchaighdeán sroichte acu agus iad fós an-óg. Bhí an bheirt acu ar fheabhas nuair a thug Tiobraid Árann leo an craobh na mionúr ceithre bliana ó shin agus b’amhlaidh dóibh i mbliana agus iad ar an bhfoireann shinsir.

Ó thús na mílaoise, is minic gaiscí déanta ag Henry Shefflin agus Joe Canning agus cé go bhfuil mórán imreoirí eile iontacha sa tír, níl sárú Kelly agus Gleeson ann. Admhaím nach féidir comparáid a dhéanamh idir imreoirí a bhaineann le glúnta éagsúla ach as na hiománaithe ar fad atá feicthe agamsa, bheadh an bheirt seo gar do bharr aon liosta agam, is cuma cén ghlúin a bhíonn á meas.

Fág freagra ar 'Bainimis sásamh as Gleeson agus Kelly mar níl a sárú ann'