Bain sult as an mbolgam sin mar tá géarchéim chaife chugainn…

Maítear i dtuarascáil ón Astráil go mbeidh caife ag éirí gann as seo go ceann tríocha bliain, de bharr athrú na haeráide

Bain sult as an mbolgam sin mar tá géarchéim chaife chugainn…

Rinne mé cupán caife sciobtha sa bhreis dom féin sular chuir mé tús leis an gcolún seo. Más fíor do thuarascáil a d’fhoilsigh an institiúid taighde Astrálach The Climate Institute an tseachtain seo, beidh an leacht dubh a thugann fuinneamh don duine ag éirí gann as seo go ceann tríocha bliain.

Faoin mbliain 2050, a deir údair na tuarascála, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann pónairí caife a fhás ach i leath de na limistéir ar fud an domhain a bhfuil an t-earra sin á fhás ann faoi láthair.

Athrú aeráide is cúis leis sin.

Tá tionchar ag téamh an domhain ar an táirgeacht cheana féin. Le blianta beaga anuas, scrios an triomach aon trian de na pónairí caife sa cheantar is mó a bhíonn siad á bhfás ann sa Bhrasaíl.

An bháisteach agus ardú na teochta is cúis le scaipeadh an fhungais hemileia vastatrix (‘meirg chaife’) sa Cholóim. Tá titim caoga faoin gcéad ar fhómhar caife na Tansáine.

Tá tionscal an chaife féin buartha.

‘Tá scamall dorcha os ár gcionn,’ a deir Mario Cerutti ón gcomhlacht Iodálach Lavazza. ‘Tá sé seo an-tromchúiseach ar fad. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag athrú aeráide sa ghearrthréimhse. Ní faoin todhchaí atáimid ag caint anseo, ach faoin am i láthair.’

‘Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo ar feadh deich, fiche nó tríocha bliain eile, d’fhéadfadh ár slabhra soláthair a bheith i mbaol mór,’ a deir Jim Hanna, stiúrthóir chúrsaí timpeallachta an chomhlachta Mheiriceánaigh Starbucks.

Ní hiad na ceantair a bhfuil pónairí caife á bhfás iontu amháin a bheidh thíos leis an ngéarchéim aeráide.

Tá sé á thuar i dtuarascáil The Climate Institute go mbeidh pónairí caife á bhfás níos faide amach ón meánchiorcal amach anseo, agus níos faide suas sna sléibhte.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh foraoiseacha i mbaol, agus go mbeidh caife á fhás ar thailte ar a mbíonn bia do mhuintir na háite á fhás faoi láthair.

Mar bharr ar an donas, a deir na taighdeoirí a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile, is feirmeoirí beaga iad formhór mór na bhfeirmeoirí a fhásann pónairí caife, daoine nach mbeidh sé d’acmhainn acu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin athrú na haeráide ina n-aonar.

Gan dabht, sin iad na daoine is mó a bheadh thíos le tionchar athrú na haeráide ar fhás pónairí caife. Tá 120 milliún duine in os cionn 70 tír ag brath ar an tionscal.

Céard is féidir le handúiligh chaife a dhéanamh chun tionchar na géarchéime atá á tuar a laghdú?

Caife ó thrádáil chóir agus ó thalmhaíocht inbhuanaithe a cheannach, a deir lucht na tuarascála. (Eagraíocht chóirthrádála na hAstráile agus na Nua-Shéalainne a choimisiúnaigh tuarascáil The Climate Institute.) 

Cuimhneoidh mé air sin an chéad uair eile a bheidh mé san ollmhargadh, ach tá faitíos orm nach í an fheirmeoireacht chaife an chúis is mó atá le téamh an domhain agus nach mbeidh i ngéarchéim chaife, má tharlaíonn sé, ach fadhb bheag bhídeach i gcomparáid lena bhfuil romhainn ar an bpláinéad seo ó thaobh géarchéimeanna aeráide de.

Fág freagra ar 'Bain sult as an mbolgam sin mar tá géarchéim chaife chugainn…'

  • Fearn

    Tá an t-ádh orm gur chaith mé an darna cupán maidin inniu má bhéas íota caife romham.

    Díol spéise domhsa go bhfuil “stiúrthóir chúrsaí timpeallachta” ag muintir Starbucks.

    Beidh ar fheirmeoirí bheith seiftiúl i leith fearainn úir curaíochta, agus barraí do na seanfhearainn.

    Ach i ndeireadh an fríde, deirtear nach bhfaigheann feirmeoirí na síolta caife seo ach 1c an cupán a dhíoltar ar 3/4 € san Eoraip

  • Seán Ó Floinn

    SEAFÓID!! Tá rudaí áiféiseacha á dtuar ag gníomhaithe athrú aeráide le tamall fada anuas, agus bhí dul amú orthu i gcónaí! Dúradar go mbeadh an ola ídithe faoin tréimhse seo (https://en.wikipedia.org/wiki/Peak_oil). In 1968 scríobh Paul Ehrlich ‘The Population Bomb’, á rá go bhfaigheadh 65 mhilliún Meiriceánach bás den ocras idir 1980-89.

    Ná bí chomh saonta sin!

  • FÓM

    Cuireann sé seo, an t-ábhar seo, as go mór dom. Fadó, bhí sé seo le rá: Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmaid. Ach anois tá sé seo le rá: Can a dhéanfaimid feasta gan caifé… :-(

  • Pól Réamonn

    Faoin mbliain 2050, ní bheidh faitíos ar bith orm cad a tharlaionn le pónairí caife.