Ba chóir dhá stáisiún i nGaeltacht Dhún na nGall a athoscailt, ach ní féidir é – tuarascáil an Gharda Síochána

Deirtear i dtuarascáil a foilsíodh ag an deireadh seachtaine gur chóir stáisiúin Gardaí Mhín an Lábáin agus Ghleann Cholm Cille a athoscailt

Ba chóir dhá stáisiún i nGaeltacht Dhún na nGall a athoscailt, ach ní féidir é – tuarascáil an Gharda Síochána

Deirtear i dtuarascáil nuafhoilsithe an Gharda Síochána maidir le stáisiúin Ghardaí a dúnadh in 2012-2013 gur chóir dhá stáisiún Gaeltachta a athoscailt ach nach bhféadfaí é sin a dhéanamh toisc na stáisiún a bheith curtha de láimh ag an OPW.

Moltar sa tuarascáil a foilsíodh ag an deireadh seachtaine go n-athosclófaí stáisiún Gardaí amháin, stáisiún na Céime i mBaile Átha Cliath, ach deirtear gur chóir dhá stáisiún Gaeltachta i nDún na nGall a athoscailt chomh maith – stáisiún Mhín an Lábáin agus stáisiún Ghleann Cholm Cille.

Deirtear, áfach, gurb é ‘an donas é’ nach bhféadfaí na stáisiúin a athoscailt ó tharla gur chuir an OPW de láimh stáisiún Mhín an Lábáin agus stáisiún Ghleann Cholm Cille ó dúnadh iad.

Foilsíodh luath an tuarascáil eatramhach maidir leis an 130 stáisiún a dúnadh in 2012-2013 mar gur síleadh gurbh é leas an phobail é.

Bhain conspóid le cinneadh an Rialtais Stáisiún na Céime, atá i ndáilcheantar an Aire Iompair Shane Ross, a athoscailt agus tá sé séanta ag an Aire gur cinneadh polaitiúil a bhí ann.

 

Fág freagra ar 'Ba chóir dhá stáisiún i nGaeltacht Dhún na nGall a athoscailt, ach ní féidir é – tuarascáil an Gharda Síochána'