Bainfear ceol as Sing Street cé go bhfuil a ghlór as tiúin anseo agus ansiúd

Cinntíonn an greann, an maoithneachas agus na taispeántais chumasacha go mbainfidh tú taitneamh as an turas seo siar bóithrín na smaointe

SING-STREET.0.0

Sing Street

Stiúrthóir: John Carney

Cliar: Ferdia Walsh-Peelo, Aidan Gillen, Maria Doyle-Kennedy, Jack Reynor, Lucy Boynton.

Tá sé an-fhuirist ar fad comparáidí a rianú idir an saothar seo agus The Commitments (1991) sa tslí is go mbaineann an dá cheann acu le banna ceoil a thosú i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí. Níl ann ach san, áfach.

Gineadh The Commitments as Baile Átha Cliath na tréimhse sin agus bhí macántacht agus duairceas faoi leith ag roinnt leis, dá bharr.

Is turas maoithneach siar bóithrín na smaointe atá againn anseo ag stiúrthóir/scríbhneoir a bhí ag teacht chun coinlíochta sna hochtóidí.

Níl an gearradh ná an blas tíriúil céanna ag baint leis an táirge dá bharr.

Ina theannta sin is déagóirí iad na príomhcharachtair, comhartha sóirt a thugann atmaisféar agus creatlach scéil dhifriúil dúinn ar an bpointe.

Déagóir beagfhoclach é Cosmo a bhíonn ag baint ceoil as a ghiotár fad is a bhíonn a thuismitheoirí i bpíobáin a chéile. Fógraíonn na tuismitheoirí (Gillen agus Doyle Kennedy) go bhfuil an bhróg ag teannadh orthu agus go gcaithfidh siad Cosmo a thógáil as an scoil phríobháideach ina bhfuil sé agus é chur go Scoil na mBráithre ar Shráid Synge.

I radharc cumasach, cliste léirítear a chéad lá sa scoil nuair a théann sé i muineál an bhulaí agus an Phríomhoide. Tobac á chaitheamh sa seomra ranga agus carúlacha á gcaitheamh i gcanúint láidir na príomhchathrach. Níl aon oidhre air ach an chéad lá i bpríosún ag créatúr saonta éigin.

An t-aon rud a thugann ardú meanman do Cosmo ná an cailín óg a bhíonn de shíor seasta ar thaobh na sráide trasna an bhóthair ón scoil.

Cinneann sé banna ceoil a thosú le dul i bhfeidhm uirthi. Sin é an uair a thosaíonn an chuileachta.

Baintear súp thar na bearta as faisean, ceol agus meon na linne a chur os ár gcomhair cé gur go ciotach a dhéantar trácht ar nithe cosúil le mhí-úsáid ghnéis. 

Ba charachtar é an deartháir (Traynor) nach raibh gá leis agus a chuir as dom. Ní raibh ann ach uirlis liobarnach le léargais fhánacha a thabhairt ar théamaí nár deineadh scagadh ceart orthu agus le ceap magaidh a dhéanamh de bhéasaí na linne.

Tá meitheal aisteoirí óga den chéad scoth bailithe le chéile agus tugann siad ar fad taispeántais nádúrtha, réalaíocha uathu is iad ag dul sna fir.

Tá an saothar an-ghreannmhar ar uairibh agus bhí seo le feiscint nuair a caitheadh leis an mbuachaill gorm amhail is go raibh sé tar éis teacht den bhád cé gur fuineadh agus fáisceadh as lár na cathrach é.

Uaireanta mheasas go raibh an scríbhneoireacht róshaothraithe agus ag iarraidh a bheith róchliste seachas scaoileadh leis an saothar strácáil leis ar ar a bhogstró agus ligint don lucht féachana teacht ar a dtuiscintí féin.

’Sé an ceol máithreacha an scannáin agus  tá ceol ó The Cure, A-ha, Duran Duran, The Clash, Hall and Oates, Spandau Ballet agus The Jam le cloisint.

Beidh na cosa ag imeacht ag sliocht na n-ochtóidí, gan aon agó. Úsáideadh an ceol go héifeachtach agus ní haon ionadh seo ón té a scríobh agus a bhí ar an stiúir do Once (2007).

Cé go sleamhnaíonn an chríoch chun áiféise cinntíonn an greann, an maoithneachas agus na taispeántais chumasacha go mbainfidh tú taitneamh as an turas seo siar bóithrín na smaointe.