Ba cheart Gaeltacht Chonamara a bhrandáil do thurasóirí mar ‘An Cósta Gaelach’ – plean teanga

Deirtear i bplean teanga nua Chois Fharraige go gcuirfeadh an branda ‘An Cósta Gaelach’ le cáil an cheantair ‘mar réigiún Gaelach faoi leith’

Ba cheart Gaeltacht Chonamara a bhrandáil do thurasóirí mar ‘An Cósta Gaelach’ – plean teanga

Ba cheart Gaeltacht Chonamara agus ceantar Chois Fharraige a chur chun cinn i margadh na turasóireachta mar ‘An Cósta Gaelach’.

Moltar sa phlean teanga nua do Chois Fharraige, a foilsíodh inné, go ndéanfaí brandáil ar leith ar an gceantar Gaeltachta chun turasóirí a mhealladh.

Deir údair an phlean nua nach bhfuil tagairt don Ghaeltacht in ábhar poiblíochta Fáilte Éireann do Bhealach an Atlantaigh Fhiáin, gur “beag aitheantas” a thugtar i margaíocht na turasóireachta don Ghaeltacht agus gur “minic nach n-úsáidtear na logainmneacha cearta agus dúchasacha”.

Cé go ndeirtear sa phlean teanga go bhféadfadh go bhfuil idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an turasóireacht do chás na teanga sa Ghaeltacht, maítear go mbeadh buntáiste ag baint le margaíocht a dhéanamh ar an nGaeltacht mar áit faoi leith “a bhfuil luach breise turasóireachta aici”.

“Is gá aitheantas a thabhairt don Ghaeltacht mar áit éagsúil le féiniúlacht dá cuid féin. Is cuid de Bhealach an Atlantaigh Fhiáin é Cois Fharraige agus Gaeltacht Chonamara. Ba mhaith an rud é dá mbeadh rannóg ann dar teideal ‘An Cósta Gaelach’.

“Bheadh buntáiste ag baint le margaíocht a dhéanamh ar an nGaeltacht mar áit faoi leith a bhfuil luach breise turasóireachta aici. Bheadh go leor deiseanna ag baint leis an smaoineamh seo.”

Deirtear go gcuirfeadh branda ‘An Cósta Gaelach’ “le cáil an cheantair mar réigiún Gaelach faoi leith” agus go gcothódh a leithéid deiseanna fostaíochta do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Fág freagra ar 'Ba cheart Gaeltacht Chonamara a bhrandáil do thurasóirí mar ‘An Cósta Gaelach’ – plean teanga'

  • Pól Ó Braoin

    Tuige nach bhfuil tagairt don Ghaeltacht in ábhar poiblíochta Fáilte Éireann do Bhealach an Atlantaigh Fhiáin?
    Ma fhaigheann muid freagra macánta ionraic ar an gceist sin, cuirfidh muid tús ceart lenár gcuid fadhbanna Gaeilge sa tír seo a réiteach.
    B’shin an chaoi a bhfeictear domsa é ar aon chaoi.

  • Colin Ryan

    ‘Brandáil’ go deimhin. Tá an teanga ag meath chomh tiubh sin sa taobh tíre úd gur gearr gur ceart ‘an cósta a bhí Gaelach tráth’ a thabhairt air – leithéid gach cósta eile in Éirinn.