Baghcat ar S4C mar gheall ar fhotheidil dhóghreanta Bhéarla

Tugann fotheidil dhóghreanta ‘le fios don lucht féachana go bhfuil an teanga chomh lag agus chomh mionlaithe sin nach bhféadfaí eispéireas ceart teilifíse a chur ar fáil inti’ a deir an Dr Simon Brooks

S4C

Rinne gníomhaithe teanga sa Bhreatain Bheag baghcat an tseachtain seo caite ar S4C le cur in aghaidh fotheidil dhóghreanta Bhéarla ar an stáisiún Breatnaise S4C.

Tá fotheidil roghnacha Bhéarla ar fáil ar roinnt cláracha Breatnaise cheana – níl le déanamh ach an ‘cnaipe dearg’ a bhrú – ach tá lucht an fheachtais oibrithe mar gheall ar an gcinneadh a rinne S4C fotheidil dhóghreanta a thabhairt isteach an tseachtain seo caite ar bhonn trialach.

Le linn na seachtaine seo caite, níorbh fhéidir le cainteoirí Breatnaise, nár spéis leo fotheidil Bhéarla a fheiceáil, na fotheidil chéanna a mhúchadh ar a scáileán. Thóg siad orthu féin é baghcat a dhéanamh ar an stáisiún ar feadh na seachtaine, a fhad is a bhí na fotheidil thrialacha á gcur ar na cláracha.

Thug an Dr. Simon Brooks, duine de na gníomhaithe teanga is aitheanta sa Bhreatain Bheag, a thacaíocht don bhaghcat ar S4C agus é ag súil go léireofaí do lucht bainistíochta an stáisiúin gur “mó an lucht dílis féachana a chaillfidh siad ná an lucht fánach féachana a mheallfaidh siad”.

“Tá ceist na bhfotheideal dhóghreanta an-chonspóideach sa Bhreatain Bheag. Ní mórán é cúig lá [fad na trialach] ach táthar imníoch go bhfuiltear á dtriail anois, agus meon an phobail á mheas, agus go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhonn níos buaine amach anseo.

“An chúis gur cuireadh an baghcat suas ná go bhfuil brú polaitiúil anois ann go mbeadh an dátheangachas níos mó sa treis ar S4C. Nílimid ag iarraidh go mbeadh borradh faoi na figiúirí féachana an tseachtain seo a d’fhéadfaí a úsáid mar leithscéal amach anseo na fotheidil dhóghreanta a thabhairt isteach,” a dúirt Brooks le Tuairisc.ie.

Dar le Brooks, níl aon ghlacadh ag an lucht féachana Breatnaise leis an gcinneadh a rinne S4C. Táthar sásta leis an gcóras mar atá – go mbíonn na cláracha ann i mBreatnais agus an rogha acu sin nach bhfuil an teanga acu cnaipe a bhrú agus na fotheidil Bhéarla a lasadh ar a scáileán.

“Ní chuireann an BBC, Sky, ná stáisiúin teilifíse na Fraince fotheidil dhóghreanta ar a gcuid cláracha agus tá cúis leis sin – cuireann siad isteach ar an lucht féachana.

“Tugann fotheidil le fios don lucht féachana go bhfuil an teanga chomh lag agus chomh mionlaithe sin nach bhféadfaí eispéireas ceart teilifíse a chur ar fáil inti.

“Níl duine ar bith ag iarraidh a bheith ag breathnú ar fhotheidil an t-am ar fad. Tá siad ceart go leor uair sa mí agus tú ar cuairt ag an bpictiúrlann avant-garde i Caerdydd ach an gnáthdhuine atá ag teacht abhaile ón obair agus é spíonta, níl uaidh ach canna beorach a oscailt agus ruainne beag teilifíse a fheiceáil, gan a bheith mar chuid de thurgnamh teilifíse nó teangeolaíoch,” a dúirt sé.

Tá Brooks diongbháilte de nach ar leas na Breatnaise ná S4C a bheadh sé dá dtabharfaí fotheidil dhóghreanta isteach.

Tá sé den tuairim go gcuirfí ó dhoras an chuid is dílise den lucht féachana atá ag an stáisiún cheana féin, sna ceantair láidre Breatnaise ar mhaithe le daoine a “d’fhéadfadh a theacht ar an stáisiún trí thimpiste ar sheirbhís dhigiteach i Sasana” a mhealladh leis na fotheidil.

“Tá S4C ag breathnú go sonrach ar a bhfuil ar siúl ag BBC Alba le cúig bliana anuas, agus tá caidreamh acu féin, ar ndóigh. leis an BBC.

