‘Ba spreagadh mór do Long a chúl i gcoinne na Gearmáine’ – O’Neill

Aclaíocht a chuid imreoirí is mó atá ag déanamh tinnis do Martin O'Neill agus scuad 35 imreoir ainmnithe aige don chluiche i gcoinne na hÍsiltíre

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill. INPHO/Donall Farmer

An lá ar fhógair an Bheilg an 24 imreoir a bheidh acu do Euro 2016, ba é aclaíocht na n-imreoirí an rud ba mhó a bhí ag cur as do Martin O’Neill.

Ach fág ar leataobh an chaint uilig faoi ghortuithe, is ábhar dóchais é go bhfuil Shane Long ag scóráil go rialta do Southampton.

Agus Robbie Keane agus Kevin Doyle ag imirt ag leibhéal níos ísle san MLS, ’sé Shane Long an tosach is fearr atá ag O’Neill. Ghnóthaigh sé 10 gcúl an séasúr seo i bPríomhroinn Shasana, cúil i gcoinne Chelsea, Manchester City agus Arsenal ina measc. ‘Sé Long an t-imreoir is mó a mbeidh an freasúra ag déanamh imní faoi nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar an mBeilg, an tSualainn agus an Iodáil.

“Tá ag éirí go hiontach leis (Long). Tá ag éirí thar barr leis ón uair a fuair sé an cúl i gcoinne na Gearmáine. Thug sé sin an-chuid muiníne dó. Ní féidir liom a rá gurb é sin an t-aon rud atá tar éis muinín a thabhairt dó, ach thug sé sin spreagadh iontach dó. Sa dara leath den séasúr, an chuid dheireanach den séasúr ach go háirithe, d’imir sé go hiontach agus is dea-scéal é sin dúinne.”

D’ainmnigh O’Neill liosta 35 imreoir inniu roimh theacht na Ísiltíre go Baile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo ach tá na gortuithe ag cur as dó.

“Is ábhar imní é. Níl an-chuid imeartha ag cúpla duine. Ba chuid lárnach é Marc Wilson d’iarrachtaí na hÉireann ach níor imir sé le tamall fada. Tá sé den tuairim go mbeidh sé aclaí, agus tá coinne aige le speisialtóir Dé hAoine. Tá roinnt imreoirí atá gar d’fhilleadh ar an imirt. Níor imir Jeff Hendrick ar feadh tamaill ach tá ag filleadh. B’fhear ionaid é an lá faoi dheireadh agus d’imir sé cluiche faoi 21. Is údar imní é gan amhras.

“Ba mhaith liom go mbeadh ár n-imreoirí ag imirt chomh minic agus is féidir. Tá imreoirí, ann atá gortaithe, Seamus (Coleman) mar shampla, a bhfuil gortú ag cur as do theannán a ioscaide. Tá súil agam go mbeidh sé go breá. Beidh mé ag brath go mór ar a dtarlóidh as seo go ceann 10 lá.”

Is é an t-aon imreoir sa scuad nár imir cheana d’fhoireann na hÉireann ná Callum O’Dowda a imríonn le Oxford. Is cinnte go mbeidh díomá ar roinnt de lucht leanúna na tíre nach raibh áit sa scuad ag Jack Byrne ná Scott Hogan, atá tar éis an-chuid cúl a scóráil le Brentford.

Scuad in aghaidh na hÍsiltíre

Cúl Báire

Darren Randolph, Shay Given, David Forde, Kieran Westwood.

Cosantóirí

John O’Shea, Stephen Ward, Robbie Brady, Seamus Coleman, Richard Keogh, Ciaran Clark, Cyrus Christie, Shane Duffy, Paul McShane, Alex Pearce, Marc Wilson.

Fir Lár Páirce

Wes Hoolahan, Jeff Hendrick, James McCarthy, Glenn Whelan, James McClean, Aiden McGeady, Stephen Quinn, Anthony Pilkington, David Meyler, Darron Gibson, Harry Arter, Eunan O’Kane, Jonathan Hayes, Callum O’Dowda.

Tosaithe:

Shane Long, Jonathan Walters, Robbie Keane, Kevin Doyle, Daryl Murphy, David McGoldrick.

Fág freagra ar '‘Ba spreagadh mór do Long a chúl i gcoinne na Gearmáine’ – O’Neill'