TG4 ag tarraingt siar ó bheith ag déanamh clár agus athruithe móra á mbeartú i mBaile na hAbhann

TG4 le héirí as a bheith ag déanamh clár agus an cúram sin a fhágáil faoin earnáil phríobháideach

TG4 ag tarraingt siar ó bheith ag déanamh clár agus athruithe móra á mbeartú i mBaile na hAbhann

Tá leasuithe suntasacha le déanamh ag Ardstiúrthóir nuacheaptha TG4, Alan Esslemont, ar obair na seirbhíse agus cuid mhór de na cláir a léirítear i mBaile na hAbhann faoi láthair le soláthar feasta ag comhlachtaí neamhspleácha seachas ag TG4 féin.

Dúirt Alan Esslemont le Tuairisc.ie aréir nach bhféadfadh sé aon eolas a thabhairt faoin “straitéis nua” atá i gceist aige go dtí an 18 Eanáir 2017. Thagair sé do phlé a bheith ar siúl aige faoi láthair le RTÉ agus le dreamanna eile faoin straitéis atá beartaithe aige agus dúirt sé go raibh “píosa le dul” sula mbeadh eolas á thabhairt aige go poiblí faoin scéal.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Ardstiúrthóir casadh le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha i lár mhí Eanáir agus meastar go mbeidh deis á tabhairt dóibh smaointe agus pleananna gnó a chur i láthair ina dhiaidh sin.

Tá tuairimíocht ann go mbeidh béim á cur ar chonarthaí ar a dtugtar ‘output deals’ ina mbíonn margadh déanta le comhlachtaí aonair faoi sholáthar substainteach clár thar thréimhse blianta.

Cé nach mbeidh eolas oifigiúil ar fáil go ceann sé seachtaine, tá sé deimhnithe ag foinsí do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag an tseirbhís teilifíse tarraingt siar cuid mhór ó bheith ag déanamh clár iad féin agus an obair sin a thairiscint ar conradh don earnáil phríobháideach teilifíse.

Tá cláir ar nós Comhrá, Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt i measc na gclár atá á léiriú ag TG4 féin i stiúideo Bhaile na hAbhann faoi láthair.

Sa bhreis air sin, tá tús curtha le comhoibriú níos dlúithe a fhorbairt idir rannóga inmheánacha TG4 féin, ina measc an rannóg coimisiúnaithe agus an rannóg ceannacháin. Leagfar ballaí idir na hoifigí sin le go mbeidh an fhoireann iontu ag obair as lámha a chéile i spás oscailte.

Tá sé molta freisin go ndéanfaí Nuacht TG4 a chraoladh ón stiúideo mór ina mbíodh cláir intí na seirbhíse á léiriú go dtí seo. Anuas air sin, d’fhéadfadh ceangal níos láidre a bheith idir an nuacht agus craoladh cúrsaí reatha TG4, an clár 7 Lá, feasta.

Murab ionann agus RTÉ, atá chun cláir do dhaoine óga a chur amach ar chonradh chuig comhlachtaí príobháideacha, meastar go leanfaidh TG4 de Cúla 4 a léiriú iad féin.

Dúirt léiritheoir neamhspleách amháin le Tuairisc.ie gur “réabhlóid” a bhí i gceist leis an gcur chuige nua seo, agus gur theastaigh sin.

“Tá imní ar go leor daoine faoi athruithe, ach beidh deiseanna ann freisin. Tá sé go maith agus cuirfidh sé borradh faoin tionscal, go háirithe i nGaeltacht Thír Chonaill agus Gaeltacht Chiarraí, áit nach bhfuil mórán obair theilifíse ar siúl iontu faoi láthair,” a dúirt sé.

I mí Dheireadh Fómhair a thosaigh Alan Esslemont i mbun oibre mar Ardstiúrthóir ar TG4, nuair a ceapadh é mar chomharba ar Phól Ó Gallchóir, a bhí i mbun na seirbhíse ar feadh 16 bliana. D’oibrigh Esslemont roimhe sin le BBC Alba, TG4, agus Telegael.

In agallamh a rinne sé le Páidí Ó Lionáird ar eagrán speisialta den chlár 7 Lá a craoladh mar chuid de chomóradh 20 bliain TG4 i dtús na Samhna, dúirt Esslemont go raibh “dhá lucht féachana” ag TG4 agus go gcaithfí iarracht a dhéanamh freastal ar an dá phobal éagsúla sin. Dúirt sé go bhfuil “croílucht féachana” ann, is iad sin an pobal a bhfuil an Ghaeilge “mar ghnáth-theanga labhartha acu”, agus go bhfuil “mórphobal féachana na tíre” ann.

Fág freagra ar 'TG4 ag tarraingt siar ó bheith ag déanamh clár agus athruithe móra á mbeartú i mBaile na hAbhann'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Beidh sé suimiui, má tá na socraithe nua béimithe ar lucht na Gaeilge cómh maith le pobal na Gaeltachta!