Athrú meoin ag teastáil ó imreoirí Ghaoth Dobhair agus athrú stíle de dhíth ar Dhún na nGall – Kevin Cassidy

Agus é ag labhairt ar Raidió na Gaeltachta inné, deir an t-iarimreoir contae go bhfuil easpa tiomantais ag cur as dá chumann féin agus rinne sé plé ar a aighneas le Jim McGuinness in 2011 chomh maith

Athrú meoin ag teastáil ó imreoirí Ghaoth Dobhair agus athrú stíle de dhíth ar Dhún na nGall – Kevin Cassidy

Tá sé ráite ag Kevin Cassidy, gur easpa díocais an chúis nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag foireann sinsir peile Ghaoth Dobhair.

Bhí an t-iarimreoir chontae ag labhairt ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné agus é fógartha aige go bhfuil sé chun éirí as an imirt lena chumann tar éis dó 18 bliain a chaitheamh i ngeansaí Ghaoth Dobhair.

Tháinig deireadh le feachtas craoibhe Ghaoth Dobhair  an deireadh seachtaine seo caite agus bhí bua bog ag curaidh na bliana seo caite, Naomh Conaill, orthu, 2-18 in aghaidh 0-11, rud a d’fhág sa tríú háit i nGrúpa D iad tar éis trí chluiche. Is é seo an dara bliain as a chéile ar theip ar Ghaoth Dobhair teacht slán ó bhabhta na ngrúpaí.

Níl Craobh Shinsir Dhún na nGall buaite anois ag Gaoth Dobhair ó 2006 agus cé go gceapann Cassidy go bhfuil imreoirí níos fearr sa chumann thar mar a bhí an t-am sin, deir sé go bhfuil meon difriúil ag imreoirí an lae inniu.

Bhí Cassidy sásta cuid den mhilleán faoin gcailliúint a chur air féin agus dúirt gur lig sé féin agus an fhoireann síos an paróiste ach, dar leis, téann fadhb an chumainn níos faide siar ná cluiche an tSathairn.

Nuair a bhí Gaoth Dobhair i mbarr a réime thart ar dheich mbliana ó shin, agus craobhacha buaite acu in 2002 agus 2006, deir Cassidy gur ghoill na cailliúintí ar an bhfoireann sin níos mó ná mar a ghoilleann ar an bhfoireann atá  faoi láthair ann.

“An fhoireann sin a bhuaigh in 2006, tá imreoirí níos fearr ann anois ná mar a bhí in 2006. Tá a fhios ag achan duine é sin. Rud amháin a bhí ag na foirne sin áfach ná uchtach agus spiorad, bhí a gcroíthe istigh sa gheansaí acu. B’fhéidir nach raibh sé sin againne le deich mbliana agus sin an fáth nach bhfuil muid dul chun tosaigh.”

Is é an t-údar díomá is mó atá ag  Cassidy ná go bhfuil sé den tuairim go bhféadfadh Gaoth Dobhair déanamh i bhfad níos fearr.

“Dúirt duine liom i ndiaidh an chluiche [ar an Satharn], as an gcúigear déag a bhí ar an bpáirc, d’imir 14 acu don chontae ag leibhéal éigin, sinsear, mionúr nó faoi 21, agus chaithfeá na ceisteanna a chur an bhfuil siad ag déanamh an jab ar an bpáirc. Mise ag imirt, agus ag amharc isteach, sílim, b’fhéidir, nach bhfuil an tiomantas ann anois. Ní locht ar na himreoirí é sin, tá an saol difriúil anois.

“D’fhás mise suas leis na himreoirí seo. Chonaic mé iad ag imirt le blianta. Tá sé acu. B’fhéidir go bhfuil sé acu don chontae, ach níl siad ábalta é a dhéanamh don chlub.  Shílfeá go mbeadh sé níos furasta é a dhéanamh don chlub ná don chontae. B’fhéidir go bhfuil barraíocht brú orthu.”

Rinneadh plé san agallamh chomh maith ar an eachtra chonspóideach a tharla idir Cassidy agus bainisteoir an chontae ag an am, Jim McGuinness, a chuir deireadh le laethanta imeartha Cassidy i ngeansaí an chontae.

Deir Cassidy nach bhfuil aiféala gur thug sé agallamh don leabhar cé gur chaill sé an deis Bonn uile-Éireann a bhuachan.

“Tar éis an chruinnithe sin le Jim sa Clanree, nuair a dúirt sé liom go raibh mé imithe den phainéal, b’in é, bhog mise ar aghaidh.    a fhios agam gur ghortaigh sé sin cuid mhór daoine thart ar an pharóiste seo; bhí siad ag caint liom faoi.  Mo theaghlach féin, chuir sé isteach go mór orthu. B’fhéidir go bhfuil sé doiligh a chreidiúint, ach níor chuir sé isteach orm go pearsanta mar sin an cineál duine mé.”

Ag an am, níor cheap Cassidy go raibh mórán as alt déanta aige tar éis dó plé a dhéanamh ar mhodhanna traenála Dhún na nGall sa leabhar This is Our Year le Declan Bogue.

“Níor shíl mé féin go ndúirt mé mórán. Damáiste ar bith déanta. Tá níos mó scríofa i leabhair i mbliana agus anuraidh ná a scríobh mise, i leabhair faoi Dhún na nGall. Sin an dóigh ar tharla sé, an dearcadh atá agamsa ar an saol ná tarlaíonn rud agus bogann tú ar aghaidh.”

D’admhaigh sé go bhféadfaí láimhsiú níos fearr a dhéanamh ar an eachtra ach nach bhfuil sé buartha faoi.

“Tharla sé i Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, agus bhí go leor ama go dtí an chéad chluiche eile,  thiocfadh linn suí síos, an painéal uile, agus deis a thabhairt domsa a mhíniú cad é a tharla.  Ach rinne Jim an cinneadh ceart dó féin mar bhuaigh siad an Chraobh ansin.”

Fág freagra ar 'Athrú meoin ag teastáil ó imreoirí Ghaoth Dobhair agus athrú stíle de dhíth ar Dhún na nGall – Kevin Cassidy'