‘Trua agam di? Cén fáth?’

Fearacht gach gníomh polaitiúil, teastaíonn ord agus eagar agus agóidí á reachtáil.

12/11/2014. Pictured Water protesters protest arou
Carr an Tánaiste Joan Burton timpeallaithe ag lucht agóide i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Pictiúr: Photocall Ireland

Trua, a deir tú! Ba chóir go mbeadh trua agam di, dar leat. Abair liom: cén fáth?

Trua, agus meas. Trua do bhean a sáinníodh ina carr ar feadh dhá uair an chloig.

Agus an meas a bheadh ag gach duine réasúnta ar Theachta Dála agus ar Thánaiste, fiú mura n-aontaíonn tú lena polasaithe.

Ní aontaíonn sí féin leis na polasaithe a chuir a páirtí féin os ár gcomhair roimh an olltoghchán. Admhaíonn tú an méid sin.

Is fíor duit.

“Labour does not favour water charges…” agus mar sin de, mar a dúradh i bhForógra an Lucht Oibre i 2011.

Ach cuimhnigh gur thug i bhfad níos mó daoine tacaíocht sa toghchán sin d’Fhine Gael, a gheall cur i bhfeidhm na dtáillí uisce.

Shíl mé gur ag plé Joan Burton a bhíomar, agus an masla a thug sí don phobal i Ráth Miontáin (Jobstown).

Masla! Conas?

Tá sise agus a rialtas ag iarraidh pionós eile a ghearradh ar dhaoine bochta, nó ar dhaoine atá ar ioncam íseal. In áit cáin mar ba chóir a lorg ó mhilliúnaithe ar nós Denis O’Brien, agus ó chomhlachtaí ilnáisiúnta.

Agus ise ina ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, mar dhea? Óinseach!

Tá a fhios agat go ndúradh rudaí i bhfad níos gránna léi agus fúithi le linn ‘agóid’ an tSathairn?

Tá a fhios agam, agus is cuma liom. Nuair a bhreathnaíonn tú ar an leatrom leanúnach atá sí a dhéanamh ar ghnáthdhaoine, ar na geallúintí nár comhlíonadh srl… níl aon aiféala orm gur tugadh ‘cailleach’ agus a leithéid uirthi.

An mbeadh an dearcadh céanna agat dá mbeadh ‘cailleach’ nó ‘striapach’ á thabhairt ag slua bagrach ar do mháthair, nó ar do bhean chéile, nó ar do dheirfiúr? Nó dá gcloisfí caint níos maslaí agus níos dainséirí fiú amháin.

Caint ‘dhainséarach’. Mínigh, led thoil.

Má bhreathnaíonn tú ar leathanach Facebook áirithe inar pléadh ‘agóid’ an tSathairn (níl freagracht á cur i leith duine ar bith agam), feicfidh tú gur mhol daoine go gcuirfí carr Joan Burton tré thine, agus ise taobh istigh, agus gur moladh ionsaithe de chineálacha eile. An chontúirt as seo amach: má leantar le léirsithe sráide neamheagraithe den tsórt seo, luath nó mall, gortófar duine éigin, go dona, b’fhéidir.

Tá do bharúil dáiríre léirithe agat. B’fhearr leat go mbeadh gnáthdhaoine ina dtost nuair a thagann na boic mhóra ar cuairt.

Ní chuige sin atáim in aon chor. Níl uaim ach comhurraim, síocháin, agus agóidí sibhialta.

Mar a bhí ann ar 31 Deireadh Fómhair, agus mar a bheidh arís i gceann coícíse, geallaimse duit. Ach, éist. Dhá rud. Uimhir a hAon: Tá a fhios agat go maith gur féidir le gealt ar bith ráiméis ar bith a chur ar Facebook. Ní cóir lucht agóide a dhamnú dá bharr.

Is fíor dhuit. Ach is féidir le duine nó le grúpa stuama bagairt mar sin a ghlanadh. Rud nach ndearnadh.

Ceart go leor. Ach ní raibh caint ar bith ar a leithéid ar an láthair le linn na hagóide, go bhfios dúinn. Ní raibh Joan Burton i mbaol. Uimhir a Dó. Fág ceisteanna suaracha mar seo i leataobh. Nach é bun agus barr an scéil seo go bhfuil an pobal tinn tuirseach de pholaiteoirí, dá bhfimíneacht, dá meatacht agus dá gcur i gcéill. An rialtas go háirithe, ba chóir dóibh éirí as ar an toirt.

Olltoghchán atá uait, mar sin. Agus cé a bheadh i mbun rialtais ina dhiaidh?

Déanta na firinne, níl tuairim agam. Ach ní fhéadfaidís a bheith níos measa ná an dream seo.

