Bainfear a thuilleadh toite as scéim fuinnimh Foster

Tá gá le beartais tharrthála níos téagartha ná séanadh freagrachta Arlene Foster sa chonspóid faoin scéim fuinnimh in-athnuaite a bhunaigh sí

Bainfear a thuilleadh toite as scéim fuinnimh Foster

Sam Boal/Rollingnews.ie

‘Ní éireoidh mé as oifig, ní haon chladhaire mise,’ arsa Arlene Foster is í ag iarraidh téarma a chur leis an gconspóid faoin gcíor thuathail maidir leis an scéim teasa a bhunaigh sí. ‘Ní dhearna mé tada as bealach,’ ar sí agus í ag fógairt na gcéimeanna tarrthála a ghlacfadh a comharba sa roinn eacnamaíochta chun teorainn a chur leis an dochar.

Rinne Foster idirdhealú suntasach idir an polasaí agus an chaoi ar chuir an Roinn an polasaí sin i bhfeidhm. Ghlac sí freagracht iomlán as an bpolasaí. Ba chirte a rá gur ghlac sí creidiúint as, í bródúil as scéim éiceabhách do ghnólachtaí chun teas a ghiniúint as millíní adhmaid seachas breosla iontaise. Is i ndearadh agus i bhfeidhmiú na scéime a rinneadh botúin, a dúirt sí agus í ag séanadh go raibh baint ar bith acu sin léi féin.

Ba iad na saineolaithe fuinnimh agus na feidhmeannaigh sa roinn a bhí freagrach astu sin, ar sí. Foilseofar pleananna sa bhliain úr chun úsáid, ró-úsáid agus mí-úsáid na scéime a fhiosrú, chomh maith le beartais chun iarracht a dhéanamh an costas £400 milliún a laghdú.

Mar atá ráite anseo cheana bhí Arlene Foster fós ina hAire Fiontair nuair a rinne gearánaí teagmháil léi chun a chur ar a súile go raibh fóirdheontais á n-íoc gan uasteorainn ar bith. Bhí daoine ag dó breosla ceithre huaire fichead sa lá mar go raibh brabach le déanamh as. Chuir Foster an gearánaí i dteagmháil le feidhmeannaigh ina roinn mar is ceart.

Agus rinne sí cúram don ghearán i ndiaidh sin, nach ndearna, arsa tusa?

Is léir anois nár chuir sí oiread is ceist amháin ar fheidhmeannaigh faoin scéal ina dhiaidh sin. “Níor tháinig feidhmeannach ar bith chugam tar éis dóibh labhairt leis an ngearánaí,” a dúirt sí. Agus is léir nár rith sé leis an Aire ná lena comhairleoir speisialta fiosrú ar bith a dhéanamh. Ba thrua é, arsa Foster, go bhfuair an gearánaí an chluas bhodhar sa roinn in 2013 agus arís in 2014. Murab ionann agus Simon Hamilton, a comharba sa roinn sin (a dtugtar an roinn eacnamaíochta anois uirthi), níor ghabh Foster leithscéal leis an mbean, ar tugadh aird uirthi sa deireadh in 2015 tamall sular cuireadh deireadh leis an scéim.

‘Ní dhearna mé aon cheo as bealach,’ arsa Arlene Foster. Ar chirte a rá nach ndearna sí aon cheo? Lánstad.

Níor chuir a seasamh lena hinchreidteacht. Conas a scarann tú feidhmiú polasaí ó pholasaí? Nach mbaineann dualgas maidir le luach maith ar airgead poiblí le polasaí? Go háirithe nuair atáthar ag rá go gcaithfear ciorruithe ar chaiteachas poiblí a threisiú.

Ar fhilleadh ón tSín di, bhí Arlene Foster neamhghéilliúil go maith Dé Luain nuair a labhair sí leis na meáin. Scrúdófar gach foirgneamh a bhfuil deontas faighte ina leith. Scríobhfaidh an roinn chuig gach duine a bhain leas as an scéim chun a gcead a iarraidh go bhfoilseofaí a n-ainmneacha. Níor dhúirt an Chéad-Aire an dtabharfadh sí fianaise don Choiste um Chuntais Phoiblí nó nach dtabharfadh, ach dúirt gurb iad Príomhfheidhmeannaigh na rann na daoine a chaithfidh cuntais a sholáthar don choiste sin de réir reachta. Dhearbhaigh sí gur bhain iarchomhairleoir dá cuid in Oifig an Chéad-Aire leas as an scéim – go dleathach.

Tá an Tionól ar fionraí le haghaidh saoire na Nollag agus is léir go bhfuil an DUP ag súil go maolóidh an teas sula bhfillfidh teachtaí. Caolseans.

Fiú páirtnéirí rialtais an DUP, Sinn Féin, tá siad ag iarraidh ar Foster a dhul os comhar choistí an Tionóil agus tá an UUP agus an SDLP diongbháilte go bhfuil an-chuid ceisteanna ann nár freagraíodh go fóill. Cé a rinne an cinneadh nach gcuirfí uasteorainn ar dheontais abhus mar a bhí i réim sa Bhreatain? Nár bhain sé sin le polasaí? Cérbh iad na daoine sa roinn a labhair leis an ngearánaí agus céard a rinne siad faoin eolas a thug sí dóibh? An mbeidh an roinn in ann téarmaí na gconarthaí le gnólachtaí a athrú ionas nach mbeidh na deontais rófhlaithiúla á bhfáil acu ar feadh fiche bliain?

Anuas ar na ceisteanna sin ar fad tá tochailt ar siúl féachaint ar baineadh claon-úsáid as an scéim sna deich seachtainí sular cuireadh stop leis. Sna míonna deiridh den bhliain seo caite, nuair a bhí sé fógartha go raibh an scéim le scor, chuir timpeall 980 iarratas isteach uirthi. Sin líon níos mó ná mar a rinne iarratais sna trí bliana roimhe sin. Chothaigh an líon mór sin amhras faoin tslí a raibh an scéim á reáchtáil. Uisce faoi thalamh? Ní mór an cor sin sa scéal  a shoiléiriú, ach más mian le daoine a n-ainmneacha a cheilt beidh an ceart sin acu.

Bhí muinín an phobail i Stormont sách lag ach is buille breise é an scannal seo. Buille dúbailte é go bhfuil damáiste déanta don cháil a bhíodh ar ardchumas an Chéad-Aire, ceannaire an DUP. Beidh gá le beartais tharrthála níos téagartha ná séanadh freagrachta Arlene Foster.

Fág freagra ar 'Bainfear a thuilleadh toite as scéim fuinnimh Foster'