‘Ba chóir do Ghaeilgeoirí tacaíocht a thabhairt don Ultais’ — Titley

Deir Alan Titley go bhfuil traidisiún litríochta ag an Ultais agus gur cheart do chainteoirí Gaeilge tacú léi

‘Ba chóir do Ghaeilgeoirí tacaíocht a thabhairt don Ultais’ — Titley

Ba chóir “tacaíocht” a thabhairt don Ultais agus dá traidisiún litríochta, dar leis an iar-ollamh agus duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, Alan Titley. Dúirt Titley le Tuairisc.ie gur “trua nach cás leis an hAontachtóirí” an traidisiún filíochta san Albainis agus “go mb’fhéidir gur cheart do [chainteoirí Gaeilge] é sin a chasadh leo” agus tacaíocht a thabhairt don traidisiún sin.

“Tá a leithéid de rud agus Ultais ann, go fiú má tá sí bréagnaithe agus déanta casta go hoifigiúil, agus fiú mura bhfuil ann ach canúint de chuid Inglis/Scots/Lallans. Ba mhó an spéis a léirigh náisiúnaithe inti ná Aontachtóirí go ginearálta. Tá litríocht inti, mura bhfuil ann ach beagán filíochta agus cúpla aistriúchán. Is ceart dúinne tacaíocht a thabhairt dóibhsean chomh maith,” a dúirt Titley.

Dúirt sé nár cheart, áfach, tacaíocht a thabhairt don Ultais “mar mhalairt nó mar leithscéal in aghaidh na Gaeilge”, nó mar uirlis i gcoinne Acht Gaeilge ó thuaidh, nó ar son na bréagchothromaíochta”.

“Ní thagann an Ultais i gceist i ndioscúrsa na nAontachtóirí ach amháin nuair a bhíonn an Ghaeilge á plé. Nílim ach ag maíomh gurb ann di, canúint Bhéarla nó teanga, agus go bhfuil traidisiún iontach filíochta san Albainis.

Dúirt Somhairle Mac-Gill-Eain gur ceann de litríochtaí móra an domhain atá sa Bhéarla Albanach. Is é an trua nach cás leis na hAontachtóirí í, agus b’fhéidir gur cheart dúinne é sin a chasadh leo,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Tá an Ultais á lua go minic sa phlé faoi athbhunú Stormont faoi láthair agus ceist an Achta Gaeilge ina bac mór ar athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Mhol an DUP in áit Acht Gaeilge a thabhairt isteach go dtabharfaí isteach ‘Acht Cultúir’ a chuimseodh an Ghaeilge, an Ultais agus gnéithe eile de chultúr an Tuaiscirt.

Tá Sinn Féin, Conradh na Gaeilge, páirtithe eile polaitíochta agus eagraíochtaí eile teanga ag éileamh gur Acht Teanga don Ghaeilge amháin a bheadh ann.

Fág freagra ar '‘Ba chóir do Ghaeilgeoirí tacaíocht a thabhairt don Ultais’ — Titley'

  • Mánus

    Tá “gae wheen” den fhírinne sa méid sin a dúirt Somhairle Mac Gill Eain. Nach bhfuil beagán Ultais á labhairt sa Deisceart freisin.

  • Seán Mag Leannáin

    Dúirt sé nár cheart, áfach, tacaíocht a thabhairt don Ultais “mar mhalairt nó mar leithscéal in aghaidh na Gaeilge”, nó mar uirlis i gcoinne Acht Gaeilge ó thuaidh, nó ar son na bréagchothromaíochta”. Dah!