Baile Átha Cliath ar thairseach na staire ach bua ag teastáil go géar ó Chiarraí

Is é cluiche na hoíche anocht i dTrá Lí an choimhlint is mó sa tsraith peile an deireadh seachtaine seo gan aon agó agus foireann Bhaile Átha Cliath ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an stair

Baile Átha Cliath ar thairseach na staire ach bua ag teastáil go géar ó Chiarraí

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

B’fhéidir go mbeadh sé ag dul thar fóir a rá gur anois nó riamh é ag peileadóirí Chiarraí agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa tsraith, ach is cinnte gur mó an tairbhe a bhainfeadh fir na Ríochta as bua i gcluiche na hoíche anocht ná mar a bhainfeadh Baile Átha Cliath.

Mar sin féin, tá cúis bhreise ag foireann Jim Gavin agus iad ag iarraidh curiarracht a bhaint amach i dTrá Lí. Ní hé bun agus barr an scéil dóibh é, ach má bhuann siad, beidh 34 cluiche sraithe agus craoibhe imeartha acu agus gan aon cheann acu caillte acu. Cé gur éacht a bheadh ann a leithéid a dhéanamh – is ag foireann Chiarraí 1928-1933 atá an churiarracht – shamhlófá nach gcuirfeadh sé Gavin, fear nach gcaitheann an oiread sin ama ag breathnú siar, ó chodladh na hoíche mura n-éiríonn leo.

Ar an lámh eile, cé nach í an tsraith an rud is tábhachtaí dóibh, bheadh faoiseamh mór i gceist dá mbuafadh Ciarraí anocht. Cé gurb í foireann Éamonn Fitzmaurice an dream deireanach ar éirigh leo fir na príomhchathrach a chloí (in earrach 2015) tá an ceann is fearr faighte ag Baile Átha Cliath orthu i bhfad níos minice ná a mhalairt le roinnt blianta anuas. Ó 2011, tá naoi gcinn den 11 cluiche idir na foirne seo buaite ag fir Jim Gavin.

Ní raibh an chuma ar Bhaile Átha Cliath go raibh siad i mbarr a maitheasa sa chéad trí bhabhta den tsraith ach scéal eile ar fad a bhí ann coicís ó shin nuair a thug siad aghaidh ar Mhaigh Eo, an fhoireann is mó a thug dúshlán dóibh le cúpla bliain anuas. Rinne Baile Átha Cliath scrios orthu.

Tá sé chomh deacair céanna léamh a dhéanamh ar Chiarraí ó thús na sraithe seo. Dhá chluiche atá buaite acu agus dhá chluiche atá caillte acu i Roinn 1 go dtí seo. Bhí cuma na maitheasa orthu in aghaidh Dhún na nGall agus Ros Comáin ach ba ad na deiseanna a chuir siad amú in aghaidh Mhuineacháin agus Mhaigh Eo a mharaigh iad. Má bhíonn an locht céanna orthu anocht, is cinnte go mbainfidh Baile Átha Cliath buntáiste as gach deis.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath ar thairseach na staire ach bua ag teastáil go géar ó Chiarraí'