Atmaisféar tuarúil agus drámatúil ar Prime Time

Ceann de na rudaí ba thruamhéalaí faoin gclár ná an éachtaint a thugtar ar leochaileacht intinne Elaine O’ Hara agus an tslí gur éirigh le Dwyer sochar a bhaint aisti

rte-prime-time-new-look-logo-630x354

Ó fógraíodh Dé hAoine seo caite go raibh Graham Dwyer ciontach as dúnmhárú Elaine O’Hara níl faic le cloisint, le léamh ná le feiscint ar na meáin ach sonraí agus tuairimí faoin gcás dúnmharaithe, faoi BDSM agus faoi mheabhairghalar.

Tá an cás seo tar éis guailleáil isteach i scioból samhlaíochta na muintire sa tslí chéanna is a dhein cásanna Brian Murphy, John ‘Frog Ward agus Joe O’Reilly. Sa chás seo b’iad na sonraí gáirsiúla, staid intinne an íobartaigh agus saol compordach, meánaicmeach an dúnmharfóra na comharthaí sóirt a mheall an pobal.

Ní nach ionadh, mar sin, gur thosaigh na meáin ar fad ag rith le brothall ar an Aoine.

Ba léir go raibh meitheal Prime Time á bprapáil féin le tamall mar go raibh clár snasta acu (RTÉ 1, aréir) inar tugadh cuntas ar an gcás ó thús agus inar labhraíodh leis na pearsana a bhí lárnach ann: an tríur cairde a d’aimsigh nithe tábhachtacha sa taiscumar, comhghleacaithe oibre Elaine, na Gardaí críochnúla a dhein na nithe ar fad a chniotáil le chéile agus a thuilleadh nach iad.

Cruthaíodh atmaisféar tuarúil agus drámatúil ag tús an chláir le graificí de théacsanna gutháin agus seatanna aeir de láithreacha ábhartha.

Léiríodh na comhtharlúintí dochreidte a chabhraigh leis na Gardaí teacht ar Dwyer, an tslí gur thángthas ar fhianaise thábhachtach sa taischumar agus go bhfuarthas corp Elaine cúpla lá ina dhiaidh sin ach go háirithe. Ceann de na rudaí ba thruamhéalaí faoin gclár ná an éachtaint a thugtar ar leochaileacht agus drochstaid intinne Elaine O’ Hara agus an tslí gur éirigh le Dwyer sochar a bhaint aisti. Ina theannta sin ar fad rinneadh cíoradh ar an teicneolaíocht a úsáideadh le Dwyer a chúiseamh agus a chiontú.

Ag tarraingt i dtreo dheireadh an chláir deineadh athchruthú corraitheach ar aistear deireanach Elaine agus í ag siúl trí Pháirc Sheangánaí le bualadh lena dúnmharfóir. Seo an íomhá agus an chuimhne a fhanfaidh liomsa.

Ar RTÉ 2 timpeall an ama céanna (Euro 2016 Qualifier, aréir) bhí buachaillí na hÉireann ag iarraidh an svae a thabhairt leo i gcoinne na bPolannach. Ba dheas an rud é an Staid Aviva a fheiscint dubh le daoine. “An rud is annmh is iontach,” a deir lucht an tsearbhais, agus seans gurb iad Polannaigh na hÉireann a líon amach é.

Is i dtriúracht na cabaireachta (Dunphy, Giles agus Brady) is mó a bhíonn dúil agam féin agus é mar sprioc agam anois lántaitneamh a bhaint astu sara dtiocfaidh scaipeadh na mionéan orthu faoi mar atá tagtha ar McGurk agus a chomhghleacaithe siúd.

Tá Bill imithe cheana féin agus taibhsítear dom go bhfuil an triúr eile ag cur díobh ó bhíodh treabhsar gearra á chaitheamh ag Moses. B’ábhar díomá dom go rabhadar dóchasach go maith ag an tús agus ag leath ama. Caithfidh mé a admháil go mbíonn cuid díom ag súil go gcaillfidh Éire ar mhaithe leis an seó bóthair.

Buíochas le Dia, d’éirigh eatarthu tar éis an chláir faoi Wes Hoolahan agus fiúntas an taispeántais. Meabhraíodh dom arís go bhfuil Brady ar dhuine den na daoine is ciotrúnta a shuigh riamh i stiúideo spóirt.

Bíodh sin mar atá, bain taitneamh as triúracht na cabaireachta; aireoimid uainn iad nuair a bheidh siad imithe.

Fág freagra ar 'Atmaisféar tuarúil agus drámatúil ar Prime Time'

  • Eoin P.

    ‘Tá an cás seo tar éis guailleáil isteach i scioból samhlaíochta na muintire sa tslí chéanna is a dhein cásanna Brian Murphy, John ‘Frog Ward agus Joe O’Reilly.’

    I bhfírinne tá an cás seo agus an dúnmharú brúidiúil a dhein Dwyer tar éis spás i bhfad níos mó a aimsiú ná na cásanna sin ar fad curtha le chéile agus tuilleadh le cois. Suim chraosach ag an bpobal léamh faoi dhaoine olca agus a ngníomhartha danartha ainneoin daoien a bheith ag iarraidh na meáin a lochtú.