‘Ba chóir do pholaiteoirí Stormont obair le chéile chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach’ – Easpag

Dúirt Easpag nua Ráth Bhoth i nDún na nGall Alan Mac Eochagáin gur cheart an “tacaíocht chéanna” a thugtar don Gháidhlig in Albain agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag a thabhairt don Ghaeilge in Éirinn

‘Ba chóir do pholaiteoirí Stormont obair le chéile chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach’ – Easpag

Tá iarrtha ag Easpag nua Ráth Bhoth i nDún na nGall Alan Mac Eochagáin, ar pholaiteoirí Stormont teacht ar réiteach maidir le hAcht Gaeilge don Tuaisceart.

Oirníodh Mac Eochagáin i Leitir Ceanainn Dé Domhnaigh seo caite, an chéad Íosánach a ceapadh ina easpag agus cainteoir líofa Gaeilge.

Ag labhairt dó leis an nuachtán The Belfast Telegraph dúirt Mac Eochagáin gur cheart an “tacaíocht chéanna” a thugtar don Ghàidhlig  in Albain agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag a thabhairt don Ghaeilge in Éirinn.

“Tá saibhreas mór sa Ghaeilge agus ba mhaith liom polaiteoirí Stormont a fheiceáil ag obair as lámha a chéile le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach. Tá aithne agam ar Phrotastúnaigh a chuir spéis i mbunús Gaeilge na logainmneacha sna háiteanna a bhfuil siad ina gcónaí ann agus thosaigh siad ag foghlaim faoin nGaeilge.

“Ba mhaith liom lucht tacaíochta an DUP agus daoine eile a fheiceáil ag déanamh nascanna leis an nGaeilge agus gan í a fheiceáil mar bhagairt orthu,” a dúirt an t-easpag nua.

Cainteoir líofa Gaeilge é Mac Eochagáin as Contae Aontroma, a chaith seal ina eagarthóir ar an iris An Timire. Tá aithne mhór air i gceantair Ghaeltachta Thír Chonaill agus tá cuid mhór ama caite aige i Rann na Feirste go háirithe. Bhí sé ina shéiplíneach i roinnt gaelscoileanna i ndeoise an Dúin  agus Chonaire agus thug sé seal ina shéiplíneach in Ollscoil Uladh chomh maith.

Tá céim sa Ghaeilge agus MA san aistriúchán Gaeilge i measc na gcáilíochtaí acadúla éagsúla atá aige.

Rugadh é i Muileann na Cloiche i gContae Aontroma i 1953 agus ba é an duine ab óige sa chlann ag Brian agus Pauline McGuckian, nach maireann, a raibh seisear clainne ar fad orthu.

Fág freagra ar '‘Ba chóir do pholaiteoirí Stormont obair le chéile chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach’ – Easpag'