Dhá loma-leath déanta dár gcnámh droma náisiúnta ag ‘srathar shibhialtacht an Bhéarla’?

Má tá deireadh ag teacht le ré na nGael, ar a laghad, bíodh ár logainmneacha beo inár ndiaidh, a deir ár gcolúnaí

Nad

Bhíos thíos i gcathair Chorcaí le déanaí agus ó mba rud é go raibh mo chuid gnótha curtha i gcrích agam ní ba luaithe ná mar a cheapas a bheadh, bheartaíos ar an mbóthar fada a thógaint abhaile ar mo shuaimhneas. In ionad gabháilt siar tríd thranglam Mháigh Chromtha, gheibheas suas tríd An Bhograch chun mo shlí a dhéanamh abhaile tríd na Ráithe Móire agus Cill Airne. Country ana-bhréa ambaiste, é ana-dhifriúil leis an limistéar de chósta ar a mbíonn mo thriall coitianta.

Gheibheas trí bhaile beag deas i nDúiche Ealla darbh ainm Nead an Iolair, nó ‘Nad’ as Béarla. Baile beag ar shleasaibh na miongcnoc is ea Nead an Iolair. Logainm ana-bhreá atá aige as Gaelainn – shamhlófá agus tú ag gabháil tríd na hiolair a bheith ag eitilt ós do chionn agus bhraithfeá ana-ghairid don nádúr. Ainm ana-oiriúnach, agus tuigimidne, ag a bhfuil an teanga a bhaist an ainm sin ar áit, bonn na hainme láithreach.

Ní hamhlaidh, áfach, leis an leagan gallda den ainm céanna. Ní shamhlófá faic le ‘Nad’ ach glór a dhéanfadh duine agus canta aráin nó smut de phráta a bheith dulta i ngreim ina phíopán, nó torann a dhéanfadh duine eile agus babhta srannaíola á chur de aige. Abláil mhíshlachtmhar gan crot, cuma ná dealramh a bhí ar siúl ag an té a cheap ‘Nad’, gan aon tuiscint fén spéir ar an nasc idir an duine agus an talamh, ná ar an ngaol a bhí idir na daoine a thug Nead an Iolair ar an áit agus an domhan ina dtimpeall.

Bheadh fonn orm tamall a chaitheamh i Nead an Iolair. Ach ‘Nad’? N’fheadar.

Is léiriú é Nead an Iolair/Nad ar an iomard atá orainn mar thír agus mar náisiún i dtaobh logainmeacha. Ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi agus ó Thoraigh go Ceann an Chairn, tá glacadh iomlán le leaganacha truaillithe míshlachtmhara dár logainmeacha, agus ní smaoiníonn fiú áitritheoirí na tíre ar cad atá acu mar sheoladh. Nílim ag caint ar áiteanna le hainmneacha fiáine Gaelacha agus ainmneacha sibhialta Béarla atá i bhfad óna chéile ar nós Cathair na Mart vs. Westport nó Cúl an tSúdaire vs. Portarlington. Ag trácht ar na logainmneacha Béarla gan aon bhunús teangeolaíoch atáim – leithéidí Knocknagoshel, Lyracrumpane, Clonmel, Corkaguiny agus Iveragh. Agus ‘Nad’, go saora Dia sinn.

Chuardaíos ‘Nad’ san Oxford English Dictionary. Tá sé ann ambaiste – is é an bhrí atá leis ná Nicotinamide adenine dinucleotide. Ní Knocknagoshel atá ann. Chuas ag lorg Lyracrumpane sa leabhar céanna agus ní móide go bhfuil aon trácht ar an bhfocal san ann. Fud fad na tíre tá focal nó comhfhocail gan brí in úsáid go laethúil ag daoine i ngan fhios dóibh féin. Nach deise i bhfad an frása ‘Cluain Meala’ ná an focal anaithnid Clonmel? 

Tá sé in am dúinn mar náisiún cinneadh daonlathach a thógaint fé seo. Nach bhféadfaí pobalbhreith a rith i ngach pobal sa tír fé cé acu ar mhaith leo a bheith mar ainm ar a mbailte – an litriú Gaelach nó an praistriúchán Béarla? Nach bhféadfaí a mhíniú dóibh gur leor an leagan Gaelach – nó an litriú Béarla a athrú dtí’n litriú Gaelach? Nach bhfuil áit i mBaile Átha Cliath ar a dtugtar ‘Dun-Leary’ go coitianta ach a litrítear mar Dún Laoghaire? Nach mbeadh an saol i bhfad níos éasca dá mbeadh aon leagan amháin de na logainmneacha ar na mapaí?

Ba dheas liom a cheapadh go bhfillfeadh formhór na bpobal ar an litriú Gaelach. Nó an bhfuilim róshoineanta? An bhfuil ‘srathar shibhialtacht an Bhéarla’ tar éis dhá loma-leath a dhéanamh dár gcnámh droma náisiúnta? An amhlaidh a chaithfí na bunainmneacha Gaelacha i dtraipisí?

