Ba ghránna agus ba náireach an mhaise é deireadh a chur le scoláireachtaí 1916

Mar chuid d’athléamh seo na staire agus den athmheas ar Éirí Amach 1916, shocraigh an Rialtas atá i gceannas san am i láthair deireadh a chur le dhá scéim scoláireachtaí tríú leibhéal

1916 rising

Nuair a bhí muid ar an bhunscoil i lár na seascaidí i dtrátha na bliana 1966, d’fhoghlaim muid an dán álainn ‘Seachtar a Shínigh’ a chum an Bráthair T.G. Ó Muimhneacháin ó Chorcaigh. Tá gach véarsa de ar bharr mo ghoib agam go fóill! Is in ómós don tseachtar a chuir a n-ainmneacha le Forógra na Poblachta Luan Cásca 1916 a chum sé na véarsaí:

Mac Piarais uasal, treoraí tréan,
Ó Cléirigh, sean-Fhínín,
Mac Donncha, thug grá don léann,
Is Pluincéid, file binn.

Ó Conghaile a throid go dian,
Ina chroí bhí misneach leoin.
Mac Diarmada an gháire mhín,
Is Éamonn Ceannt an cheoil.

Dar leis an fhile, ní bheidh cuimhne dá laghad ar na Sasanaigh a dhaor baill Chomhairle Mhíleata Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann chun báis i mí Bhealtaine 1916, ach beidh cuimhne agus meas go deo ar laochra na Cásca:

Ach mairfidh cáil ár Seachtar Laoch
Gan dul in éag go brách.
Is orthu roinnfidh Cine Gael
A n-urraim is a ngrá.

Le linn an Éirí Amach agus ina dhiaidh, ba bheag meas a bhí ar ghníomhartha na gceannairí. Chuir an tÉirí Amach isteach go mór ar lucht gnó na cathrach agus go háirithe ar chosmhuintir na cathrach, a bhí beo ón lámh go dtí an béal mar a bhí siad. Dhearbhaigh an Irish Independent: “Let the worst of the rebels be singled out and dealt with as they deserve”. Labhair na hEaglaisí amach go láidir: “It is the time for punishment, swift and stern”. Agus sin mar a tharla. Cuireadh 15 chun báis idir an 3 agus an 12 Bealtaine. Shíl Rialtas na Breataine go raibh deireadh curtha acu leis an troid ar son shaoirse na hÉireann. Níor thuig siad nach raibh ann ach an tús. Mar a scríobh W.B. Yeats: “All changed, changed utterly, a terrible beauty is born”. I gceann roinnt blianta, bunaíodh Saorstát Éireann, a thug saoirse theoranta do 26 contae de chuid na hÉireann.

Le tamall anuas, go háirithe ó cheiliúradh an Éirí Amach i 1966, tá athléamh déanta ag staraithe agus ag polaiteoirí áirithe ar Éirí Amach na Cásca. Dar lena lán acu gur ghníomh gan chéill a bhí ann, nach raibh seans go n-éireodh leis, nach raibh tacaíocht na ndaoine aige agus gur mhór an náire é gur maraíodh 450 le linn na seachtaine – 132 a bhí ag troid don Bhreatain; 318 idir shibhialtaigh agus lucht an Éirí Amach; ina measc 40 páiste, ‘Children of the Rising’. Níl aon amhras ach gur mhór an trua gur maraíodh agus gur gortaíodh gnáthdhaoine neamhchiontacha idir fhir, mhná agus pháistí le linn na seachtaine sin. Ach caithfidh muid imeachtaí na seachtaine sin a chur i gcomhthéacs stairiúil na linne sin. Bhí an tír faoi smacht tíoránta na Breataine, a bhí ag troid ar son shaoirse na náisiún beag san am, mar dhea, sa Chéad Chogadh Domhanda. Ní raibh muinín ar bith ag ceannairí 1916 i ngeallúintí na Breataine go dtabharfaí Rialtas Dúchais don tír nuair a bheadh an cogadh thart.

Chreid siad go láidir i saoirse na tíre agus cé go raibh a fhios acu gur bheag seans go n-éireodh leis an Éirí Amach, dar leo go spreagfadh sé muintir na tíre le saoirse agus cothrom na Féinne a bhaint amach.

Gheall Forógra na Poblachta “saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile … le comhchúram do chlann uile an náisiúin”. Chreid siad gur trí dhoirteadh fola – “a gallant deed” – a bhainfí saoirse na tíre amach.

Mar chuid d’athléamh seo na staire agus den athmheas ar Éirí Amach 1916, shocraigh an Rialtas atá i gceannas san am i láthair deireadh a chur le dhá scéim scoláireachtaí tríú leibhéal le linn do Ruairí Quinn a bheith ina Aire Oideachais agus Scileanna.

Bhronntaí seacht scoláireacht achan bhliain – ainmnithe in ómós don tseachtar a shínigh – ar na mic léinn ab fhearr a n-éireodh leo in ábhair áirithe i scrúdú na hArdteiste, m.sh scoláireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an té a gheobhadh na marcanna is airde sa Ghaeilge agus sa Stair.

Scoláireachtaí luachmhara a bhí iontu seo a thug aitheantas do shaothar na mac léinn i réimsí éagsúla agus don íobairt a rinne laochra 1916 ar son na tíre. Cuireadh deireadh chomh maith le Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta trína mbronntaí 50 scoláireacht achan bhliain ar na scoláirí Gaeltachta agus ar na scoláirí ó scoileanna lán-Ghaelacha a bhí ag déanamh a gcuid ábhar trí Ghaeilge. Ba mhór an chailliúint an scéim seo do mhic léinn, dá dtuismitheoirí agus don oideachas trí Ghaeilge. Ba ghránna an mhaise agus ba náireach an gníomh é don Chomhrialtas a leithéid a dhéanamh agus cuimhneachán 100 Bliain Éirí Amach na Cásca ar an tsúil againn.

Chreid Pádraig Mac Piarais agus a chomrádaithe in “Éire Shaor, Éire Ghaelach”. Tá cuid mhór d’aos óg na Gaeltachta agus na tíre ar deoraíocht san Astráil, i gCeanada, sa Mheánoirthear agus i gceithre hairde na cruinne. Tá titim thubaisteach tagtha ar bhuiséad bhliantúil Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain. Tá ár gcuid polaiteoirí ag dul i bhfolach ar chúl na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Cá bhfuil fís, idéalachas agus crógacht laochra 1916?foras daite

Fág freagra ar 'Ba ghránna agus ba náireach an mhaise é deireadh a chur le scoláireachtaí 1916'

  • Sean Leaid

    “Cá bhfuil fís…….”

    San uaigh i gcuideacht Ó Laoire!

  • Fearn

    “Cá bhfuil fís, idéalachas agus crógacht laochra 1916?”

    Ina n-áit tá fís airgeadais agus margaíochta, idéalachas tomhaltóireachta agus liobrálachais agus crógacht ámhantraithe agus poiliteoirí ag teacht i dtír ar an saol.