‘Babaí é John, ach ní babaí mise,’ a mhínigh comhfhreagraí chúl an chairr

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá céimlathas docht i bhfeidhm sa naíolann mar a fuair ár gcolúnaí amach an lá eile

Bridget

‘Babaí é John,’ a bhéic sí aniar ó chúl an chairr agus muid ar an mbealach abhaile ón naíolann.‘Is  ea,’ a dúirt mé gan mórán airde agus leathchluas agam ar an raidió. ‘Ach ní babaí mise,’ a mhínigh comhfhreagraí chúl an chairr atá dhá bhliain go leith d’aois agus a raibh a mamaí den tuairim – mhícheart, is léir – gur babaí fós í.

Chas mé síos an fhuaim ar Cormac ag a Cúig. Chaithfeadh tuairisc Mhícheál Uí Leidhin ón Dáil fanacht; bhí scéal mór eile ag briseadh agus comhfhreagraí ag tuairisciú beo ar an láthair.

Tharla go raibh cuid den scéal ar eolas agam cheana ach caithfidh go raibh casadh nua ann, a chuimhnigh mé, agus an ráiteas ba dheireanaí seo á chraobhscaoileadh go práinneach.

Mar atá i chuile ghrúpa, tá céimlathas docht i bhfeidhm sa naíolann nach léir ar an gcéad radharc don duine ón taobh amuigh. Ag bun an dréimire atá na babaithe. ‘Tá babaithe róbheag,’ a mhínigh an comhfhreagraí ‘taobh istigh’ díom, ‘níl cead ag babaí ar an rothar’.

Téann an córas suas na céimeanna: seomra na bpáistí beaga, seomra na bpáistí móra, an naíonra agus suas go dtiocfaidh tú chomh fada le bean na cistine a bhfuil smacht aici ar dháileadh na scónannaí – a deir foinse iontaofa liom atá ‘neaimí!’.

Tuigeann chuile dhuine a n-áit féin. Is é seomra na bpáistí beaga an chéad ardú céime. Bíonn cead agat ar an rothar agus tá réimse peorcaisí eile ann. Mairg an té a dhéanfadh neamhaird dhó.

Lean an tuairisc ar aghaidh agus tháinig muid  go croí an scéil. ‘Dúirt Ethan gur babaí mise,’ a mhínigh sí agus thuig mé go gcaithfeadh go raibh díospóireacht láidir sna seomraí an lá sin. Is cosúil gurb é an masla is measa go bhféadfá a thabhairt do dhuine atá i seomra na bpáistí beaga, murar mhiste leat, ná go ndéarfá gur ‘babaí’ iad.

Ar na maslaí ar fad atá san armlóin ag teachtaí seomra na bpáistí beaga is WMD, airm ollscriosta, é an ‘babaí’ – buama a scriosfaidh na ceanna eile ar fad. Tá sé níos measa ná ‘cloigeann banana’, ‘ná cloigeann cáise’, ná fiú ‘cloigeann boladh bréan’ (níl mé cinnte céard é sin ach tá barúil agam nach bhfuil sé go maith).

Lean an díospóireacht theasaí ar aghaidh. ‘Bhuel, dúirt mise gur babaí é Ethan,’ a dúirt an comhfhreagraí taobh istigh. Níl a fhios agam an bhfuair éinne an rothar.

Fág freagra ar '‘Babaí é John, ach ní babaí mise,’ a mhínigh comhfhreagraí chúl an chairr'