Bailiúchán na Gaillimhe ar fáil ar dúchas.ie

Ábhar ó athair an Taoisigh sa bhailiúchán ó Ghaillimh ar an suíomh dúchas.ie, a seoladh an tseachtain seo caite. Tá ábhar ar fáil ó scoileanna Chois Fharraige, Chonamara agus Árann sa bhailiúchán.

Cuid d’ábhar ó bhailiúchán www.duchas.ie
Cuid d’ábhar ó bhailiúchán www.duchas.ie

Tá ábhar béaloidis a bhailigh Hannraoi Ó Coinnigh – athair an Taoisigh Enda Kenny – ó dhaltaí scoile i nGaeltacht Chonamara beagnach ceithre scór bliain ó shin, i measc an ábhair atá curtha ar fáil anois den chéad uair i bhfoirm dhigiteach. Múinteoir i scoil Dhoire Bhó Riada in aice leis an Sraith Salach a bhí in athair an Taoisigh ag deireadh na dtríochaidí, nuair a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann an scéim ‘Bailiúchán na Scol’ ar bun.

Is éard atá san ábhar seo ná scéalta seanchais, béaloidis agus finscéalta; cur síos ar chluichí agus ar chaitheamh aimsire; eolas ar mhodhanna oibre agus ar cheirdeanna; agus roinnt tomhas agus seanfhocal. Is féidir cuardach a dhéanamh ar theidil na míreanna (ainm an scéil srl), ar an teanga ina scríobhadh í (Gaeilge nó Béarla), agus ar ainm an té a bhailigh an t-ábhar nó a chuir an t-ábhar ar fáil.

Tá fáil anois ar líne ar bhreis agus 35,000 leathanach d’ábhar a bailíodh i scoileanna i gContae na Gaillimhe, Cois Fharraige, Conamara agus Oileáin Árann san áireamh, le linn na dtríochaidí.

Go náisiúnta, bailíodh tuairim is 500,000 leathanach cóipleabhar ó os cionn 50,000 dalta bunscoile idir na blianta 1937-1939.

Seoladh an suíomh Dúchas.ie i mí na Nollag seo caite nuair a foilsíodh ábhar as ceithre chontae a bhaineann le Bailiúchán na Scol. Is iad na contaetha sin: Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Maigh Eo agus Port Láirge.

– Is féidir teacht ar an mbailiúchán anseo: https://www.duchas.ie/ga/cbes/GA