Ba chóir d’eagraíochtaí Gaeltachta ‘tarraingt siar le chéile’ ón bpróiseas pleanála teanga – Seanadóir

Deir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh gur cheart d’eagraíochtaí pobail teacht le chéile agus fógra a thabhairt nach mbeidh aon bhaint acu leis an bpróiseas pleanála teanga nó go gcuirfear ‘maoiniú ceart’ ar fáil dóibh

Ba chóir d’eagraíochtaí Gaeltachta ‘tarraingt siar le chéile’ ón bpróiseas pleanála teanga – Seanadóir

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. RollingNews.ie

Tá molta ag an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh go n-éireodh na heagraíochtaí pobail atá ag plé le pleananna teanga sa Ghaeltacht as an bpróiseas pleanála teanga.

Mhol an Seanadóir de chuid Shinn Féin go dtiocfadh na heagraíochtaí pobail “le chéile” agus go bhfógróidís “go poiblí” nach mbeadh aon bhaint acu leis an bpróiseas nó go gcuirfí “maoiniú agus acmhainní cearta” ar fáil dóibh.

“Níltear sásta na hacmhainní atá ag teastáil a chur ar fáil agus gan na hacmhainní sin a bheith ar fáil, níl i gceist leis an bpleanáil teanga ach cur amú ama agus fuinnimh na ndaoine maithe atá ag obair ar na pleananna.

“Ba chóir do na heagraíochtaí seasamh le chéile agus tarraingt siar ón bpróiseas nó go gcuirfear deireadh leis an gcur i gcéill,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Dar leis an Seanadóir as Conamara go raibh “locht bunúsach” ar an gcóras pleanála ó thús sa tslí is gur leagadh “an t-ualach ar fad” ar an bpobal féin agus gan an “tacaíocht ná an maoiniú cuí acu”.

“Ní oibreoidh an córas mura mbíonn na hacmhainní atá ag teastáil ann, agus má theipeann air cuirfear an milleán ar an bpobal seachas ar an Roinn [Roinn na Gaeltachta] agus an tÚdarás [Údarás na Gaeltachta]. Tá doras éalaithe acu sin, ach níl aon doras éalaithe ag an bpobal.

“Táimse, agus tá a fhios agam go bhfuil daoine atá ag obair ar na pleananna den tuairim chéanna, in amhras faoin rud ó thús agus imní ar dhaoine go háirithe faoi cheist na n-acmhainní.

“Tuigim go maith cén fáth go mbeadh drogall ar dhaoine labhairt amach go poiblí mar tá siad ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh agus tá imní orthu go mbeadh a gceantair thíos leis amach anseo, ach creidim gurbh fhearr labhairt amach go poiblí agus go macánta agus a rá, níl sé seo ag dul ag obair go dtí go gcuirfear an maoiniú cuí ar fáil,” arsa Trevor Ó Clochartaigh.

Timpeall €100,000 in aghaidh na bliana atá luaite mar mhaoiniú le plean teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht.

Dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne níos túisce i mbliana gur €1.25 milliún a theastóidh chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn agus go mbeadh níos mó ná sin ag teastáil sna blianta ina dhiaidh sin.

€250,000 atá ceadaithe mar mhaoiniú don phleanáil teanga sa Ghaeltacht i mbliana, an tsuim chéanna atá luaite, mar shampla, ag lucht pleanála teanga Chois Fharraige mar an costas bliantúil a bhainfeadh leis an bplean atá dréachtaithe don cheantar sin a chur i bhfeidhm.

Tá eagraíochtaí roghnaithe i 23 ceantar pleanála teanga chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm de réir Acht na Gaeltachta 2012, ach níl aon phlean teanga aontaithe fós le Roinn na Gaeltachta.

Tuigtear go bhfuil eagraíochtaí teanga ar fud na Gaeltachta den tuairim nach leor na hacmhainní atá luaite leis an bpleanáil teanga chun a bpleananna a chur i gcrích.

I dtuairisc a d’ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta, deirtear go gcaithfear a chur ar a súile do phobal na Gaeltachta “nach i bhfolús” atá pleananna teanga á n-ullmhú agus á gcur i bhfeidhm, agus moltar go ndéanfaí “soiléiriú” ar “líon agus cineál na n-acmhainní a bheidh ar fáil” chun “feidhm éifeachtach a thabhairt do phleananna teanga na limistéar pleanála teanga”.

Ba ghá freisin, a deirtear, soiléiriú a thabhairt do na ceanneagraíochtaí pobail a bhfuil cúram na pleanála teanga orthu maidir “leis an leibhéal agus an cineál tacaíochta a bheidh ar fáil dóibh ón státchóras agus feidhm á tabhairt do na pleananna”.

Tá trí phlean teanga curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo – plean Ghaoth Dobhair agus na Rossa, plean Chois Fharraige agus Plean Chloich Chionnaola – agus níl aon phlean faofa fós ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Is in Acht na Gaeltachta (2012) a leagadh an cúram ar Údarás na Gaeltachta an córas pleanála teanga a stiúradh.

Faoin gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm, roghnaíonn Údarás na Gaeltachta eagraíocht chun plean teanga a ullmhú do gach limistéar pleanála teanga. Nuair atá na pleananna sin aontaithe leis an Údarás, cuirtear faoi bhráid na Roinne Gaeltachta iad chun go ndéanfadh an tAire iad a fhaomhadh.

Fág freagra ar 'Ba chóir d’eagraíochtaí Gaeltachta ‘tarraingt siar le chéile’ ón bpróiseas pleanála teanga – Seanadóir'

  • Mánus

    Maidir le €250,000 a bheith ar fáil insíonn an méid sin fhéin nach bhfuil rialtas seo FFFG ar son na Gaeilge ar aon bhealach.
    Ach níos measa ná sin tá an próiséas pleanála teanga seo ar fad bunaithe ar choincheap atá go hiomlán as dáta i.e. “An Ghaeltacht”. Nár dhiúltaigh sciar mhaith des na bunscoileanna “Gaeltachta” sa Ghaeltacht Oifigiúil clárú mar scoileanna “Gaeltachta” mi ó shoin.