Athrú ceannais eile ar Mhaigh gCabraí, ceann de na príosúin ‘is contúirtí san Eoraip’

Tá ardstiúrthóir nua le ceapadh ar Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus ní ribín réidh a bheidh ann don té a cheapfar

Athrú ceannais eile ar Mhaigh gCabraí, ceann de na príosúin ‘is contúirtí san Eoraip’

Tá Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann, Sue McAllister, ag éirí as a post tar éis ceithre bliana. Ceapadh gur cupán nimhe é an post nuair a ceapadh í in 2012. Ba í an tríú ceannaire í i dtréimhse ocht mbliana agus cuireadh an cúram uirthi an tseirbhís a leasú, go háirithe príosún dianslándála Mhaigh gCabraí a bhí in aimhréidh.

Iarghobharnóir ar phríosúin i Sasana ab ea Sue McAllister. Bhí sí eolach ar na fadhbanna i Maigh gCabraí mar gur bhall í de choimisiún a scrúdaigh an príosún le linn géarchéime. D’eascair an scrúdú sin as conspóid faoi eachtra nuair a chuir cime lámh ina bhás féin cé go raibh sé in ainm is a bheith á fhaire ar eagla féindíobhála.

Ba é Maigh gCabraí an dúshlán ba mhó ag an Ard-Stiúrthóir. Bhí gá le roinnt athruithe i bpríosún Mhic Ghiollagáin agus san ionad coinneála d’ógánaigh agus do mhná i Hydebank i mBéal Feirste, ach ba é an príosún dianslándála an dealg nimhe. Nuair a chuaigh McAllister i mbun oibre bhí scéim iomarcaíochta bunaithe mar chuid den athnuachan. Bhí dhá chúis leis sin, cuid den fhoireann a bhain leis an seanréimeas in aimsir na dtrioblóidí a chur ar pinsean agus comhdhéanamh na foirne a chur in oiriúint don daonra trí roinnt daoine ó chúlra náisiúnach a earcú.

Dá mbeadh rath ar an bplean d’ísleofaí an bille fostaíochta agus d’athrófaí cultúr an phríosúin mar a raibh fadhbanna móra le paraimíleataigh.

Nuair a d’fhógair Sue McAllister go mbeadh sí ag imeacht i gceann dhá mhí, léirigh sí ómós don bheirt oifigeach a maraíodh le ceithre bliana anuas. Go gairid tar éis cheapachán McAllister ghéaraigh easaontóirí poblachtacha ar a bhfeachtas in aghaidh oifigigh phríosúin taobh amuigh den phríosún chomh maith. Dhúnmharaigh siad an t-oifigeach David Black i mí na Samhna 2012 agus i mbliana maraíodh oifigeach eile, Adrian Ismay.

I bhfianaise a fhíochmhaire is atá a naimhdeas d’fhoireann na bpríosún, rinne na heasaontóirí i Maigh gCabraí ceiliúradh nuair a chuala siad go raibh Adrian Ismay básaithe.

Ní hí sin an t-aon chruacheist a gcaithfidh a comharba dul i ngleic léi.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir go raibh bailchríoch curtha ar an gclár leasaithe ó Mhárta agus dá bhrí sin, gur am cuí é seo le himeacht. Má tá an clár leasaithe curtha i bhfeidhm, ní foláir nó go raibh sé an-teoranta. Tá ceann curtha leis an gclaochlú ach tá obair mhór le déanamh mar a léirigh tuairisc an chigire i mí Feabhra nuair a fuair Maigh gCabraí ceithre mharc as 10.

Bhain an tuairisc sin le hathscrúdú a rinne Príomh-Chigire Príosún na Banríona, Nick Hardwick, féachaint an raibh feabhas ar an bpríosún ó anuraidh. Ina thuairisc i mí na Samhna anuraidh, dúirt Hardwick gurb é Maigh gCabraí an príosún ba chontúirtí dá bhfaca sé riamh. Theip ar an bpríosún maidir le ‘sábháilteacht’, ‘meas’ agus ‘saothar nó gníomhaíocht fhiúntach’. Bhí géarchéim sa phríosún, dar leis an gcigire, agus na coinníollacha mar a bheidís in aimsir Dickens.

Ba bhiseach air sin ceithre mharc as 10, ach ba léiriú é chomh maith nach bhfuil an obair ach ina tús. Ní ribín réidh a bheidh ann don ardstiúrthóir nua, ach chruthaigh stair na H Bhlocanna gurb é leas an phobail ar fad é a chinntiú go mbeidh an córas príosúin sibhialta, síochánta agus an fhoireann chomh maith leis na príosúnaigh slán, sábháilte.

Fág freagra ar 'Athrú ceannais eile ar Mhaigh gCabraí, ceann de na príosúin ‘is contúirtí san Eoraip’'