An bhfuil tú cinnte nach mbeadh? Ceist le plé uair éigin eile, sílim.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE.

 

Fág freagra ar '‘Trua agam di? Cén fáth?’'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Níl dabht ar bith ach tá damáiste déanta do pháirteacht lucht an mheánaicme san fheachtas i gcoinne na taillí uisce.Tá mise amharasach faoin am a chaith Joan Burton sa charr i dTamhlacht an Satharn seo chaite.Nách raibh na Gardaí ann chun í a tarrtháil ?Sílim gur d`fheill sé dí a bheith sainnithe sa charr ar feadh dhá uair a chloig chun sceon a chur ar lucht an mheán aicme .Is mór an baol don uaisaicme polataíochta lucht “na coping classes” ná lucht an “imeall bagartha” a bhi chun tosaigh an Satharn seo chaite.
    Bhí dealramh ann go raibh an meánaicme taréis dúiseacht as a suan agus fhíos acu go raibh amadáin déanta ag an Rialtas agus a chairde baincéireachta, Obuama agus an tUasal Gheitner ina measc.Tá dainséar anois taréis éachtraí an deireadh seachtaine go mbeidh an bua ag an Rialtas sa cluiche bolscaireachta ata a throid sna meán gur leis an comhlacht atá ag cur isteach na méadair uisce anois nách mbeidh aon ghá leo an taobh seo de 2018.

    Cé a cheapfadh gurbh é na “smoked haddock socialists” a bheadh páirt mór acu chun an feachtais phobail seo gurbh raibh géargha leis a chur ó mhaith, ionas go leanfaidh an stáit seo mar an tír bheag is fear ar domhan “to do banking”.

    Dream eile go bhfuil lucht mór orthu ná na neamhspléachaigh atá ag beicigh ar a shon féin sa Dáil gach lá gan seasamh le chéile ar son an chosmhuintir a thogh iad nó páirtí nua a chur le chéile ionas go dtóghfar an tír theipthe seo ó mhéara Fianna Dall [FF],Fianna Geal [FG] , An Páirtí Frith Lucht Oibre[LP] agus Sinn Féin Amháin[SF].

    Da nba rud é gur dhein siad sin bheadh oidhreacht shaibhir again chun ár laochra ó Éirí Amach na Cásca a chomóradh i gceart agus gan bheith ag éisteacht leis an seoinnínteacht sin ó John Bruton/ Redmond gur mhian leis an Banríon a thabhairt ar ais chun an ghnáth smacht a chur orainn thar bharr ar an smacht a bheidh ag an lucht baincéireachta orainn san chéad atá romhainn.

    léid don Rialtas lofa seo, imeacht ar an toirt, gan a thuilleadh náire a chur orainn.

  • Roibeard Ó Conaing

    Tá an t-alt seo náireach agus dúr, is léir go gceapann lucht na meán in éireann go seasann “na meáin” do “mheánaicmeach”. Ba dheas dá ndéanfaidís iarracht anois is arís teacht anuas den túr eabhair agus an pobal a thuiscint. bhí caint ar Chormac ag a 5 an lá faoi dheireadh freisin ar fhoiréigean na léirsitheoirí! Cacamas ar fad! B’fhéidir go ndéanfadh léirsitheoirí níos stóinsithe leas na tíre (féach mar shampla an cíor tuathail a bhí sa Bheilg cúpla seachtain ó shin, agus níl an tír sin buailte ach ar éigin ag an déine i gcomparáid le hÉirinn) – mar go gcuirfeadh siad cosc ar bhearta an rialtais nach bhfuil ar son an phobail. Ach is cuma leis na hiriseoirí faoi sin. Cuid den bhunaíocht iad, agus tá eagla a gcraicinn orthu roimh aon rud a chuireann i gcoinne na bunaíochta. Tá siad ag iarraidh a bheith ag caint ar fhoiréigean na léirsitheoir chun an bonn a bhaint óna seasamh. Is cuma leo an bhruidiúlacht a úsáideann na gardaí ar mhná den phobal (https://www.youtube.com/watch?v=0v33cxzPcps), ní spéis leo ach sceideal an aire – ó bhí sí sáinnithe ar feadh scaithimh ina merc, mo sheacht dtrua is mo sheacht dtrua déag í! – céard faoin 200 bean i gCúlóg a rinne bigil shíochanta os comhair stáisiún na ngardaí ansin an lá faoi dheireadh le cur i gcoinne na brúidiúlachta agus an fhoiréigin leanúnach atá na gardaí ag diriú ar léirsitheoirí ban? an scríobhfaidh tú alt faoi sin a Chathail? Ní cheapas é! Tost iomlán sna meáin(aicmeach) faoi sin, díreach mar a bhí i gcás Shell chun sáile