Ba chóir tionchar na meán Gaeilge ar shealbhú na Gaeilge a fhiosrú – RnaG

Fiosrófar i ‘Suirbhé Mór na Gàidhlig’ an tionchar a bhíonn ag leithéidí BBC Alba agus BBC Radio nan Gàidheal ar chainteoirí líofa agus ar fhoghlaimeoirí, agus d’fháilteodh RTÉ RnaG roimh a leithéid de thaighde anseo

Ba chóir tionchar na meán Gaeilge ar shealbhú na Gaeilge a fhiosrú – RnaG

Tá an tionchar a bhíonn ag na meáin Ghàidhlig in Albain ar fhoghlaim na teanga á fhiosrú ag Bòrd na Gàidhlig faoi láthair, agus chuirfeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte roimh a leithéid de thaighde sa tír seo ar na meáin Ghaeilge.

Fiosrófar i ‘Suirbhé Mór na Gàidhlig’ an tionchar a bhíonn ag leithéidí BBC Alba agus BBC Radio nan Gàidheal ar chainteoirí líofa, ar fhoghlaimeoirí agus orthu siúd ar mhaith leo an Ghàidhlig a fhoghlaim.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, leas-cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc.ie go gcuirfeadh an stáisiún fáilte roimh a leithéid de thaighde sa tír seo ar na meáin Ghaeilge.

“Chuirfí fáilte roimh aon chineál taighde a bheadh in ann léargas a thabhairt dúinn ar an tionchar a bhíonn ag na meáin i nGaeilge ar fhoghlaim na teanga.  Bheadh éisteoirí in ann a rá linn céard go díreach a theastaíonn uathu, tuairimí a roinnt linn agus bheadh muid in ann an t-aiseolas sin a úsáid.

“Tá cúrsaí teicneolaíochta ag athrú de shíor agus tá tionchar aige sin ar an mbealach a bhfaigheann daoine an t-ábhar atá uathu.  In áit a bheith ag brath ar an raidió agus an teilifís tá daoine ag baint úsáid as an bhfón póca, ríomhairí agus tuilleadh deiseanna le theacht ar an méid atá uathu,” a dúirt sé.

Dúirt leas-cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcuirfeadh taighde dá leithéid leis an tuiscint atá ag RnaG ar a dteastaíonn óna lucht éisteachta.

Tá an suirbhé thall á choimisiúnú ag Bòrd na Gàidhlig agus BBC Alba ach is é an comhlacht neamhspleách Meriel Young Consulting a dhéanfaidh an obair shuirbhéireachta thar ceann an dá eagraíocht.

Chomh maith le taighde a dhéanamh faoi thionchar na meán Gàidhlig, fiosrófar freisin sa suirbhé caighdeán an ábhair foghlama, an fháil atá air agus na heasnaimh atá ann.

Dúirt Meril Young go gcabhródh torthaí an tsuirbhé faoi BBC Alba leis na meáin Ghàidhlig sna blianta amach romhainn.

“Ba mhaith liom teacht ar réimse leathan freagróirí, idir chainteoirí líofa Gàidhlig agus dhaoine ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim ach nach bhfuil tosaithe air sin fós. Dá mhéid daoine a labhraíonn linn, idir fhir agus mhná, óg agus aosta, is ea is fearr a bheith na torthaí,” a dúirt sí.

Dúirt Ceannard Bhòrd na Gàidhlig, Shona MacLennan, go bhfuil an eagraíocht ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfoghlaimítear an Ghàidhlig agus an chaoi a gcuirtear barr feabhais ar scileanna teanga.

“Tá sé ríthábhachtach don phleanáil agus d’fhorbairt na teanga go dtuigfimis an chaoi a gcabhraíonn na meáin, le cainteoirí, foghlaimeoirí agus daoine ar mhaith leo í a fhoghlaim, chun teacht ar an teanga. Seo í an chéad uair a dhéanfar taighde den chineál seo agus beimid in ann a thomhas a thábhachtaí is atá na meáin chumarsáide i gcur chun cinn na Gàidhlig,” a dúirt sí.

Seoladh straitéis cúig bliana BBC Alba, Lèirsinn, anuraidh ina leagtar síos plean oibre don stáisiún Gàidhlig. Ar cheann de na haidhmeanna atá ag an straitéis, tá an stáisiún a fhorbairt mar uirlis in athbheochan na teanga.

Is féidir an suirbhé a fhreagairt i mBéarla nó i nGàidhlig anseo.

Fág freagra ar 'Ba chóir tionchar na meán Gaeilge ar shealbhú na Gaeilge a fhiosrú – RnaG'

  • AnRógaire

    Luaitear fo-theidil bhéarla sa suirbhé ach ní luaitear fo-theidil in nGaidhlig. Más ag foghlaim na teanga atá tú ba chabhair é fo-theidil sa teanga chéanna (Gaidhlig).