Ba chóir do pholaiteoirí tuilleadh Gaeilge a labhairt i dTithe an Oireachtais, a deir nach mór leath den phobal

Tugtar le fios i bpobalbhreith nua, a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc.ie, go gcreideann 49% gur chóir do pholaiteoirí Theach Laighean an Ghaeilge a úsáid níos minice

Ba chóir do pholaiteoirí tuilleadh Gaeilge a labhairt i dTithe an Oireachtais, a deir nach mór leath den phobal

Laura Hutton/RollingNews.ie

Ba chóir do Theachtaí Dála agus Seanadóirí níos mó Gaeilge a labhairt i dTithe an Oireachtais, dar le nach mór leath den phobal.

De réir pobalbhreith nua, a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc.ie, creideann 49% gur chóir do pholaiteoirí Theach Laighean an Ghaeilge a úsáid níos minice agus iad i mbun gnó an Oireachtais.

Níor thug ach 23% den phobal le fios gur chreid siad nár chóir dár bpolaiteoirí níos mó Gaeilge a labhairt.

22% a bhí idir dhá chomhairle agus ní raibh aon tuairim faoin scéal ag 5% díobh siúd a ceistíodh mar chuid den phobalbhreith náisiúnta.

D’aontaigh móramh de dhaoine idir 50-64 bliain d’aois (52%) leis an áiteamh gur cheart go gcloisfí níos mó Gaeilge i dTeach Laighean.

B’ionann an scéal a bhí ag móramh d’fheirmeoirí, daoine as Baile Átha Cliath, daoine as Connachta/Ulaidh agus daoine atá ina gcónaí faoin tuath.

Ba iad muintir Chúige Mumhan (29%) is mó a thug le fios nár cheart do pholaiteoirí Theach Laighean an Ghaeilge a úsáid níos minice.

An uair dheireanach a ndearnadh taighde faoi úsáid na Gaeilge i measc bhaill an Oireachtais, thug Oifig na nDíospóireachtaí i dTithe an Oireachtais le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh níos lú ná 1% de na díospóireachtaí sa Dáil agus sa Seanad in 2003 trí Ghaeilge.

D’fhág an méid sin “gur geall le hinstitiúid aonteangach Béarla iad Tithe an Oireachtais”, a dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin.

Deineadh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown idir an 8 agus an 20 Deireadh Fómhair agus cuireadh 1,024 agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe i 64 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. 

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 15+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Foilseofar tuilleadh torthaí ó phobalbhreith Tuairisc.ie/KANTAR-Millward Brown sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar 'Ba chóir do pholaiteoirí tuilleadh Gaeilge a labhairt i dTithe an Oireachtais, a deir nach mór leath den phobal'

  • Aodhan. waste services

    Ba choir duinn uilig nios mo gaeilge a labhairt ach bionn faitios orainn an tam ar fad. Sileann cuid mhaith den phobail go bhfuil cuma intleachtuil no ardnosach ar daoine ag labhairt garilge go poibli. Syndrome iar coileaneach

  • Pól Ó Codlata

    Aontaím go h-iomlán le Aodhán – taobh amuigh den Ghaeltacht, is dócha nach mbíonn Gaeilgeoirí ar a shuaimhneas go mbeadh an teanga ag a gcomhluadar, mar sin, caithfear an t-athbheochán a chur ar bhunús comhphobal, cosúil le h-iarrachtaí Gaillimh le Gaeilge agus muintir Cluain Dealgan. Maidir leis na bpolaiteoirí, bhí tuairisc le déanaí go raibh triúr Teachtaí baininscneach ag foghlaim na Gaeilge, agus mar sin, is iad iarrachtaí deonach a dhéanfaidh difríocht sa Dáil, in ionad iachall a chuir orthu “céadatán Gaeilge” a hárdú go hoifigiúil.

  • Tash

    Dá mbeadh seirbhís aistriúchán beo sa Dáíl, mar atá i bParlaimint na hEorpa, bheadh dóibh siúd a bhfuil Gaelainn acu níos compordaí í a úsáíd ann. Níl fiú é Gaelainn a labhairt sa pharlaimint muna bhfuil formhór na daoine ann ábalta tú a thuigsint.
    Nílim a rá go bhfuil sé ceart, ach sin an fhíric sa chás, más olc maith leat é
    Labhrann roinnt teachtaí Gaelainn sa Dáil, má tá ábhar a baineann leis an nGaelann nó an Gaeltacht á phlé acu, ach le seirbhís aistriúchán ann bídís saor í a úsáid am ar bith agus ábhar ar bith.
    Is tír dhá theangach í seo, agus ba chóir go mbeadh córas mar sin i bhfeidhm inár bparalimint náisiúnta. Ach an mbeidh an pobal i gcoitinne sásta íoc as?