Atomic Blond – Carachtar mealltach ag triall ar cheann scríbe an-phatuar

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Tugtar sin go ceann scríbe foréigneach seanchaite in Atomic Blonde, ach seans go gcífimid an carachtar seo arís agus ní haon díobháil é sin

Atomic Blond – Carachtar mealltach ag triall ar cheann scríbe an-phatuar

Atomic Blond
Stiúrthóir: David Leitch
Cliar: Charlize Theron, James McAvoy, John Goodman, Toby Jones, Sofia Boutella, James Faulkner.

Ba chortha agus ba shuaite an chathair í Beirlín i Samhain na bliana 1989. An córas cumannach sna croití deireanacha agus fios ag madraí an cathrach nárbh fhada go mbeadh an falla cáiliúil ina smionagar. Is iontach an cúlra agus tréimhse é sin do scéinséir. Go deimhin d’éirigh le scríbhneoirí cosúil le John le Carré, Tom Clancy agus a lán eile nach iad a lán adhmaid a bhaint as an gCogadh Fuar trí chéile. Rúisigh, Gearmánaigh, Sasanaigh, Francaigh, agus Meiriceánaigh ag comhghuaillíocht agus in adharca a chéile ar chúla téarmaí. Faoi 1989 bhíothas ar reachtaibh mórathruithe.

Is as an gcomhthéacs sin a eascraíonn gníomhaire de chuid MI6 (Lorraine Brougthon). Ar shlí níl aon oidhre uirthi ach leagan baineann do James Bond, cé nach bhfuil na carúil ag teacht chomh tiubh, tapaidh céanna. Ar shlí eile tá sí chomh beagfhoclach agus foréigneach le Jason Bourne. Is cinnte gur carachtar ar leith í seo.

Tugann sí taispeántas ábalta uaithi, sna babhtaí comhraic ach go háirithe. Ní chuirtear fiacail iontu agus tá cóiréagrafaíocht iontach déanta orthu. Meabhraíonn siad an chuid is fearr de Bourne duit. Tá an radharc ina bhfuil sí ag comhrac le buíon ón KGB ar an radharc troda is snasta atá feicthe agam le tamall.

Bua eile atá ag an scannán ná an cliar cumasach, cuidsúlach atá earcaithe; James McAvoy mar an comhghleacaí nach féidir a thrust, agus Sofia Boutella mar an céile comhraic gur féidir a thrust. Lena gcois siúd tá John Goodman agus Toby Jones mar na basanna atá ag ceistiú agus ag cáineadh.

I dtosach an scannáin cítear gníomhaire de chuid an MI6 á mharú i mBeirlín tuairim is seachtain sular thit an falla. Laethanta ina dhiaidh sin címid Lorraine ag éirí amach as folcadán lán le leac oighir agus í féin gearrtha brúite. Téann sí ar ais go Londain le míniú a thabhairt ar fhothragadh na seachtaine. Is i bhfoirm iardhearcaidh a inseofar an scéal. 

Ordaíodh do Lorraine dul chun na cathrach leis an dúnmharú a fhiosrú agus teacht ar liosta  íogair, luachmhar de ghníomhairí rúnda. Luaitear gníomhaire an dá thaobh léi, seanchiúta agus meirg air má bhí a leithéid riamh ann.

Tosaíonn an t-aicsean agus eachtraíocht nuair a shroicheann sí Beirlín. N’fheadar Dia ná duine an mó cor agus casadh a chuirimid dínn i gcaitheamh an scannáin. Ní fhéadfainn tóin ná ceann a dhéanamh do chúrsaí ar uairibh. Tá an scannán bunaithe ar an úrscéal grafach, The Coldest City, agus sin is cúis leis an luas lasrach agus an castróvaics ar fad.

Déantar Beirlín na tréimhse a chruthú go paiteanta. An ghruaim, an chorraíl, an t-uisce fé thalamh, na cairteacha agus an ceol (bhaineas súp as Blue Monday agus Under Pressure). Ba mhór an trua nár baineadh níos mós sochair as an láthair iontach a bhí cruthaithe.

Tugtar sin go ceann scríbe foréigneach atá an-phatuar, seanchaite. Ina dhiaidh sin féin tá an-seans go gcífimid an carachtar seo arís. Ní haon díobháil é sin.

Fág freagra ar 'Atomic Blond – Carachtar mealltach ag triall ar cheann scríbe an-phatuar'