Athrú iomlán ag teastáil ó Clermont má tá siad chun Saracens a shárú

Agus cluiche ceannais Chorn na gCuradh á imirt tráthnóna, ní bheidh foirne na hÉireann ag dul chun páirce agus beidh Saracens lán le muinín i nDún Éideann

Athrú iomlán ag teastáil ó Clermont má tá siad chun Saracens a shárú

Camille Lopez ag ceiliúradh tar éis do Clermont Cúige Laighean a shárú. INPHO/Dan Sheridan

Ó tharla nár éirigh le haon chúige ón tír seo cluiche ceannais Chorn na gCuradh atá á imirt i nDún Éideann tráthnóna, a bhaint amach, tá scíth acu ar fad an deireadh seachtaine seo. Go deimhin ó tharla gur sa gcúigiú háit a chríochnaigh na hUltaigh agus gur theip orthu na cluichí leathcheannais a bhaint amach, tá deireadh lena gcuid cluichí an séasúr seo.

Bainfidh cúigí Laighean agus na Mumhan chuile leas as an sos coicíse le faobhar a chur ar a gcuid imeartha roimh thabhairt faoi na Scarlets agus na hOspreys i mbabhtaí leathcheannais an Pro 12. Beidh tuilleadh le rá agam faoi sin faoi cheann seachtaine.

Is léir go dteastaíonn an choicís ó Phat Lam leis an deacrachtaí ollmhóra atá tagtha chun solais le cúpla seachtain anuas a shárú. Tá trí chluiche le cúl a chéile caillte acu agus ghéill siad 50 pointe i gcoinne na Muimhneach an Satharn seo caite. De bharr an líon imreoirí atá gortaithe ar Chúige Chonnacht, tá amhras ormsa gur féidir leo dóthain dul chun cinn a dhéanamh sula dtugann siad aghaidh ar Northampton i gcluiche cáilithe do Chorn na gCuradh. Beidh tuilleadh agam faoi sin freisin faoi cheann seachtaine.

Maidir le cluiche ceannais Chorn na gCuradh féin, idir foireann as Sasana agus ceann eile as an bhFrainc, is cinnte go bhfuil buntáiste ar leith ag Saracens Shasana, curaidh reatha an chomórtais. Beidh siadsan lán de mhuinín go háirithe tar éis an greadadh 26 -10 a thug siad do na Muimhnigh sa gcluiche leathcheannais a imríodh i staid Aviva i mBaile Átha Cliath.

Ní hionann an cás do Clermont, an freasúra a bheas acu. Seo é an tríú babhta acu sa gcluiche ceannais agus níor éirigh leo greim a fháil ar an gcorn fós. Ní hamháin sin, ach is cinnte go gcuirfidh an droch-cháil atá ar fhoirne ón bhFrainc agus iad ag imirt thar sáile, gan trácht ar an lagthaispeántas a chonaic muid uathu agus iad ag bualadh na Laighneach 27 -22.

Beidh gá le hathrú iomlán uathu más leo aon bhrú a chur ar fhir Londan tráthnóna.

Fág freagra ar 'Athrú iomlán ag teastáil ó Clermont má tá siad chun Saracens a shárú'