“Ach tá an Bhreatnais i bhfad níos láidre ná mar atá an Gháidhlig agus is mór an bhuairt dúinn é go mbeifí ag dul sa treo sin. Tá díospóireacht thromchúiseach ann – cé na buntáistí atá le fotheidil Bhéarla do theangacha mar seo?

“Má tá cainteoir Breatnaise ag breathnú ar Match of the Day a á chraoladh ó Shasana, ach é in éineacht lena chairde ón mbaile, ní dócha go gcuirfeadh sé sin brú air Béarla a labhairt feasta.

“Ach gach uair a bhreathnaíonn cainteoir mionteanga ar chlár ina theanga féin agus a fheiceann sé fotheidil, tugann sé le fios go bhfuil rud éigin difriúil faoi. Is mó dochar ná sochar a dhéanann siad,” a mhaígh an Dr. Brooks.

Dúirt sé freisin go bhféadfadh gur ar aimhleas an stáisiúin féin a bheadh sé dá dtabharfaí na fotheidil isteach agus dá gcuirfí ceisteanna dá bharr faoin luach atá ag S4C mar chraoltóir seirbhíse poiblí.

“Cén bunús a bheadh acu le £100,000,000 a chaitheamh ar stáisiún Breatnaise más í an chloch is mó ar a bpaidrín ná cainteoirí Béarla a mhealladh chun na gcláracha? Mhaífinn nach bhfuil aon bhunús leis sin, agus go gcaithfí a bheith airdeallach nach gcaillfí an sainchúram atá ar an stáisiún,” a dúirt sé.

Tá sé “aisteach”, dar le Brooks, nach mbíonn lucht féachana TG4 i mbun agóide níos minice mar gheall ar na fotheidil dhóghreanta Bhéarla atá ar an stáisiún Gaeilge, ach go dtuigeann sé go bhfuil difear mór idir a bheith ag iarraidh cúrsaí mar atá a athrú agus a bheith ag iarraidh stop a chur le hathrú nach bhfuil déanta fós.

“Tá an teicneolaíocht ann, tá sé in úsáid againne. Tá sé aisteach go mbeadh TG4 ag cur in iúl nach bhfuil siad sásta an rogha a thabhairt do chainteoirí Gaeilge gan fotheidil Bhéarla a bheith acu ar fhaitíos go mbeadh ar chainteoirí Béarla an dua a chur orthu féin cnaipe a bhrú,” a dúirt sé.

Ba í príomhaidhm bhaghcat na seachtaine seo ná cur in aghaidh na bhfotheideal loiscthe Béarla agus dúirt Brooks go mba mhaith leis fotheidil Bhreatnaise a fheiceáil “ach an saol a bheith ina cheart”.

“Tá go leor foghlaimeoirí i mbun an bhaghcait an tseachtain seo mar cuireann na fotheidil Bhéarla isteach ar a gcuid foghlama. B’fhearr leo dá mbeadh na fotheidil imithe, nó níos fearr fós, go mbeadh siad in ann an Bhreatnais labhartha a leanúint ar an scáileán le fotheidil Bhreatnaise.

“Is amhlaidh an scéal do dhaoine nach bhfuil éisteacht na gcluas chomh maith sin acu, nó atá bodhar ar fad, b’fhearr leo sin na fotheidil Bhreatnaise freisin,” a dúirt sé.

Léachtóir i Scoil na Breatnaise in Ollscoil Caerdydd agus gníomhaí teanga aitheanta is ea Brooks. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris Bhreatnaise Barn ar feadh deich mbliana agus ina chomheagarthóir ar an iris Tu Chwith roimhe sin. Bhí sé ar dhuine de lucht bunaithe Cymuned, grúpa a bhíonn i mbun feachtais ar son phobal na Breatnaise agus phobal na tuaithe sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Baghcat ar S4C mar gheall ar fhotheidil dhóghreanta Bhéarla'

  • Aaron

    Ní thuigim cén fáth nach bhfuil TG4 ag cur na fotheidil ar an cnaipe dearg. Bhí an teicneolaíocht acu cluiche rugbaí a thaispeáint ar an gcnaipe dearg (ar Saorview agus Virgin Media) le linn an chláir Vóta 2016.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ta feachtas pearsanta ar siúl agam le blianta na fotheidil a bheith roghnach ar TG4. Ní hamháin go gcuireann siad isteach ar an bpictiúr ach tá siad tarraingteach sa drochshlí nach bhfuil dul as ach iad a léamh. Agus is minic iad a bheith mí-chruinn anuas ar sin. Sampla de seo le déanaí agus bean ón mBlascaod ag rá gurb ionann di an tOileán agus Parthas, a aistríodh go Paris!!