Nasc iad ár logainmneacha idir an duine agus an áit ina maireann siad. Athraíonn logainmneacha de réir mar a bhogann treibheanna nua timpeall – tá ainmneacha Gaelacha, Lochlainnise, Béarla agus teangacha eile nach iad ar fuaid an oileáin seo. Fágann an duine logainm mar thaifid nó mar rian dá ngníomhaíochtaí in áit, agus maireann siad nó go mbíd dulta i ndearúd.

Nuair a bhailigh Tomás Ó Criomhthain an trí chéad go leith ainm a foilsíodh mar Dinnsheanchas na mBlascaodaí, bhí sé ag déanamh cuntais ní hamháin ar ghnéithe tíreolaíoch den oileánrach ar ar mhair sé, ach ar stair an phobail ón gcianaois. Im’ pharóiste féin, bhailigh an máistir Micheál Ó Dubhshláine os cionn sé chéad ainm goirt sna 1970í agus sna 1980í – 600 gort in aon pharóiste beag tuaithe amháin. Ós rud é go bhfuil líon na bhfeirmeoirí ag titim agus, go deimhin, pobal dúchasach na tuaithe á thréigean, tá an baol ann go gcaillfí na logainmneacha seo agus go mbeadh againn ina n-ionad leithéidí ‘Blackberry Lodge’ nó ‘Thresher’s Well’ nó ‘Fuchsia Lane’.

Ina leabhar Landmarks, labhrann Robert MacFarlane fé thábhacht, agus cumhacht, logainmneacha. Baineann logainmneacha go sonrach leis an dteanga agus an cultúr a cheap iad agus is deacair go minic iad a aistriú ó theanga amháin go teanga eile gan a bheith liobarnach. Liostálann sé focal ar nós ‘lòn’ na Gáidhlige (sruthán beag le bruacha boga fliucha) nó ‘fizmer’ ó East Anglia (glór a dheineann an ghaoth tríd an bhfhéir). Tá na céadta, nó na mílte, de na téarmaí sin againn sa Ghaelainn ach go bhfuil a mbrí á gcailliúint ceal úsáide – leithéidí ‘ladhar’ agus ‘crompán’. Mura ndéanfar beart tapaidh, beidh logainmneacha na nGael dulta i ndearúd – agus leothu beidh dearúd á dhéanamh ar rian na nGaelainne ar an dtír seo.

Luann MacFarlane an chumhacht a thugann logainmneacha do phobail agus úsáideann sé feachtas a tharla ar Eilean Leòdhais na hAlba mar shampla. Sa bhliain 2004, fógraíodh go rabhthas chun ollfheirm ghaoithe a thógaint ar an Mòinteach riabhach Leòdhais, le 234 tuirbín gaoithe agus 210 piolón leictreachais. Dar leis an gcomhlacht, ní raibh faic sa mhóinteach; spás folamh ab ea é, fásach fliuch gan tábhacht. Ach bhí úsáid á bhaint ag bunaidh an oileán as an áit leis na cianta, agus bhí ról lárnach aige i saol na ndaoine, ní hamháin ina saol eacnamaíoch ach ina n-oidhreacht chomh maith. Ar cheann de na modhanna a d’úsáideadar chun é seo a léiriú agus chun cur i gcoinne na feirme gaoithe, bhailíodar logainmneacha, focail, seanchas, filíocht agus dinnsheanchas fén Móinteach.

Léirigh an bailiúchán seo an saibhreas a bhain leis an ‘bhfásach’ agus an nasc díreach ársa a bhí ag an bpobal áitiúil leis an áit, nasc a bheadh á bhriseadh go deo ag tógaint an infreastruchtúir nua. Léiríodh go mbeadh oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha á loit, agus innealtóireacht aonchineálach homaigineach á chur ina áit. Bhí feidhm lena gcuid iarrachtaí; tar éis roinnt blianta, diúltaíodh cead don bhfeirm.

Feictear dom go bhfuil léas dóchais dár logainmneacha sa tslí nua ina bhfuil úsáid á baint as an dtalamh. Tá fás ollmhór tagtha ar líon na ndreapadóirí agus na siúlóirí atá ag tabhairt fés na cnoic agus na spásanna fiáine le blianta beaga anuas, agus spéis á mhúscailt in oidhreacht na n-áiteanna sin in athuair. Tá Corrán Tuathail in úsáid níos minicí anois ná mar a bhí le blianta fada in ionad Carrauntoohil, mar atá Binn Caorach agus Com Caillí in aice leis. Dá bhféadfaí an nós seo a leathnú, cá bhfios cá stopfadh sé?

Má tá deireadh ag teacht le ré na nGael, mar a deirtear coitianta linn, ar a laghad, bíodh ár logainmneacha beo inár ndiaidh.

Agus tabhair fé ndeara nár luas Dingle in aon chor!

Fág freagra ar 'Dhá loma-leath déanta dár gcnámh droma náisiúnta ag ‘srathar shibhialtacht an Bhéarla’?'

