Baineann contae amháin agus cailleann contae eile. Ní féidir leis an draíocht is láidre ar domhan an riail sin a bhriseadh…

Is é an trua nach raibh draíocht an scilling sí ar obair arú inné agus Gaillimh agus Port Láirge i mbun iomána, dar leis an Saighdiúir Samhraidh

Baineann contae amháin agus cailleann contae eile. Ní féidir leis an draíocht is láidre ar domhan an riail sin a bhriseadh…

Bhí go maith agus ní rabh go holc. Bhí unsa tobaca a dhíth ar Phadaí eadar sin agus an oíche, agus chuaigh sé siar ionns ar fhear siopa a bhí i Málainn Mhóir, agus d’iarr sé unsa tobaca air. Thug fear an tsiopa sin dó, agus chaith sé anonn an scilling, agus fuair sé a bhriseadh arais as an scilling. Ag teacht aniar an bealach mór dó chuir sé a lámh ina phóca, agus nuair a dhearc sé ar an airgead a bhí ina phóca, bhí an briseadh agus an scilling arais aige.

(Sliocht as ‘An Scilling Sí; as Síscéalta ó Thír Chonaill, in eagar ag Seán Ó hEochaidh, Máire Ní Néill agus Séamas Ó Catháin)

Is é an trua nach raibh draíocht an scilling sí ar obair arú inné agus Gaillimh agus Port Láirge i mbun iomána. Sea, is trua agus míle trua nach raibh an dá chontae agus a lucht leanúna in ann an scilling agus an briseadh a fháil ar ais agus go mbeadh siad uilig chomh sásta lena chéile. Is é an trua nach raibh bunadh na gcnoc in ann cleas a imirt ar údaráis CLG le go gcríochnódh an cluiche seo ar comhscór, arú inné, arú amárach, arú arú amárach; go leanfadh an cluiche ar aghaidh agus ar aghaidh, ar nós fleá i gcaisleán de chuid na ndaoine beaga, agus nach mbeadh tart ná ocras ar dhuine ar bith go deo.

Is trua nach dtabharfadh an cleas sin ar na húdaráis a aithint nach raibh buaiteoir le bheith ann i lios sin na gcluichí Gaelacha, nach gceadódh na daoine maithe go mbeadh bua ná díomua ann agus gur chóir an corn a roinnt idir an dá threibh. Bhronnfaí uachtar an choirn ar Ghaillimh agus íochtar an choirn ar Phort Láirge! Is trua nach féidir linn teacht ar sheift Ghaelach le fadhb Ghaelach a fhuascailt. Tá go leor fianaise sa tseanchas againn gur féidir linn teacht ar chomhréiteach den tsórt seo. Nár tugadh ar Thuatha Dé Danann an tír a roinnt lá den tsaol, an rogha a dhéanamh idir an tír faoin spéir agus an tír faoin talamh?

Ach spórt atá ann. Cluiche ceannais uile-Éireann atá ann. Baineann contae amháin agus cailleann contae eile. Sin iad na rialacha. Ní féidir leis an draíocht is láidre ar domhan an riail sin a bhriseadh. Beidh an buaiteoir ann agus an caillteoir as. An duine atá thuas, óltar deoch air agus an duine atá thíos, caoineann sé uisce a chinn. Cad é a thugann na Poncánaigh ar an duine a fhaigheann an bonn airgid? An chéad chaillteoir!

Bhain Gaillimh agus chaill Port Láirge. Seaimpíní agus caillteoirí; buach agus briste. Moltar iad beirt. A leithéid de chluiche, cluiche a bhí “ag luascadh ar lúdracha, anonn agus anall” mar a déarfadh Ó Dónaill. Ní luascadh go laochra iomána. Ní luascadh go camáin. An dtugann adhmad na gcamán neamhiontas ar rialacha na fisice? An maireann camán i gcluiche ceannais iomána uile-Éireann idir dhá shaol – saol na fisice agus saol na sí – saol amháin a thugann le fios duit gurb ann don domhantarraingt agus gur fíor do E=mc2 agus saol eile a thugann le fios nach ann do na rialacha sin ar chor ar bith agus go bhfuil cead do chinn agus do chamáin agat an sliotar a lúbadh tríd an réaltra, beag beann ar mhata? Einstein? Cad é an bhaint atá ag Einstein le cluichí Gaelacha? Ar imir Einstein iomáint riamh?

Ba cheart dom cleas an rómáns a dhéanamh anois, nár cheart? Ba cheart dom misneach Phort Láirge a mholadh – ba iad a bhí lán misnigh – agus a rá go mbeidh lá eile ag an bPaorach, go bhfuil muid bródúil astu, go ndearna siad a ndícheall. Tá muid bródúil astu agus rinne siad a ndícheall ach cá bhfios an mbeidh lá eile acu sa lios cois Life?

Sin an donas a bhaineann leis an tsíscéal. A luaithe agus a bhristear an draíocht, cuirtear deireadh leis an scéal. Níl ceart ar bith ar achainí ann. Tá an draíocht ann; tá an draíocht as. Tá an scilling caite.