‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ – cruinniú le lucht Gaillimh 2020 le bheith ar an Spidéal anocht

Tá cruinniú na hoíche anocht á reáchtáil mar chuid den scéim ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ atá ar bun ag lucht Gaillimh 2020 le heolas ar an bhfeachtas a scaipeadh ar fud an chontae

Galway has just six months before it must submit its first bid document to the European Capital of Culture (ECOC) jury in October competing against Dublin, Limerick and the South East. An Taoiseach, Enda Kenny, visited the new office briefly on Thursday, 30 April, where he met with the extended Galway2020 team who will be located at the open office .Photo:Andrew Downes
Pictiúr: Andrew Downes

Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Spidéal anocht le hiarratas na Gaillimhe le bheith ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a phlé.

Níl ach trí seachtaine fágtha go dtí go dtabharfaidh na moltóirí cuairt ar na ceantair éagsúla atá fós istigh ar an gcomórtas: Gaillimh, Luimneach agus “Na Triúr Deirfiúracha” in oirdheisceart na tíre leis an mbuaiteoir a roghnú.

Tá cruinniú na hoíche anocht á reáchtáil mar chuid den scéim ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ atá ar bun ag lucht Gaillimh 2020 le heolas ar an bhfeachtas a scaipeadh ar fud an chontae.

Táthar ag súil le Coiste Gaillimh 2020 a bhunú ar an Spidéal le plean a réiteach don bhaile agus don cheantar máguaird i dtreo 2020 agus súil ag lucht an fheachtais gur ar Ghaillimh a bhronnfar an stádas.

Ag labhairt ag an gcruinniú beidh Oifigigh Ghaeilge na Comhairle Cathrach agus Contae, Páid Ó Neachtain agus Ailish Bhreathnach, chomh maith le hionadaithe ó fhoireann Gaillimh 2020 féin. Is i nGaeilge a reáchtálfar an cruinniú.

Dúirt Páid Ó Neachtain, oifigeach na Comhairle Contae, gur “léir gur togra cathrach agus contae” atá i nGaillimh 2020 agus go bhfuil an coiste ag iarraidh go “ndéanfaidh muintir na mbailte beaga timpeall an chontae a gcuid féin” den iarratas.

“Tá tograí píolótacha ann cheana féin i mBaile Átha an Rí agus in Áth Cinn, ach tá Gaillimh 2020 ag iarraidh coiste a bhunú sa Spidéal le breathnú céard a d’fhéadfaidís a dhéanamh sa cheantar sin le cur leis an iarratas.

“Beidh na moltóirí ag teacht i lár mhí Iúil agus as seo go sin tá muid ag iarraidh go gcloisfidh an méid is mó daoine agus is féidir timpeall an chontae faoin iarratas, agus ag iarraidh na pobail áitiúla a spreagadh a theacht aníos le plean,” a dúirt sé.

Dúirt sé go ndeachaigh sé go mór chun tairbhe na gceantar eile ar ar bronnadh an stádas go dtí seo agus luaigh sé go bhféadfadh ardú suas le 40% a theacht ar líon na dturasóirí a bheadh ag triall ar an gcontae le linn na bliana 2020 dá mbeadh an stádas ag Gaillimh, agus ardú suas le 20% sna blianta ina dhiaidh sin.

“Tá an dá chomhairle go huile is go hiomlán taobh thiar den iarratas agus bhí ón gcéad lá riamh. Tá 50% den iarracht ag teacht ó mhuintir na cathrach agus tá 50% di ag teacht ó mhuintir an chontae.

“Beidh deiseanna turasóireachta, infreastruchtúir agus eile ann mar gheall ar an iarratas féin, gan caint ar na deiseanna a bheadh ann dá mbainfí an stádas amach. Fiú mura n-éireodh linn é a fháil, tá an-obair déanta cheana féin agus déanfar a thuilleadh agus tiocfaidh sí chun tairbhe an chontae trí chéile,” a dúirt Ó Neachtain.

Tá tábhacht ar leith ag baint le cruinniú na hoíche anocht mar is i mbaile Gaeltachta a bheidh sé á reáchtáil agus trí mheán na Gaeilge. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar chroí-chuid den iarratas a chuirfear faoi bhráid na moltóirí i lár an tsamhraidh, cé go bhfuil lucht Gaillimh 2020 an-tostach faoina bhfuil i leabhar an iarratais féin toisc go bhfuil an comórtas fós ar siúl.

Go deimhin, tá ‘Teanga’ ar cheann de na trí mhórthéama atá san iarratas, chomh maith le ‘Tírdhreach’ agus ‘Diaspóra’.

Chas foireann Gaillimh 2020 le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta sna Forbacha le deireanas le ról na Gaeltachta san iarratas a phlé, agus tá siad ag obair “as lámha a chéile” le Gaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn sa chathair, freisin.

Beidh an cruinniú ar siúl ag 19.30 anocht i Halla Scoil Éanna ar an Spidéal. Cuirfear deireadh leis ag 21.00.

Fág freagra ar '‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ – cruinniú le lucht Gaillimh 2020 le bheith ar an Spidéal anocht'