  • Stilla Mellis

    Maith thú, a Dháithí. Aontaím ar fad leat.

    Maidir le Dún Laoghaire, áfach, nílim ró-chinnte nach bhfuil na Gaill ag feitheamh ar sheans leagan dá gcuid féin a chur san áit ina mbíonn an “praistriúchán” de ghnáth.

    Bhíos ag dul ó dheas ar an M50 an lá cheana agus chuireas suntas sa bhfógraíocht bhreá chruinn atá ag treorú an tráchta ar an mótarbhealach sin. Cinnte cuirtear Dún Laoghaire san áit ina mbíonn an Ghaeilge de ghnáth, i litreacha beaga an chló iodálaigh, ach ní chuirtear dada san áit ina mbíonn an “Béarla”. Ba chóir go mbeadh DÚN LAOGHAIRE nó DÚN LAOIRE ansin chomh maith ach fágtar an spás sin folamh. An bhfuil duine éigin ag feitheamh ar chead DOONLEERY a chur ansin? Nó an amhlaidh gur botún atá san Acht a deir nach ceadmhach cinnlitreacha ná cló mór feiceálach a úsáid más focail Ghaeilge atá i gceist. Mí-léamh? Mí-thuiscint?

  • padraig

    Tá sé ráite go slachtmhar agat, féach an logainm álainn atá i gCeanntrá .i. Cathair Bhó Sine agus an Béarla a cuireadh air =City Cow Titty! FFS! Gach aon uair a fhéachaim ar an ‘bpraistiúchán’ Béarla sin tagann fonn múisce orm agus cuimhním ar chomh briste is atáimid mar chine. An briseadh idir sinne agus ár dteanga,an briseadh idir sinne agus an talamh, idir sinne agus an timpeallacht, idir sinne agus bunbhríonna ár gceantair sléibhe, farraige is eile, idir sinne agus ár sinsir, idir sinne agus ár stair áitiúil, idir sinne agus sinn féin dá mbeadh fhios againn é.
    Ba cheart feasacht mhuintir na hÉireann a ardú mar gheall air seo, comórtas a bhunú sna scoileanna cuir i gcás dar teideal ‘An Logainm is deise Liom Féin’.
    Agus dob fhiú ‘Dancing at Lúnasa’ (Brian Friel) a athbhreithniú as an nua, is dó’ liom go raibh ana-dhul amú ar Friel sa tát a bhain sé as stair na logainmníochta sa tír seo. Tuilleadh ar ball!

    • TLÓM

      Cathair Bó Sine

  • padraig

    Tá bochtú á dhéanamh ar na logainmneacha i mBéarla fiú amháin; Banna Beach/Banna Strand -fé mar atá san amhrán iomráiteach – ach is dócha go bhfuiltear d’iarraidh é sin a ligean i ndearmad freisin!

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá téarma Laidine ann “Ex injuria jus non oritur” (ní thagann cóir as éagóir- má dhéantar éagóir , ní féidir é sin a úsáid mar bhunús dlíthiúl)

    Éagóir mhí-dhleathach de chuid réimis chóilínigh ab ea scrios ár logainmneacha. Ní raibh sé de cheart acu é a dhéanamh 200 bliain ó shin, agus cinnte dearfa, níl sé ceart go mbeidh ann dos na hainmneacha sa lá atá inniu ann.

    Ba chóir “phasing out” a dhéanamh ar na logainmeacha seo thar thréimhse 30 bliain.

    Ní chóir dúinn a bheith ag tabhairt rogha do lucht cur i gcoinne na Gaeilge. Goideadh tailte ó bhundúchasaigh Mheirceá, bhí sé sin mícheart 400 bliain ó shin agus tá sé fós mí-cheart inniu. Ba chóir na taillte a bhronnadh ar ais orthu gan choinníol. Ní chóir reifreann “daonlathach” a eagrú chun an cheist seo a réiteach.

    Tá an rud céanna fíor faoi ár logainmeacha-is linne iad gan choinníol. Níl reifreann “daonlathach” de dhíth chun tús áite a thabhairt don ainm ceart. Sin é mo thuairim phearsanta i dtaobh seo. Alt deas.

  • Eilís Ní Anluain

    Tagaim go hiomlán len a bhfuil san alt agus sna tráchta – ‘éagóir mí-dhleathach de chuid réimis an chóilínigh.’ Fúinn féin atá sé é a chur ina cheart. Ní thógfadh sé ach glún amháin le teacht isteach ar an litriú ceart.

    (Ailt liom ar an Irish Times ar an ábhar céanna, 25.Bealtaine 2004 agus 1. Deireadh Fómhair 2008)

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ..agus an prácás atá déanta ag Google maps… achan suíomh gréasáin a bhfuil baint acu le hearnáil na turasóireachta ag úsáid na léarscáileanna sin agus neamhaird iomlán déanta de na ceantracha Gaeltachta orthu..