Athrú déanta ar chlár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tharraing Ard an Rátha siar as an gcomórtas sinsir. Rinneadh an cinneadh tar éis bás iarimreora de chuid an chumainn, Tomás Maguire

Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill
Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill

athrú déanta ar chlár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta atá ar siúl i mBaile Bhuirne an deireadh seachtaine seo tar éis d’Ard an Rátha tarraingt amach as an gcomórtas sinsir. Rinneadh an cinneadh tar éis bás iarimreora an chumainn, Tomás Maguire, fear a bhuaigh bonn Uile-Éireann Faoi-21 le Dún na nGall i 1987.

Bhí sé leagtha amach go n-imreodh Ard an Rátha an Rinn sa bhabhta ceathrú ceannais den chomórtas sinsir tráthnóna Dé Sathairn ach foireann eile anois a bheidh á féachaint le club Phort Láirge.

Thug lucht eagraithe an chomórtais cuireadh do thánaistí na gcomórtas áitiúil, Cill na Martra, an Daingean, Naomh Anna Leitir Móir agus Cill tSéadhna, chomh maith le foireann baile na bliana seo chugainn, Tuar Mhic Éadaigh, ach ní raibh ar chumas na bhfoirne dul chomh fada le Baile Bhuirne ar fhógra chomh gearr sin.

Beartaíodh mar sin go ndéanfaí tarraingt maidin amárach a shocróidh cé acu de chaillteoirí na réamhbhabhtaí a rachaidh ar aghaidh chuig an mbabhta ceathrú ceannais chun an Rinn a imirt. Is iad na foirne a imreoidh a chéile sa dá réamhbhabhta sin ná Maigh Cuilinn agus Bhulf Tón agus Béal an Mhuirthead atá in aghaidh Naomh Conaill.

Rachaidh ceann den dá fhoireann a chaillfidh na cluichí sin ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile chun an Rinn a imirt an tráthnóna céanna sa chluiche ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Athrú déanta ar chlár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta'