‘Bac ar thógáil Gaelscoileanna’ an t-aon tagairt don Ghaeilge i bhforógra an DUP

Deir an páirtí go rachaidh siad i ngleic leis an mbuntáiste atá á thabhairt, dar leo, do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil

_89074335_dupmanifesto1

Tá an DUP le bac a chur ar thógáil Gaelscoileanna úra de réir an fhorógra toghcháin a d’fhoilsigh siad inné.

San aon tagairt amháin don Ghaeilge sa doiciméad, i rannóg dar teideal, The Next Steps in an Education Equality Agenda,  fógraítear go ndéanfaidh an DUP iarracht “cothrom na Féinne a thabhairt do gach earnáil oideachais, scoileanna riachtanais speisialta san áireamh”.

Ciallaíonn sé seo, a deirtear, go rachaidh siad i ngleic leis “an chóir fhabhrach” atá á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Tá rún ag an DUP deireadh a chur le Teastas Oiliúna Múinteorí Caitliceacha agus deireadh a chur le hAlt 71 a thugann díolúine ón reachtaíocht comhionannas fostaíochta i gcúrsaí múinteoireachta.

Ní luaitear an Ghaeilge ach amháin sa tagairt sin do Ghaelscoileanna agus ní luaitear na focail ‘cultúr’ nó ‘na healaíona’ sa cháipéis ach an oiread.

Deirtear san fhorógra go bhfuil an DUP meáite ar Institiúid Albainis Uladh a bhunú le taighde agus oideachas a chur chun cinn maidir leis an ngné sin d’fhéiniúlacht Thuaisceart Éireann.

Anuas air sin, tá an páirtí tiomanta de go mbeidh “an bhratach náisiúnta” ar foluain 365 lá sa bhliain agus go mbeidh lá saor ar an 5 Bealtaine 2021, cothrom céad bliain ó tháinig ann do stát Thuaisceart Éireann de réir dlí. Deir an páirtí go gcaithfear an bhliain sin “ag ceiliúradh agus ag iniúchadh ár staire”.

Fág freagra ar '‘Bac ar thógáil Gaelscoileanna’ an t-aon tagairt don Ghaeilge i bhforógra an DUP'

  • Breathnóir

    Mo náire iad! Ba chóir rud éigin a dhéanamh faoin gciníochas teangeolaíoch seo. Gearán ón leibhéal is airde ón rialtas i mBaile Átha Cliath, mar thús.