Baill Oireachtais agus polaiteoirí as an mBreatain le Brexit a phlé Dé Máirt

Beidh ionadaithe i láthair ó Pharlaimint Westminster, Parlaimint na hAlban, Tionól na Breataine Bige, agus Tionól Thuaisceart Éireann, chomh maith le toscaireachtaí ó Oileán Mhanann agus Geansaí agus Geirsí

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Pléifidh baill Oireachtais agus polaiteoirí as an mBreatain impleachtaí Brexit ag cruinniú de chuid Thionól Parlaiminteach na Breataine – Éireann i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn.

Beidh ionadaithe i láthair ó Pharlaimint Westminster, Parlaimint na hAlban, Tionól na Breataine Bige, agus Tionól Thuaisceart Éireann, chomh maith le toscaireachtaí ó Oileán Mhanann agus Geansaí agus Geirsí.

Is é an tAire Stáit do Ghnóthaí an Diaspóra, Joe McHugh, a chuirfidh tús leis an gcruinniú agus cur síos aige ar an méid ag tarlú idir an Bhreatain agus an tír seo. Labhróidh an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt, Patrick O’Donovan faoi chúrsaí turasóireachta idir an Ríocht Aontaithe agus Éire agus an “idircheangal” idir an dá stát.

Dúirt Comh-Chathaoirleach an Tionóil, an Teachta Dála Kathleen Funchion, go mbeifear ag súil go mbeidh an caidreamh idir an dá stát agus na chomh maith céanna is a bhí siad sular vótáil muintir na Ríochta Aontaithe an tseachtain seo caite leis an Aontas Eorpach a fhágáil.

an cruinniú á reáchtáil “ag tráth na cinniúna”, dar le Andrew Rosindell MP, leaschathaoirleach an Tionóil.

“Tá ag súil go mór le casadh le mo chomhpharlaiminteoirí i dTithe an Oireachtais agus sna tionóil chineachta sa Ríocht Aontaithe, agus le bheith ag plé na gceisteanna a chaithfear a réiteach sna míonna amach romhainn,” a dúirt sé.

Beidh an Tionól ag teacht le chéile in Óstán an Grand i Mullach Íde Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn.

Fág freagra ar 'Baill Oireachtais agus polaiteoirí as an mBreatain le Brexit a phlé Dé Máirt'