‘Ba cheart d’eagraíocht Ioslamach urraíocht a chur ar fáil do dhuais de chuid Ghlór na nGael’ — an tIomám Ó Nuanáin

Dúirt an tIomám Ó Nuanáin gur cheart do phobail Ioslamacha in Éirinn iarrachtaí a dhéanamh páirt a ghlacadh i gcláir a chuireann an Ghaeilge chun cinn

‘Ba cheart d’eagraíocht Ioslamach urraíocht a chur ar fáil do dhuais de chuid Ghlór na nGael’ — an tIomám Ó Nuanáin

Tá sé ráite ag an Iomám Ibrahim Ó Nuanáin, ceannaire phobal Ioslam i nGaillimh, gur cheart d’eagraíochtaí Ioslamacha urraíocht a thabhairt do dhuais de chuid Ghlór na nGael a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn i measc a bpobail féin.

D’fhógair Glór na nGael le déanaí go mbeidh duais nua á bronnadh ag Gradaim Ghlór na nGael an bhliain seo chugainn ar an gcoiste is fearr a dhéanann obair ar son na spioradáltachta agus na Críostaíochta — Duais an Timire.

Is í an iris An Timire, an iris Ghaeilge is sine in Éirinn, atá ag déanamh urraíochta ar an duais spioradáltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an tIomám Ó Nuanáin, atá i mbun iarrachtaí faoi láthair aistritheoir a aimsiú leis an gCórán, leabhar naofa Ioslam, a chur i nGaeilge, gur cheart do phobail Ioslamacha in Éirinn iarrachtaí a dhéanamh páirt a ghlacadh i gcláir a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Dúirt sé gur cheart do scoileanna na hÉireann daltaí Moslamacha a “spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim” agus páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. 

Tá iarrachtaí “leanúnacha” ar bun ag pobal Ioslamach na Gaillimhe Gaeilge a chur ar an gCórán. Thug an tIomám Ó Nuanáin le fios do Tuairisc.ie go bhfuil leabhar eile Ioslamach aistrithe go Gaeilge cheana féin agus go bhfuil athbhreithniú anois á dhéanamh ar an aistriúchán sin.

Dúirt sé go bhfuil sé i gceist an t-aistritheoir céanna a úsáid má bhíonn caighdeán an aistriúcháin ar an leabhar eile seo “sásúil”.

Aistríodh sleachta as an gCórán beagnach 30 bliain ó shin i nGaillimh ach níor críochnaíodh an leabhar iomlán go fóill.

Bhí deacrachtaí ag Ó Nuanáin teacht ar dhuine a raibh caighdeán ard Gaeilge aige agus eolas maith ar an Araibis chomh maith.

Dúirt Ó Nuanáin  le Tuairisc.ie, i mí Eanáir, go bhfuil gasúir agus déagóirí anois i measc an phobail Ioslamaigh sa chathair a tógadh le Gaeilge nó a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus go rabhthas ag súil go mbeadh na daoine óga sin in ann cúnamh a thabhairt leis an tiontú, ach nach raibh a gcuid Araibise “sách maith” le tabhairt faoin obair go fóill.

““Tá na fadhbanna seo uilig againn. Is dóigh go dtiocfaidh an té, i bhfad amach romhainn, a mbeidh scoth na hAraibise agus na Gaeilge aige ó dhúchas, ach is togra fadtéarmach é sin. Dá gcuirfí an bunleagan i mBéarla ar dtús, is cinnte go gcaillfí cuid den urlabhairt. Tá an Ghaeilge agus an Araibis an-chosúil lena chéile ó thaobh struchtúir de agus b’fhearr i bhfad é a thiontú díreach ón mbunleagan go Gaeilge,” a dúirt sé.

Tá tacaíocht tugtha ag Foras na Gaeilge do chur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail Ioslamaigh cheana féin. D’fhógair an Foras agus Lárionad Cultúrtha Ioslamach Éireann 15 bliain ó shin go mbeidís ag obair as lámha a chéile chun an Córán a aistriú ón Araibis go Gaeilge.

Dúirt an Dochtúir Ali Selim, ón Lárionad Cultúrtha, le Tuairisc.ie gur cuireadh deireadh leis an togra go gairid ina dhiaidh sin nuair a tháinig sé chun solais nach raibh aistritheoir ar bith ann a d’fhéadfadh an obair a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Ba cheart d’eagraíocht Ioslamach urraíocht a chur ar fáil do dhuais de chuid Ghlór na nGael’ — an tIomám Ó Nuanáin'