Atlas Teangeolaíochta don Ghaeilge á chur le chéile

Tá atlas nua-aimseartha teangeolaíochta á chruthú ag Kevin Scannell don Ghaeilge. Bunaithe ar an Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects a d’fhoilsigh Heinrich Wagner leathchéad bliain ó shin.

 

Agus gan fiú seachtain caite ó seoladh Gmail as Gaeilge , tá sé tugtha le fios ag ceannródaí an togra úd go bhfuil tionscnamh nua curtha ar bun aige.

Tá sé i gceist ag Kevin Scannell, Ollamh leis an ríomheolaíocht in Ollscoil Mhissouri, atlas teangeolaíochta a thabharfaidh léargas dúinn ar úsáid na teanga sa lá atá inniu ann – mar a úsáidtear ar an Idirlíon agus ar na meáin shóisialta í go háirithe – a chur i dtoll a chéile agus a chur ar fáil ar líne.

Is é an t-atlas a d’fhoilsigh Heinrich Wagner, ina cheithre imleabhar, idir na blianta 1958 agus 1969, a spreag an togra nua seo.

Chomh maith leis sin, bhí an obair atá déanta ag Mícheál Bauer ar a shuíomh faclar.info, foclóir agus atlas teangeolaíochta Gáidhlige, mar spreagadh ag an Ollamh Scannell.

“Is é Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects ceann de na leabhair is ansa liom. Bhí sé bunaithe ar shaothar teangeolaíochta a rinne Wagner agus a chomhghleacaithe le cainteoirí dúchais Gaeilge idir 1949 agus 1956.

Tá cóip agam anseo sa bhaile, agus is iomaí oíche bhreá chiúin a chaith mé leis thar na blianta,” a scríobh Scannell ar a bhlag.

Wagner 2.0 atá baiste ag an Ollamh Scannell ar a thionscnamh, cé gur “ainmhí iomlán difriúil atá á chruthú anseo!”.

Tá tús curtha leis an togra cheana féin ag an Ollamh agus úsáid bainte aige as áiseanna éagsúla ar líne, ina measc Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge an Acadaimh Ríoga, ainm.ie, logainm.ie agus beo.ie.

Tá an corpas atá curtha le chéile ag Scannell féin thar na blianta mar bhunchloch ar an obair freisin.

Tá toradh na hoibre sin le feiceáil ar na léarscáileanna atá curtha le chéile aige ar a bhlag.

Tá úsáid focal áirithe sna canúintí éagsúla curtha i gcomparáid lena chéile go cúramach aige agus na torthaí curtha ar léarscáil Google. Fágann sé seo gur furast a aithint céard iad na háiteachaí a mbeadh fataí le feiceáil agus na háiteanna go mbeadh prátaí le feiscint!

Agus tuilleadh forbartha á dhéanamh ag Scannel ar an atlas, tá cúnamh á lorg aige ó phobal na Gaeilge ar líne.

Más mian leat páirt a ghlacadh i gcruthú an atlais, seol ríomhphost chuig kscanne@gmail.com agus luaigh d’ainm agus do bhaile dúchais ann.

Cuirfear ábhar ó bhlaganna agus ó chuntais Twitter san áireamh le linn an taighde freisin. Ní úsáidfear sonraí pearsanta éinne a ghlacann páirt sa togra ach amháin chun focail Ghaeilge a cheangal le háiteanna ar an léarscáil.

Dúirt Kevin Scannell le Tuairisc.ie go gcaithfeadh sé a bheith cúramach nach dtruailleofaí a chuid taighde le droch-Ghaeilge nó le hábhar a mbeadh botúin ann.

“Caithfidh tú a bheith cúramach i gcónaí agus botúin a aithint agus a ghlanadh, ach tá seantaithí agam air seo ó bheith ag plé leis an gcorpas agus ag scagadh na seantéacsanna ar fad. Cruthaíonn an seanlitriú fadhbanna freisin ach is féidir iad a sheachaint,” a dúirt sé.

Is ar bhonn deonach ar fad atá Kevin Scannell ag déanamh na hoibre seo, agus is ag obair leis féin den chuid is mó a bhíonn sé, cé go bhfuil cúnamh á thabhairt dó ag Mícheál J. Ó Meachair, a bhí ag obair ar GhaelMail, agus Mícheál Bauer, údar an atlais teangeolaíochta do Gháidhlig na hAlban.

Tá Scannell ag súil go léireoidh an taighde an tionchar atá ag an idirlíon ar fhorbairt agus ar fhás na teanga, chomh maith le tionchar an Chaighdeáin Oifigiúil agus an domhandaithe ar an teanga agus a canúintí.

Táthar ag súil go mbeidh fáil ar Atlas Teangeolaíoch na Gaeilge, nó Wagner 2.0, ar shuíomh nua idirlín amach anseo.