Baineann na buntáistí céanna leis an ‘dáchanúnachas’ is a bhaineann leis an dátheangachas – taighde nua

D’oibrigh lucht taighde Cambridge as lámha a chéile le teangeolaithe in Ollscoil na Cipire chun staidéar a dhéanamh ar fheidhmiú cognaíoch páistí a d’fhás aníos ag labhairt Ghréigis na Cipire agus an ‘Nua-Ghréigis Chaighdeánach’

Teanga

Is cuma más dhá theanga nó dhá chanúint atá ag duine, d’fhéadfadh an phróifíl chognaíoch chéanna a bheith aige, de réir taighde nua a rinneadh in Ollscoil Cambridge.

D’oibrigh lucht taighde Cambridge as lámha a chéile le teangeolaithe in Ollscoil na Cipire le staidéar a dhéanamh ar fheidhmiú cognaíoch páistí a d’fhás aníos ag labhairt Ghréigis na Cipire agus an ‘Nua-Ghréigis Chaighdeánach’ – dhá chanúint éagsúla Gréigise a bhfuil gaol gairid lena chéile ach a bhfuil difríochtaí eatarthu ó thaobh an stóir focal, na foghraíochta agus na gradamaí de.

Ghlac os cionn 130 páiste páirt sa taighde – 64 páiste ‘dáchanúnacha’, 47 páiste ilteangacha agus 25 páiste aonteangacha. Cuireadh stádas socheacnamaíoch, cumas teanga agus ‘éirim ghinearálta’ na bpáistí san áireamh agus torthaí an taighde, a rinneadh ina dhá chuid, á meas.

D’éirigh i bhfad níos fearr leis na páistí ‘dáchanúnacha’  agus ilteangacha sna scrúduithe éagsúla a cuireadh orthu – inar measadh an chuimhne, an aird agus an tsolúbthacht chognaíoch – ná mar a d’éirigh leis na páistí aonteangacha.

Tagann na torthaí sin le staidéar eile a rinneadh le deireanas sa tSualainn inar iniúchadh an dul chun cinn acadúil a bhí déanta ag páistí ar múineadh dóibh cén chaoi dhá chanúint de chuid na Sualainnise a scríobh. Bunaithe ar thorthaí na scrúduithe náisiúnta, fuarthas go raibh marcanna níos airde ná na meánmharcanna náisiúnta sna scrúduithe léitheoireachta agus uimhríochta ag na páistí a d’fhoghlaim an scríobh sa dá chanúint.

Maíonn Napoleon Katsos, an teangeolaí ó Ollscoil Cambridge a rinne an taighde nua, gurb é an tátal atá le baint as an eolas nua seo ná gurb ionann na buntáistí atá ag páistí dátheangacha agus na buntáistí atá ag páistí ‘dáchanúnacha’.

“Bíonn buntáistí an dátheangachais i gceist nuair a bhíonn aon mheascán de dhifríochtaí teanga, fad is go bhfuil na difríochtaí sách éagsúil lena chéile le dúshlán a chur ar an inchinn. D’fhéadfadh gur canúintí na teanga céanna iad, d’fhéadfadh gur dhá theanga a bhfuil gaol eatarthu iad, leithéidí na hIodáilise agus na Spáinnise, nó d’fhéadfadh gur dhá theanga a bhfuil difear lá agus oíche eatarthu iad, an Béarla agus an Mhandairínis, abair.

“Tá an chosúlacht ar an scéal go gcruthaíonn an t-athrú córasach idir dhá fhoirm de theanga, fiú teangacha atá an-chosúil lena chéile, an spreagadh breise a theastaíonn le cur leis an bhfeidhmiú cognaíoch,” a dúirt Katsos.

Dúirt sé gur buntáiste é an “iolracht” chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teanga agus nach dtugtar dóthain airde ar chanúintí. Tá sé ag súil go léireoidh a gcuid taighde go bhfuil buntáistí ag baint leis an ‘dáchanúnachas’ agus go bhfuil tábhacht leis an méid sin san oideachas agus i bhfoghlaim teanga.

Tá Katsos agus a fhoireann fós i mbun oibre agus tá taighdeoirí in Ollscoil na Bruiséile anois ag obair in éineacht leo le staidéar a dhéanamh ar theangacha agus ar chanúintí na Beilge.