‘Babel fish’ Douglas Adams cruthaithe ag Google Translate

D’fhógair Google a earra nua aistriúcháin, na Google Pixel Buds, ag ócáid i San Francisco an tseachtain seo

‘Babel fish’ Douglas Adams cruthaithe ag Google Translate

Tá macasamhail ‘Iasc Bháibil’ ón leabhar The Hitchhiker’s Guide to the Galaxy déanta ag Google.

D’fhógair Google a earra nua, na Google Pixel Buds, ag ócáid i San Francisco an tseachtain seo. Ceanglaítear na cluasáin le fóin chliste de chuid Google agus déantar nasc le Google Assistant, uirlis ar an bhfón a chabhraíonn leis an úsáideoir teacht ar aipeanna an fhóin.

Maíonn Google go bhfágann sé seo gur féidir leis na cluasáin ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ar 40 teanga. Léiríodh ag an ócáid seolta gur féidir leis an uirlis ateangaireacht chruinn, sciobtha a dhéanamh idir an tSualainnis agus an Béarla.

Labhraíonn an té atá ag caitheamh na gcluasán ina theanga dhúchais agus tugtar aistriúchán ar an méid sin trí challaire an fhóin. Nuair a fhreagraíonn an duine eile, tugtar aistriúchán ar an bhfreagra sin trí na cluasáin.

Faoi láthair, caithfear Pixel Buds a úsáid le Pixel Phone leis an ateangaireacht chomhuaineach a fháil — ní oibríonn an córas le haon fón eile faoi láthair.

Tá $159 ar na cluasáin, a bheidh ar fáil an mhí seo chugainn, ach níl aon phraghas Eorpach fógartha ag Google go fóill. Níl an liosta iomlán den 40 teanga a bheidh ar fáil faoin am sin fógartha ag an gcomhlacht go fóill ach an oiread, ach taispeánadh liosta de 28 teanga ag an ócáid in San Francisco. Ní raibh an Ghaeilge ina measc.

Tá 103 teanga ar fáil ar Google Translate, an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban ina measc. Is cinnte gur ón liosta mór teangacha sin a thiocfaidh an 12 teanga atá fós le fógairt.

Tá Google Translate féin os cionn deich mbliana d’aois. Nuair a thosaigh sé amach ní raibh ann ach inneall aistriúcháin a chuirfeadh Béarla ar Araibis agus Araibis ar Bhéarla.

Deich mbliana ó shin, is beag caint a bhí ann ar fhóin chliste nó ar aipeanna agus ní raibh teacht ar an inneall ach amháin ar an suíomh translate.google.com. Sa lá atá inniu ann, is féidir an tseirbhís a úsáid ar fhóin, ar ríomhairí deisce, tríd an aip, le Google Lens agus breiseán brabhsálaí. Bhíothas ag súil le leithéid an Google Pixel Bud le fada an lá.

Mar sin féin is minic a cháintear Google Translate mar gheall ar na leaganacha ciotacha a chuireann sé ar fáil – go háirithe nuair is eagraíochtaí nó comhlachtaí stáit a úsáideann an tseirbhís le cáipéisí nó comharthaí oifigiúla a chur i nGaeilge.

Ní fios go fóill cé na laigí nó lochtanna a bheidh ar an Google Pixel Bud, nó cén sórt úsáide a bhainfidh eagraíochtaí oifigiúla as an uirlis nua.

Chuir Douglas Adams síos ar an ‘Babel fish’, ainmhí beag ateangaireachta, ina leabhar The Hitchhiker’s Guide to the Galaxy ceathracha bliain ó shin:

“Tá an t-iasc Bháibil beag, buí agus ar chruth an tsúmaire, agus is dóigh gurb é an neach is aistí amuigh sa chruinne é. Cothaítear ar fhuinneamh tonnta inchinne é, súnn sé gach minicíocht fho-chomhfhiosach agus eisfhearann sé, go teileapaiteach, maitrís atá déanta as minicíochtaí comhfhiosacha agus comharthaí néaróg a fhaightear ó mhol cainte na hinchinne, agus an toradh praiticiúil air seo ná má chuireann tú ceann i do chluas, tuigfidh tú láithreach rud ar bith a deirtear leat in aon chineál teanga: díchódálann an chaint a chloiseann tú an mhaitrís tonnta inchinne,” a scríobh sé.

Dúirt Adams ina leabhar gurbh é iasc Bháibil ba chúis le níos mó cogaí fuilteacha ná rud ar bith eile ó thús ama toisc go bhfuair sé réidh leis na bacanna cumarsáide idir ciníocha agus cultúir éagsúla.

Fág freagra ar '‘Babel fish’ Douglas Adams cruthaithe ag Google Translate'